>@EIB

Preasócáid an BEI maidir leis na Torthaí Bliantúla

  • In 2021, chuir Grúpa an BEI lena chuid gníomhaíochtaí agus chuir maoiniú €95 billiún ar fáil, an méid is airde fós. Tugadh beagnach leath de mhaoiniú an Ghrúpa, €45 billiún, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhí thíos go mór leis an bpaindéim. Tháinig €30.5 billiún den mhaoiniú iomlán ón gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) – an méid is airde fós chomh maith.
  • Ó thús phaindéim COVID-19, tá breis agus €58.7 billiún san iomlán curtha ar fáil ag Grúpa an BEI le troid in aghaidh na paindéime agus le dul i ngleic leis na hiarmhairtí eacnamaíocha atá ann mar gheall uirthi.
  • Cuireadh thart ar €27.6 billiún ar leataobh le tacú le haistriú glas gheilleagair an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, d’éirigh iasachtú ón BEI do réigiúin chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh chomh hard le €19.8 billiún, a chabhraigh le tíortha aistriú cóir cothrom chuig geilleagar glas a chinntiú.
  • Tá maoiniú breise €174.4 billiún spreagtha go dtí seo ag an gCiste Ráthaíochta Eorpach, a cruthaíodh i gcomhpháirtíocht le 22 Bhallstát den Aontas Eorpach, le tacú le gnólachtaí Eorpacha atá ag teacht chucu féin arís tar éis na paindéime.
  • D’éirigh an maoiniú ó Ghrúpa an BEI le haghaidh forbartha agus comhpháirtíochtaí taobh amuigh den Aontas Eorpach chomh hard le €8.1 billiún. Cuirfear borradh faoi shaothar an BEI i dtíortha atá i mbéal forbartha i mbliana a bhuí le bunú stiúrthóireachta nua – BEI Domhanda (EIB Global).
  • Mar chuid d’Fhoireann na hEorpa, thug an BEI tacaíocht €900 milliún do Thionscnamh COVAX, arb aidhm leis vacsaíní a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha – tá 1 bn dáileog curtha ar fáil go dtí seo
  • Werner Hoyer, Uachtarán an BEI: “Le dhá bhliain anuas, tá léirithe againn gur spriocanna lena dtugtar tacaíocht fhrithpháirteach iad an troid in aghaidh na paindéime, maoiniú an téarnaimh agus an infheistíocht sa ghníomhú ar son na haeráide.”

Le dhá bhliain anuas tá Banc an Aontais Eorpaigh ag díriú ar an troid in aghaidh ghéarchéim COVID-19 agus, ag an am céanna, ag cur leis an méid maoinithe a chuireann sé ar fáil do thionscadail ghlasa. D’oibrigh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa an BEI) i gcomhar le comhpháirtithe san Eoraip agus ar fud an domhain le maoiniú €95 billiún a chur ar fáil, an méid is airde fós agus méid is ionann agus méadú 23% ar an bhfigiúr in 2020 (€77 billiún). Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta breis agus €65 billiún d’iasachtaí ar fáil agus chuir an Ciste Eorpach Infheistíochta beagán os cionn €30 billiún de ráthaíochtaí agus de chothromas ar fáil.

Baineadh amach an leibhéal maoinithe is airde ó tháinig an BEI ar an bhfód 63 bliain ó shin mar thoradh, den chuid is mó, ar na hacmhainní breise a chuir an Ciste Ráthaíochta Eorpach (CRE) ar fáil. Ciste €24.4 billiún is ea an CRE a bunaíodh in 2020 le tacaíocht ó 22 Bhallstát den Aontas d’fhonn cabhrú le geilleagar na hEorpa (FBManna agus comhlachtaí meánchaipitlithe go háirithe) déileáil le tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19.

Léiriú é an méadú sin ar an ról tábhachtach atá glactha ag Grúpa an BEI i bhfreagairt ollmhór an Aontais Eorpaigh ar an bpaindéim. Tá iasachtaí, ráthaíochtaí agus ionstraimí maoinithe eile ó Ghrúpa an BEI tar éis cur go mór le cláir náisiúnta athléimneachta, tacú le húdaráis áitiúla agus maoiniú inacmhainne a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha araon. Tá an tacaíocht ón BEI tar éis dul chun tairbhe do na hearnálacha is mó a bhí thíos leis an bpaindéim, cúram sláinte agus gnólachtaí beaga ina measc.

