>@Eduardo Parra/Europa Press via Getty Images
© Eduardo Parra/Europa Press via Getty Images
  • Comhaontú polaitiúil déanta ag Airí Airgeadais an AE ar imeall an chruinnithe de Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ecofin) sa Bhruiséil
  • Cuirfidh Bord Stiúrthóirí agus Bord Gobharnóirí an BEI tús anois leis an nós imeachta foirmiúil leis an iarrthóir a cheapadh le fónamh mar Uachtarán an BEI go ceann téarma sé bliana 

Chomhaontaigh Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh inniu tacú le hiarraidh Nadia Calviño ar uachtaránacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an BEI). Bhí na hairí i mbun plé ina gcáil mar Ghobharnóirí an BEI ar imeall an chruinnithe de Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an AE a bhí ar siúl inniu sa Bhruiséil.

Rinneadh an cinneadh tar éis dul i ndáil chomhairle le scairshealbhóirí an Bhainc, beart oibre a bhí faoi stiúir Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge, Vincent Van Peteghem, atá ina chathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí an BEI faoi láthair.

“Uirlis thábhachtach é an BEI le spriocanna beartais an AE a bhaint amach, taobh istigh dár nAontas agus taobh amuigh de araon,” arsa Van Peteghem. “Táimid lánchinnte go bhfuil na cáilíochtaí go léir ag Nadia Calviño a mbeidh ag teastáil uaithi leis an mbanc iltaobhach is mó dá bhfuil ann a bhainistiú, le maoiniú a bhfuil géarghá leis a dhíriú ar ghnólachtaí, agus le tacú le hinfheistíochtaí d’fhonn borradh a chur faoi iomaíochas agus fás inbhuanaithe na hEorpa.”

Is í Nadia Calviño Céad-Leas-Uachtarán Rialtas na Spáinne agus an tAire Geilleagair, Trádála agus Fiontair, agus thiocfadh sí i gcomharbacht ar Werner Hoyer, a bhfuil deireadh le teacht lena dara téarma i gceannas ar bhanc an AE an 31 Nollaig 2023. Is eacnamaí í Calviño ó thaobh gairme de agus d’fhóin sí idir 2014 agus 2018 mar Ard-Stiúrthóir an Bhuiséid ag an gCoimisiún Eorpach.

“Mar eite airgeadais an AE, is institiúid thar a bheith tábhachtach é an BEI do gheilleagar na hEorpa. Beidh ról níos tábhachtaí fós aige amach anseo maidir leis an aistriú glas a mhaoiniú, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’atógáil na hÚcráine, agus tacú le ról na hEorpa ar fud an domhain,” a dúirt Calviño. “Is mór an onóir dom go bhfuil muinín ag na hAirí asam agus go bhfuil siad ag tacú le m’iarraidh le bheith i gceannas ar Ghrúpa an BEI.” 

Faoi cheannaireacht an Dr. Hoyer ó 2012 i leith, bhí an BEI ar an gcéad bhanc iltaobhach a chuir deireadh le tacaíocht do bhreoslaí iontaise neamhlaghdaithe agus a d’ardaigh an méid iasachtaithe a chuireann sé ar fáil d’infheistíochtaí san fhuinneamh glan agus sa tslándáil san Eoraip go leibhéil nach bhfacthas riamh cheana, rud ar thuill sé an teideal ‘banc aeráide an Aontais Eorpaigh’ dá bharr. Bhí an Dr. Hoyer ar thús cadhnaíochta i dtionscnaimh amhail maoiniú vacsaíní in aghaidh Covid agus póilió, cabhrú le gnólachtaí Eorpacha teacht slán as an ngéarchéim airgeadais agus shóisialta in 2008, paindéim COVID, agus cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Rinne Hoyer cinnte de freisin nach raibh banc an Aontais Eorpaigh thíos leis an mBreatimeacht agus ba é a threoraigh an méadú caipitil ba mhó i stair an Bhainc. Toisc gur aithníodh gur dúshláin dhomhanda iad formhór na ndúshlán na laethanta seo, chuir an BEI BEI Domhanda ar bun in 2022 d’fhonn tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide, fás geilleagrach, nuálaíocht agus forbairt taobh amuigh den Aontas.

“Táim iontach bródúil as an méid atá bainte amach ag Grúpa an BEI agus ag an bhfoireann dhíograiseach, chumasach le blianta beaga anuas. Thar aon ní eile, táim muiníneach faoina bhfuil le teacht tar éis chinneadh an lae inniu,” a dúirt Hoyer. “Nuair a chuireann tú sa mheá go mbeidh duine i gceannas ar ár gcuid oibríochtaí ag a bhfuil an méid sin taithí ar an bpolaitíocht agus ar chúrsaí airgeadais agus atá ag Nadia Calviño, is ríléir a thiomanta atá ár scairshealbhóirí – Ballstáit an Aontais Eorpaigh – dár lorg a leathnú agus dá chinntiú go mbeidh ag banc an AE an cheannaireacht atá de dhíth air mar eite mhaoinithe an Aontais Eorpaigh tráth a bhfuil dúshláin ollmhóra roimh an Eoraip.”

