>@EIB
  • Measann 60% de bhardais nach leor an infheistíocht atá déanta acu sa bhonneagar don mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide le trí bliana anuas
  • Níl go leor saineolaithe a bhfuil scileanna sa mheasúnú comhshaoil agus aeráide acu i 69% de bhardais, ar fadhb thromchúiseach é sin má táthar chun cláir áitiúla infheistíochta a chur chun feidhme
  • Deir 80% de bhardais gurb iad easpa maoinithe, fad na bpróiseas rialála agus éiginnteacht faoi rialacháin na constaicí roimh an infheistíocht

Tá na torthaí a fuarthas i Suirbhé Bardas 2022 eisithe ag an mBanc Eorpach Infheistíochta. Tá 744 bardas ar fud an Aontais Eorpaigh clúdaithe sa suirbhé cuimsitheach seo ina dtugtar léargas faoi leith ar infheistíochtaí atá déanta agus atá beartaithe agus ar na dúshláin agus an dul chun cinn atá roimh na bardais agus iad ag tabhairt faoin aistriú digiteach agus faoin aistriú glas. Tá tábhacht thar na bearta ag baint le torthaí an tsuirbhé ós rud é go mbaineann na bardais le chóir a bheith leathchuid den infheistíocht phoiblí san Aontas Eorpach.

Príomhthorthaí ó Shuirbhé Bardas 2022:

1.     Bearnaí san Infheistíocht agus Dúshláin: Tá bardais fós á gcur ó infheistíochtaí riachtanacha a phleanáil mar gheall ar easpa maoinithe agus próisis rialála atá éiginnte agus fadálach. Ar a bharr sin, nuair is feidhmiú atá i gceist, tá constaicí suntasacha ann de dheasca easpa oibrithe oilte agus scrogaill i slabhra an tsoláthair.

2.     Ganntanas Oibrithe Oilte: Léirítear sa suirbhé an tábhacht faoi leith a bhaineann leis an oiliúint riachtanach a chur ar fáil don lucht saothair reatha agus feasta. Tá deacrachtaí á dtuairisciú sna bardais saineolaithe a fháil a bhfuil scileanna comhshaoil agus aeráide acu, chomh maith le saineolas teicniúil agus innealtóireachta. Tá sé riachtanach dul i ngleic leis na dúshláin seo má táthar chun pleananna infheistíochta a chur i gcrích go sásúil.

3.     Béim ar an Aistriú Glas agus Digiteach: Tá an maolú ar an athrú aeráide, an t-oiriúnú agus an bonneagar digiteach lárnach i bpleananna infheistíochta na mbardas sna trí bliana atá romhainn. Bíodh sin mar atá, tá easpa sásaimh léirithe ag sé bhardas as deich gcinn acu leis na hinfheistíochtaí atá déanta acu roimhe seo sa mhaolú agus san oiriúnú don aeráid agus easpa sásaimh tuairiscithe ag 40% acu lena gcuid infheistíochtaí sa bhonneagar digiteach.

4.     Difríocht Réigiúnach: Tá níos mó dul chun cinn déanta ag bardais na hEorpa ar an digitiú ná mar atá déanta ar an aistriú glas. Sna réigiúin is airde ioncam, tá léirithe go bhfuil sciar níos mó de bhardais iontu atá ag infheistiú go gníomhach sa dá aistriú, ach tá dúshláin le sárú sna réigiúin níos lú forbairt chun dul chun cinn den chineál céanna a dhéanamh.

Constaicí roimh an infheistíocht bhardasach

>@EIB

Cé chomh mór is atá gach ceann acu seo ina chonstaic ó thaobh bhur ngníomhaíochtaí infheistíochta bonneagair a chur chun feidhme de? An constaic mhór nó constaic bheag atá ann, nó nach constaic ar chor ar bith atá ann? , mar chéatadán
*Bonn: Gach bardas (seachas freagraí gan fhios/a diúltaíodh)

“Mar atá léirithe i Suirbhé Bardas an BEI, tá bardais ar fud na hEorpa ag dul i ngleic le bearnaí suntasacha in infheistíocht, go háirithe sa bhonneagar chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun dul in oiriúint ar mhaithe leis an aeráid. Tá sé ríthábhachtach do lucht déanta beartas agus páirtithe leasmhara dul i ngleic leis na bearnaí seo agus tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí inbhuanaithe agus seasmhacha ionas go mbeidh an saol atá romhainn glas agus digiteach ar níos mó bealaí. Is gá dul i ngleic leis an easpa leanúnach scileanna ar fud na hEorpa, ar leibhéal na mbardas san áireamh, ionas gur féidir cláir infheistíochta réigiúnacha agus uile-Eorpacha a chur chun feidhme go sásúil,” a dúirt Debora Revoltella, Príomh-Eacnamaí an BEI.