Ag an am céanna, tá Grúpa an BEI ag géarú ar a infheistíochtaí ar son an aistrithe ghlais agus dhigitigh trí Threochlár an Bhainc Aeráide, 2021-2025, a chur i bhfeidhm tar éis don Bhord Stiúrthóirí é a fhaomhadh i mí na Samhna 2020. Cuireadh maoiniú €20.7 billiún, an méid is airde riamh, ar fáil don nuálaíocht, rud a mbeidh tábhacht nach beag ag baint léi ó thaobh an aistrithe de. Tá spriocanna nua glactha ag BEI i dtaca leis an iasachtú d’fhonn tacú le beartais chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, cuirfear tuilleadh airgid i dtreo tionscadail a bhfuil baint acu leis an aistriú san Eoraip agus i réigiúin bheagfhorbartha, áit a bhféadfadh an t-aistriú glas agus digiteach a bheith ní ba dheacra. 

Lasmuigh den Aontas Eorpach, lean an BEI air ag obair i gcomhar le comhpháirtithe de chuid an Aontais Eorpaigh mar chuid den iarracht “Foireann na hEorpa”. Chun tacú le beartais an Aontais Eorpaigh go domhanda, tá stiúrthóireacht nua curtha ar bun ag an BEI a bheidh dírithe ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus ar an maoiniú forbartha, is í sin BEI Domhanda. Tosóidh BEI Domhanda ag feidhmiú an mhí seo.  

Agus é ag labhairt ag preasócáid bhliantúil Ghrúpa an BEI ar an 27 Eanáir, bhí an méid seo le rá ag Werner Hoyer, Uachtarán an BEI: “Le dhá bhliain anuas, tá léirithe againn gur spriocanna lena dtugtar tacaíocht fhrithpháirteach iad an troid in aghaidh na paindéime, maoiniú an téarnaimh agus an infheistíocht sa ghníomhú ar son na haeráide. Ní thiocfaidh an domhan slán ach go mbeidh fáil ar chúram sláinte agus ar vacsaíní agus go ndéanfar cinneadh soiléir dul le samhail gheilleagrach atá bunaithe ar réitigh nuálacha atá neamhdhíobhálach don aeráid. Léiriú é an méid maoinithe a cuireadh ar fáil in 2021 ar an éacht atá déanta ag an Eoraip leis an bpaindéim a chur ar gcúl agus le téarnamh glas a chur chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tríd an stiúrthóireacht nua BEI Domhanda a chur ar bun le díriú ar ár gcuid gnó lasmuigh den Aontas Eorpach, tá rún daingean againn tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha trí na comhpháirtíochtaí domhanda atá ag an Eoraip.”

Borradh a chur faoin iasachtú sláinte ar fud an domhain

Mar chuid den fhreagairt ar COVID-19, mhéadaigh Grúpa an BEI an maoiniú d’earnáil na sláinte agus na n-eolaíochtaí beatha go dtí nach mór €5.5 billiún. Bhain ní ba mhó ná €1bn den mhéid sin le hinfheistíochtaí cothromais a rinne an CEI i gcistí sláinte agus eolaíochtaí beatha. In 2020, d’fhaomh an BEI iasacht €100 milliún do BioNTech, an comhlacht Gearmánach a d’fhorbair an chéad vacsaín in aghaidh COVID-19 i gcomhar le Pfizer. In 2021, lean an BEI air ag tacú le taighde agus táirgeadh vacsaíní, chomh maith le diagnóis agus cóireálacha COVID-19. Tá an BEI ag géarú freisin ar a ról i dtionscnamh COVAX, ar chuir comhaontas Gavi tús leis chun vacsaíní a thabhairt chuig tíortha i mbéal forbartha.

“10 lá ó shin tháinig eitleán chun talún in Kigali, príomhchathair Ruanda, chun an billiúnú dáileog vacsaíne a sheachadadh faoi COVAX, clár atá anois i 144 tír ar fud an domhain.  Tá níos mó vacsaíní á n-easpórtáil ag an Eoraip ná mar atá ag aon réigiún eile ar domhan. Agus táimid ag tacú le forbairt acmhainní táirgthe vacsaíní i réigiúin bheagfhorbartha, leis,” arsa an tUachtarán Hoyer.

