>@Liam McEvoy/EIB
  • Ambroise Fayolle ceaptha chun Choiste Bainistíochta Bhanc an AE
  • Tagann sé i gcomharbacht ar Lilyana Pavlova, a d’fhóin mar Leasuachtarán de chuid an BEI ó 2019 i leith

Is mór ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a fhógairt go bhfuil Kyriacos Kakouris ceaptha chun an Choiste Bainistíochta. Tar éis do scairshealbhóirí an Bhainc – Ballstáit an AE – cinneadh a ghlacadh, ceapadh Kakouris mar an chéad Leasuachtarán de chuid an BEI arb as an gCipir dó.

Eacnamaí é Kakouris ó thaobh oiliúna de, agus d’fhóin sé ar Bhord Stiúrthóirí an BEI ar feadh beagnach 20 bliain, lena n-áirítear dhá bhliain mar Chathaoirleach ar Choiste Eitice agus Comhlíonta an Bhainc. Sular ceapadh ina Leasuachtarán de chuid an BEI é, bhí sé ag obair in Aireacht Airgeadais na Cipire mar Stiúrthóir Straitéise agus Comhordaithe agus, roimhe sin, mar Stiúrthóir um Institiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta agus Bainistíocht Airgeadais an Rialtais Láir.

“Tá mé do m’ainmniú ag an gCipir chun Bhord Stiúrthóirí an BEI ó tháinig ár dtír isteach san AE. Ó shin tá sé feicthe agam gur ionstraim ollmhór é an Banc i gcomhair cuspóirí comhchoiteanna a bhaint amach agus maoiniú a bhfuil géarghá leis a dhíriú ar an gcomhtháthú sóisialta, ar an iomaíochas agus ar an nuálaíocht,” arsa Kakouris. “Is mór an onóir dom a bheith i mo Leasuachtarán ar institiúid a thacaíonn leis an méid sin earnálacha éagsúla ar mhaithe le daoine san Eoraip agus níos faide i gcéin.”

Tagann Kakouris i gcomharbacht ar Lilyana Pavlova, a d’fhóin mar Leasuachtarán ó mhí na Samhna 2019 i leith.

“Bhí Kyriacos ar an stiúrthóir ab fhaide fónamh ag an BEI, agus is duine é a mbeidh an Coiste Bainistíochta in ann brath air in ainneoin chora casta an tsaoil anseo san Eoraip agus ar fud an domhain faoi láthair,” a dúirt Uachtarán an BEI, Werner Hoyer. “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Lilyana as an méid oibre iontach luachmhar a rinne sí le ceithre bliana anuas agus guím gach rath uirthi ina saothar amach anseo.”

“Le ceithre bliana anuas, bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chuid de Ghrúpa an BEI, ar pobal ann féin é a sheasann go dlúth le chéile, agus a bheith ag obair as lámha a chéile le comhghleacaithe agus comhpháirtithe iontach tiomanta,” arsa Pavlova.In ainneoin a neamhchinnte a bhí an saol in amanna, d’éirigh linn dúshláin phaindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin a shárú, agus lorg buan a fhágáil ar shaol na saoránach ar fud an Aontais Eorpaigh agus ní b’fhaide ó bhaile. Tá áthas orm go bhfuil an Leasuachtarán Kyriacos Kakouris le teacht i gcomharbacht orm, duine a bhfuil an-chur amach aige ar an mBanc. Guím gach rath air ina ról nua.”

Is é an Coiste Bainistíochta buanchomhlacht feidhmiúcháin coláisteach an BEI. Bíonn naonúr comhalta ar an gcoiste – an tUachtarán agus ochtar Leasuachtarán. Faoi údarás an Uachtaráin agus faoi threoir an Bhoird Stiúrthóirí, déanann sé maoirseacht ar reáchtáil an BEI ó lá go lá, ullmhaíonn cinntí do na Stiúrthóirí agus déanann cinnte de go gcuirtear na cinntí sin i bhfeidhm. Is é an Bord Gobharnóirí, atá comhdhéanta d’airí airgeadais an AE, a cheapann na comhaltaí tar éis don Bhord Stiúrthóirí iad a mholadh.

Maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta

Is é Grúpa an BEI institiúid maoinithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na ballstáit é. Tá sé comhdhéanta den Bhanc Eorpach Infheistíochta (an BEI) agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (an CEI). Cuireann sí maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí fónta a chuireann le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an comhtháthú sóisialta agus críche, an t-iomaíochas, agus an t-aistriú cóir cothrom chuig an neodracht aeráide.

Mar fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin, chuir an BEI níos mó maoiniú ná riamh ar fáil ar son an fhuinnimh ghlain d’fhonn tacú leis an infheistíocht ríthábhachtach a bhí ag teastáil le cabhrú leis an Eoraip í féin a fhuascailt ó chuing an spleáchais ar bhreoslaí iontaise iompórtáilte. Thairis sin, tá méid maoinithe nach bhfacthas riamh cheana á chur ar fáil ag Banc an AE do thionscadail slándála.

Bhí an BEI ar an gcéad banc iltaobhach forbartha le scor de thacú le breoslaí iontaise agus tá gealltanas tugtha aige tacú le luach €1 trilliún d’infheistíocht aeráide as seo go ceann 10 mbliana. Bhí breis agus leath den mhaoiniú a thug Grúpa an BEI amach ar iasacht in 2022 dírithe ar thionscadail aeráide agus inbhuanaitheachta comhshaoil, agus is i ndáil le tionscadail i réigiúin chomhtháthaithe, áit a bhfuil an t-ioncam per capita níos ísle, a síníodh beagnach leath de mhaoiniú Eorpach an BEI, rud is léiriú ar a thiomanta atá an Banc do chothrom na Féinne ó thaobh fáis de.

Is é Grúpa an BEI crann taca nuálaíochta na hEorpa. Feabhsaíonn an CEI an teacht a bhíonn ag FBManna ar fud na hEorpa ar mhaoiniú trí raon leathan idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe, amhail bainc, cuideachtaí ráthaíochta agus léasaithe, soláthraithe micreachreidmheasa agus cistí cothromais phríobháidigh. Déanann an CEI ionstraimí cothromais agus maoinithe fiachais a dhearadh agus a chur ar fáil d’fhonn cuspóirí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, agus baineann leas as uirlisí maoinithe an Aontais, amhail Clár InvestEU, le tacú le fiontraíocht, fás, nuálaíocht, taighde agus forbairt, an t-aistriú digiteach agus fostaíocht. Níos luaithe i mbliana sheol sé Tionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa, ciste uaillmhianach cistí a fhéachann lena chinntiú gur san Eoraip a fhanann ceannródaithe teicneolaíochta Eorpacha.

Is é BEI Domhanda a dhéanann plé le hoibríochtaí an BEI lasmuigh den Aontas Eorpach. Mar phríomh-chomhpháirtí de chuid Thairseach Dhomhanda an Aontais, is aidhm leis tacú le luach €100 billiún ar a laghad d’infheistíocht faoi 2028, nó aon trian de sprioc iomlán na straitéise. Tá oifigí ag BEI Domhanda ar fud na cruinne, rud a fhágann go mbíonn sé gar do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’institiúidí áitiúla agus go n-éiríonn leis comhpháirtíochtaí láidre ‘Foireann na hEorpa’ a chothú le hinstitiúidí maoinithe forbartha.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi ról agus gníomhaíochtaí Ghrúpa an BEI, féach anseo.