Na chéad chéimeanna eile agus an sceideal

Fágann an comhaontú polaitiúil a rinneadh inniu go bhfuil an bealach réitithe do Bhord Stiúrthóirí agus Bord Gobharnóirí an BEI tús a chur leis an bpróiseas ceapacháin foirmiúil, a dhéanfar trí nós imeachta i scríbhinn. Táthar ag súil go dtabharfar vótáil Bhord Stiúrthóirí agus Bord Gobharnóirí an BEI chun críche sna seachtainí amach romhainn roimh dháta tosaithe oifigiúil an Uachtaráin nua ar an 1 Eanáir 2024.

Le tuilleadh sonraí a fháil faoi phróiseas ainmniúcháin agus ceapacháin Uachtarán an BEI, féach Airteagal 11 de Reacht an BEI agus na Rialacha Nóis Imeachta.

Eolas cúlra

Is é Grúpa an BEI institiúid maoinithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na ballstáit é. Tá sé comhdhéanta den Bhanc Eorpach Infheistíochta (an BEI) agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (an CEI). Cuirimid maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí fónta a chuireann le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an comhtháthú sóisialta agus críche, an nuálaíocht, an t-aistriú cóir cothrom chuig an neodracht aeráide, agus comhpháirtíochtaí domhanda.

Mar chomhlacht neamhbhrabúis, is féidir leis an BEI na buntáistí a bhaineann lena rátáil láidir mhargaidh, mar aon leis an maoiniú is féidir leis a fháil ar chostas íseal ar na margaí caipitil dá bharr sin, a thabhairt ar aghaidh dá chuid cliant – gnólachtaí Eorpacha, Ballstáit agus comhpháirtithe ar fud an domhain.

Tá an teideal ‘banc aeráide an Aontais Eorpaigh’ tuillte ag an BEI anois mar thoradh ar an dianobair cheannródaíoch atá déanta aige ar son na haeráide. Is é an Banc a sheol na chéad Bhannaí Glasa chomh fada siar le 2007. Bhí sé ar an gcéad banc iltaobhach forbartha le scor de thacú le breoslaí iontaise agus tá gealltanas tugtha aige faoi Threochlár an Bhainc Aeráide tacú le luach €1 trilliún d’infheistíocht aeráide faoin mbliain 2030. Bhí breis agus leath den mhaoiniú a thug Grúpa an BEI amach ar iasacht in 2022 dírithe ar thionscadail aeráide agus inbhuanaitheachta comhshaoil, agus is go tionscadail i réigiúin chomhtháthaithe a chuaigh beagnach leath de mhaoiniú an BEI san Aontas Eorpach, áit a bhfuil an t-ioncam per capita níos ísle agus a bhfuil gá níos mó le rochtain ar mhaoiniú. 

Is é Grúpa an BEI crann taca nuálaíochta na hEorpa. Feabhsaíonn an CEI an teacht a bhíonn ag FBManna ar fud na hEorpa ar mhaoiniú trí raon leathan idirghabhálaithe airgeadais, amhail bainc, cuideachtaí ráthaíochta agus léasaithe, soláthraithe micreachreidmheasa, agus cistí cothromais phríobháidigh. Déanann an CEI ionstraimí cothromais agus maoinithe fiachais a dhearadh agus a chur ar fáil, agus baineann leas as uirlisí maoinithe an Aontais, amhail Clár InvestEU, le tacú le fiontraíocht, fás, nuálaíocht, taighde agus forbairt, an t-aistriú digiteach, agus fostaíocht. Níos luaithe i mbliana sheol sé Tionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa, ciste uaillmhianach cistí a fhéachann lena chinntiú gur san Eoraip a fhanann ceannródaithe teicneolaíochta Eorpacha.

Is é BEI Domhanda a dhéanann plé le hoibríochtaí an BEI lasmuigh den Aontas Eorpach. Mar phríomh-chomhpháirtí de chuid Thairseach Dhomhanda an Aontais, is aidhm le BEI Domhanda tacú le luach €100 billiún ar a laghad d’infheistíocht faoi 2028, nó i bhfocail eile, aon trian de sprioc iomlán na Tairsí Domhanda. Tá oifigí ag BEI Domhanda ar fud na cruinne, rud a fhágann go mbíonn sé gar do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’institiúidí áitiúla agus go n-éiríonn leis comhpháirtíochtaí láidre ‘Foireann na hEorpa’ a chothú leis an gCoimisiún Eorpach agus le hinstitiúidí maoinithe forbartha.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi ról agus gníomhaíochtaí Ghrúpa an BEI, féach anseo.