Ar an iomlán, bainfidh breis agus 780 milliún duine ar fud na cruinne tairbhe as seirbhísí feabhsaithe sláinte, vacsaíní in aghaidh COVID-19 ina measc, nach mbeadh ann murach an maoiniú ón BEI. Beidh fáil ag thart ar 10 milliún duine ar uisce óil níos sábháilte agus bainfidh 3.8 milliún duine tairbhe as sláintíocht fheabhsaithe.

An maoiniú is airde riamh do ghnólachtaí beaga, agus ról lárnach ag an CEI ann

Tugadh beagnach leath de mhaoiniú Ghrúpa an BEI – €45 billiún – d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a bhí thíos go mór leis an bpaindéim. Dhírigh an BEI, banc an Aontais Eorpaigh, a chuid maoinithe orthu siúd ba mhó gá – gnólachtaí beaga sláintiúla ar chuir an ghéarchéim srian ollmhór lena ngníomhaíocht. Is trí iasachtóirí agus idirghabhálaithe airgeadais eile a leithdháileann an BEI an chuid is mó den mhaoiniú a chuireann sé ar fáil do FBManna agus tá an BEI agus an CEI tar éis cur go mór leis an gcomhar le comhpháirtithe den sórt sin le linn ghéarchéim COVID-19. Chuaigh maoiniú ó Ghrúpa an BEI chun tairbhe do bhreis is 430 000 FBM agus cuideachta mheánchaipitlithe san Eoraip agus ar fud an domhain anuraidh, agus coinníodh níos mó ná 4.5 milliún post ag imeacht mar thoradh air.

Fochuideachta de chuid an BEI a thacaíonn le gnóthais nuathionscanta ardteicneolaíochta agus le gnóthais bheaga ardteicneolaíochta ar fud na hEorpa is ea an Ciste Eorpach Infheistíochta (an CEI), a bhí ríthábhachtach san obair a rinneadh leis na leibhéil sin a bhaint amach. In 2021, mhéadaigh an CEI an méid maoinithe a bhí geallta aige beagnach faoi thrí go dtí €30.5 billiún, an leibhéal is airde fós (ó €12.9 billiún in 2020).  Déanann an CEI caipiteal fiontair agus fáis, ráthaíochtaí agus tionscnaimh mhicrea-airgeadais a dhearadh agus a fhorbairt. Trína ghníomhaíochtaí, cuireann an CEI cuspóirí an Aontais Eorpaigh chun cinn le dul i ngleic leis an athrú aeráide, chomh maith le nuálaíocht, taighde agus forbairt, fiontraíocht, fás agus fostaíocht a chothú.

Tacaíocht ríthábhachtach don ghéarchéim á cur ar fáil ag an gCiste Ráthaíochta Eorpach

Chuir Grúpa an BEI agus 22 Bhallstát an Ciste Ráthaíochta Eorpach €24.4 billiún (an CRE) ar bun ag deireadh 2020 d’fhonn cabhrú le comhlachtaí san Aontas Eorpach, FBManna go háirithe, teacht chucu féin arís tar éis na géarchéime a bhain leis an bpaindéim. Gníomhaíocht an CRE a spreag an méadú ar mhaoiniú an CEI. Chuir an CRE lena oibríochtaí go gasta i gcaitheamh 2021. Ó mhí na Nollag 2020 i leith, tá maoiniú €23.2 billiún faofa ag Grúpa an BEI agus tacaíocht ann ón gCiste Ráthaíochta Eorpach, maoiniú a rachaidh chuig 401 oibríocht aonair sna 22 tír go léir atá rannpháirteach. Táthar ag súil go spreagfaidh na hinfheistíochtaí atá déanta go dtí seo luach €174.4 billiún d’infheistíochtaí breise, leis.

Tá ag éirí go hiontach leis an CRE,” a thug an tUachtarán Hoyer le fios. “Chuaigh an ciste ó neart go neart le linn 2021. Tá leas bainte ag idirghabhálaithe airgeadais ar fud na hEorpa as ráthaíochtaí an chiste le lámh tharrthála a thabhairt go tráthúil do ghnóthais bheaga a raibh fadhbanna caipitil oibre agus leachtachta le sárú acu, nó dóibh siúd nár mhian leo a bpleananna infheistíochta a athrú.