Dúirt Leas-Uachtarán an BEI, Ricardo Mourinho Felix, gur “Rud bunúsach atá in infheistíochtaí bardasacha má táthar chun tacaíocht leanúnach a thabhairt do dhaoine agus do ghnólachtaí. Ós rud é go ndéanann bardais sciar suntasach de na hinfheistíochtaí poiblí, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh na hacmhainní riachtanacha, an saineolas agus líonraí láidre comhoibríocha iontu le feidhmiú éifeachtach a bheith ann. Agus an saol ag athrú go sciobtha, tá tábhacht níos mó ag baint leis na bardais san aistriú glas agus san aistriú digiteach. Má táthar chun cleachtais inbhuanaithe a chothú i réimsí amhail pleanáil uirbeach, éifeachtúlacht fuinnimh, bainistiú dramhaíola agus iompar, caithfear saineolas a fheabhsú ar fud na hEorpa. Tá léargas le fáil i Suirbhé Bardas an BEI maidir leis na straitéisí um oiriúnú atá ag na bardais agus tá béim ann ar na riachtanais shuntasacha ar gá tabhairt fúthu sula ndéanfar aon dul chun cinn eile.”

Gníomhaíocht an BEI sna réigiúin chomhtháthaithe

D’eisigh an BEI tuarascáil nua inniu ina ndéantar anailís ar ghníomhaíocht Ghrúpa an BEI i réigiúin chomhtháthaithe na hEorpa in 2022. Tá an tuarascáil dírithe ar an méid atá ar bun ag Grúpa an BEI i dtreo na nuála in aistriú ionchuimsitheach glas agus digiteach agus tionchar maicreacnamaíoch an aistrithe sin. Thug Grúpa an BEI €28.4 billiún do thionscadail san réigiúin chomhtháthaithe in 2022. Tacaíocht don nuáil a bhí in 25% den iasachtú ar fad a rinne an BEI in 2022, agus €4.6 billiún (34%) de sin sna réigiúin chomhtháthaithe. Tá níos mó infheistíochtaí glasa á ndéanamh: mar a bhí i gceist in 2021, bhí sciar na n-infheistíochtaí glasa arna maoiniú ag an BEI ní b’airde san iasachtú comhtháthaithe ná iasachtú iomlán AEClaonadh an BEI i dtreo an chomhtháthaithe trínar tugadh gealltanas go dtiocfadh méadú suntasach ar an sciar den iasachtú don ghníomhú aeráide agus don chomhshaol i réigiúin aistrithe agus sna réigiúin is lú forbairt.

Arsa Leas-Uachtarán de chuid an BEI Lilyana Pavlova : “Agus an comhtháthú réigiúnach thíos leis an éiginnteacht gheopholaitiúil, teacht na ndídeanaithe agus an gheit mar gheall ar chúrsaí fuinnimh, caithfear athrú ó bhonn teacht ar chathracha agus réigiúin le spriocanna aeráide an Aontais Eorpaigh a bhaint amach agus leis an deighilt dhigiteach a dhruidim. Tá an nuáil riachtanach má táimid chun dul i ngleic leis na riachtanais seo. Cuireann Grúpa an BEI réimse leathan uirlisí airgeadais agus comhairleacha ar fáil chun tacú leis na cuspóirí beartais seo a bhfuil tionchar fiúntach ag baint leo.”

Más mian leat an tuarascáil iomlán ón suirbhé agus tuilleadh eolais a léamh, níl le déanamh agat ach cliceáil  anseo.

Faisnéis chúlra

Eolas faoi Rannóg Eacnamaíochta an BEI

Cuireann Rannóg Eacnamaíochta an BEI taighde agus staidéir eacnamaíochta ar fáil, chomh maith le hanailís uathúil ar ghníomhaíochtaí infheistíochta san Aontas Eorpach agus i limistéir eile, agus tugann tacaíocht don Bhanc ina oibríochtaí agus san obair lena sheasamh, straitéis agus beartas a leagan amach. Is í an Príomheacnamaí Debora Revoltella atá i gceannas ar an Rannóg agus tá 40 eacnamaí san fhoireann.

Maidir le tacaíocht ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta don chomhtháthú

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil i gcomhair infheistiú fónta d’fhonn a chion féin a dhéanamh le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. I gcroílár oibríochtaí an BEI ó bunaíodh sa bhliain 1958 é tá maoiniú tionscadal a chuireann le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh.

Clúdaíonn iasachtú an bhainc i réimsí comhtháthaithe an speictream iomlán de ghníomhaíocht eacnamaíoch ar gá dó titim faoi cheann amháin ar a laghad de na ceithre thosaíocht atá ag an BEI: an nuáil (caipiteal digiteach agus daonna); cathracha agus réigiúin inbhuanaithe; fuinneamh inbhuanaithe agus acmhainní nádúrtha; agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus airgeadas meánchaipitlithe. Clúdaíonn réigiúin chomhtháthaithe an BEI na réigiúin is lú forbairt (OTI per capita níos lú ná 75% den mheán AE) agus réigiúin atá ag athrú (OTI per capita idir 75% agus 100% den mheán AE) mar atá leagtha amach i mapa beartais comhtháthaithe an AE.