BEI Domhanda: comhpháirtí nua d’Fhoireann na hEorpa 

Lasmuigh den Aontas Eorpach, chuir Grúpa an BEI luach €8.1 billiún de mhaoiniú ar fáil in 2021. Tá banc an AE gníomhach i níos mó ná 160 tír ar fud an domhain agus é ina phríomh-chomhpháirtí de chuid Fhoireann na hEorpa. Ó 1958 i leith, tá breis agus €1.5 trilliún infheistithe ag an BEI i níos mó ná 14,400 tionscadal taobh amuigh den AE. Tá maoiniú curtha ar fáil ag an mbanc do thionscadail san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, do ghnóthais bheaga agus do ghnólachtaí móra.

Tá cinneadh déanta anois ag an BEI a ghníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach a athchóiriú agus stiúrthóireacht a chur ar bun a bheidh dírithe ar chomhpháirtíochtaí agus ar an airgeadas forbartha ar bhonn idirnáisiúnta, rud a bheidh ag teacht leis an athchóiriú foriomlán atá á dhéanamh ar láithreacht agus tionscnaimh dhomhanda an Aontais Eorpaigh. Tabharfar BEI Domhanda ar an stiúrthóireacht sin.

Tabharfaidh BEI Domhanda na hacmhainní agus an saineolas go léir atá faighte ag an BEI lasmuigh den Aontas Eorpach le chéile faoi struchtúr soiléir bainistíochta a bheidh in ann cur le tionscadail agus tionscnaimh Fhoireann na hEorpa ar bhealach a bheidh níos láidre agus níos dírithe. Táthar chun Grúpa Comhairleach Boird a bhunú sna míonna amach romhainn a thabharfaidh cúnamh agus tacaíocht do BEI Domhanda.

I mí na Samhna, d’oscail an BEI an chéad mhol san Afraic, i Nairobi, príomhchathair na Céinia. Tá tuilleadh oifigí beartaithe, de réir mar atá an BEI ag éirí níos láidre i dtíortha i mbéal forbartha.

Is é BEI Domhanda an fhorbairt nádúrtha ar ár dtiomantas fadbhunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach. Mar thoradh ar stiúrthóireacht ar leith a chur ar bun, is fearr a bheimid in ann díriú ar thionscadail a mbeidh tionchar nach beag acu go háitiúil, cibé acu tríd an digitiú a fheabhsú, trí fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun cinn nó trí bhonneagar ardchaighdeáin a thógáil d’fhonn treisiú leis an oiriúnú don athrú aeráide. Mar chuid d’Fhoireann na hEorpa, beidh BEI Domhanda ina uirlis chun comhpháirtíochtaí níos láidre a bhunú le hinstitiúidí áitiúla agus le bainc forbartha iltaobhacha eile,” arsa an tUachtarán Hoyer.

Garspriocanna ar an mbealach go banc aeráide an AE

Ag an am céanna, tá an BEI á athrú féin ó bhonn le bheith mar bhanc aeráide an AE i gcomhréir le Treochlár Bhanc Aeráide Ghrúpa an BEI 2021-2025, a ghlac an Bord Stiúrthóirí i mí na Samhna 2020. In ainneoin ghéarchéim COVID-19, mhéadaigh an sciar d’infheistíochtaí an BEI a tugadh do thionscadail aeráide agus inbhuanaitheachta comhshaoil go dtí 43% anuraidh (ó 40% in 2020), rud a thug an BEI níos gaire don sprioc 50% atá aige.

Nuair a chuirtear oibríochtaí a úsáideann cistí an BEI féin san áireamh – gan an sainordú ón CRE lena n-éilítear go ndíreofar go sonrach ar FBManna atá thíos leis an bpaindéim – is é fírinne an scéil gur ardaíodh maoiniú aeráide an BEI go dtí 51%.

Ina theannta sin, bhain an BEI amach dhá gharsprioc atá i dTreochlár an Bhainc Aeráide. I mí Dheireadh Fómhair, díreach roimh chomhdháil COP26 i nGlaschú, d’fhaomh an Bord Stiúrthóirí Plean an BEI um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus an Creat um Ailíniú Contrapháirtithe le Comhaontú Pháras (PATH). Is i dtreo mhaolú an athraithe aeráide a théann an chuid is mó d’iasachtú aeráide an BEI faoi láthair. Sa Phlean um an Oiriúnú don Athrú Aeráide, gabhann an BEI air féin an sciar den mhaoiniú iomlán aeráide a chuirtear i leataobh don oiriúnú a mhéadú faoi thrí ó 5% go dtí 15%. I gcás PATH, tá banc an AE ag glacadh le cur chuige ina gcuirtear san áireamh na pleananna dícharbónaithe atá ag cliaint. Uirlis chumhachtach is ea PATH chun cabhrú le comhlachtaí ar astaírí suntasacha iad pleananna dícharbónaithe a ghlacadh agus a chur chun feidhme. 

“Is príomhghnéithe dár straitéis iad ár bplean um an oiriúnú don athrú aeráide agus an t-ailíniú contrapháirtithe le Páras. Ós rud é go bhfuiltear ag cur leis an maoiniú a chuirtear i dtreo an oiriúnaithe, déanaimid ár gcion féin le bonneagar níos athléimní a thógáil ar fud an domhain agus, go háirithe, sna réigiúin is mó a bhfuil gá acu leis mar gheall ar an aimsir fhoircneach a bhíonn iontu. Úsáidimid PATH le comhlachtaí a spreagadh chun dícharbónú, rud a chuirfidh dlús leis na hiarrachtaí le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó chun fáil réidh leo go hiomlán,” arsa an tUachtarán Hoyer.

Uaillmhianta nua maidir le comhtháthú

A chinntiú nach bhfágfar aon duine ar gcúl is ea bun agus barr Bhanc an AE. Caithimid an-dúthracht le tacú le cuspóirí bheartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh. Le cúig bliana anuas tá €90.8 billiún curtha ar fáil ag an BEI do thionscadail a thacaíonn leis an gcomhtháthú. In 2021 féin, cuireadh maoiniú €19.8 billiún i dtreo an chomhtháthaithe, méid is ionann agus 41% den mhaoiniú sínithe i dtíortha an AE a fhaigheann tacaíocht ó chistí an BEI féin.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, d’fhaomh an BEI creat nua chun an t-iasachtú do réigiúin chomhtháthaithe a mhéadú sa tréimhse 2021-2027. Le bheith níos sonraí faoi:

  • Faoi 2025, tá sé mar aidhm ag an BEI go mbeidh 45% den iasachtú bliantúil san Aontas Eorpach á chur ar fáil mar mhaoiniú do na réigiúin arna sainaithint ag an gCoimisiún Eorpach mar réigiúin bheagfhorbartha nó mar réigiúin atá i mbun aistrithe.
  • Faoi 2025, beidh 23% den iasachtú bliantúil san Aontas Eorpach curtha ar leataobh ag an BEI do réigiúin bheagfhorbartha (iad siúd a bhfuil a n-olltáirgeacht intíre per capita níos lú ná 75% de mheán an AE).

Beidh gníomhaíocht chomhtháthaithe an BEI sa tréimhse 2021-2027 dírithe ar 145 réigiún san Aontas Eorpach: 67 réigiún atá i bun aistrithe agus 78 réigiún beagfhorbartha.

Méid maoinithe nach bhfacthas riamh le haghaidh na nuálaíochta

Ar deireadh, ach rud tábhachtach fós féin, chuaigh €20.7 billiún le tacú leis an nuálaíocht, leis an ngeilleagar digiteach agus leis an bhforbairt dhaonna. Beidh gá le teicneolaíochtaí agus réitigh nua leis an aistriú chuig saol atá idir ghlas agus digiteach a bhaint amach. 

Sampla amháin den toradh ar an nuálaíocht a mhaoiniú is ea an ráiteas a d’eisigh Northvolt ag deireadh 2021.  Tar éis éirí leis an gcomhlacht Sualannach ceallra ian litiam a fhorbairt, rinne sé margaí le monaróirí éagsúla feithiclí san Eoraip agus d’fhógair gur éirigh leis an chéad chill ian litiam a tháirgeadh i ngigeamhonarcha Northvolt i dtuaisceart na Sualainne. Údar bróid don BEI go bhfuil sé i measc mhaoinitheoirí Northvolt agus tacaíonn sé le tionscal ceallraí Eorpach atá idir láidir agus neamhspleách.

Doiciméid agus figiúirí