- €17.5 billiún geallta ag Grúpa an BEI le tacú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide san Eoraip feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh.
- É mar aidhm ag an ngealltanas coigilteas fuinnimh a spreagadh i níos mó ná 350,000 comhlacht as seo go ceann trí bliana agus maoiniú Ghrúpa an BEI sa réimse seo a mhéadú beagnach faoi dhó.
- Grúpa an BEI tar éis dul i gcomhar leis an eagraíocht neamhbhrabúis Solar Impulse Foundation d'fhonn an éifeachtúlacht fuinnimh mar sheirbhís a chur chun cinn.
- Aird dírithe sa tuarascáil ar na nithe atá ag spreagadh agus ag díspreagadh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh san Eoraip.
Tá breis is 350,000 comhlacht ar fud na hEorpa le dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh de trí thionscnamh maoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh ar fiú €17.5 billiún é. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh um éifeachtúlacht fuinnimh do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna), atá á stiúradh ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an BEI) le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, cabhrú le FBManna a úsáideann teicneolaíochtaí cruthaithe coigilte fuinnimh lena mbillí fuinnimh a laghdú agus a n-athléimneacht agus a n-iomaíochas a threisiú ag an am céanna.
Is ionann an maoiniú €17.5 billiún ó Ghrúpa an BEI don tréimhse 2025-2027 agus dúbailt nach mór faoi dhó ar an leibhéal reatha tacaíochta. Beidh sé dírithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus ar bhearta dícharbónaithe arna ndéanamh ag FBManna, agus úsáidfear meascán de tháirgí airgeadais atá ann cheana féin agus táirgí airgeadais nua, lena n-áirítear ionstraimí fiachais agus cothromais.
Is aidhm leis an tionscnamh infheistíocht de bhreis ar €65 billiún san iomlán a spreagadh faoi 2027 d'fhonn cumasú do FBManna a gcostais fuinnimh a laghdú agus bearna i margadh na hEorpa a dhúnadh. Fógraíodh an tionscnamh ag comhdháil sa Bhruiséil inniu. Beidh na hóráidí a tugadh ag an ócáid ar fáil ar EBS.
“Beart suntasach atá anseo le tacú le comhlachtaí a gcostais fuinnimh a laghdú,” a dúirt Uachtarán Ghrúpa an BEI, Nadia Calviño. “Agus toisc gurb iad na FBManna cnámh droma gheilleagar an Aontais Eorpaigh, is beart tábhachtach é seo le hiomaíochas na hEorpa a fheabhsú, leis.”
“Tá FBManna i gcroílár gheilleagar agus shlí mhaireachtála na hEorpa. "Ach ní dhéanann siad infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh ach ar leath an ráta a dhéanann comhlachtaí móra," arsa an Coimisinéir Fuinnimh agus Tithíochta, Dan Jørgensen. “Beidh an tionscnamh seo de chuid an BEI, a bhfuil tacaíocht ón gCoimisiún aige, ríthábhachtach leis an mbearna infheistíochta a dhúnadh, rochtain ar mhaoiniú a dhéanamh níos simplí, agus dlús a chur le cur chun feidhme réiteach éifeachtúlachta fuinnimh. Ach FBManna a bheith níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, cuirfimid borradh faoin ngeilleagar, déanfaimid leas don aeráid, agus coinneoimid pobail ar fud na hEorpa lán brí agus anama.”
D'fhonn rochtain agus tacaíocht a dhéanamh chomh simplí agus is féidir do ghnólachtaí, tabharfar isteach “ionad ilfhreastail éifeachtúlachta fuinnimh do FBManna” faoin tionscnamh. Is pointe iontrála aonair é sin le haghaidh na n-iasachtaí idirmheánacha go léir a chuireann Grúpa an BEI ar fáil, rud a fhágann go mbeidh sé níos éasca teacht orthu agus níos gasta iad a chur i bhfeidhm.
Faoin tionscnamh nua, tacóidh Grúpa an BEI le hardáin infheistíochta ar leith a bheidh ag obair i gcomhar le comhpháirtithe san earnáil phríobháideach le díriú go sonrach ar thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh do FBManna. Ní hamháin go ndéanfaidh siad tionscadail nua a mhaoiniú, ach leathnóidh na hardáin sin bonn na n-infheisteoirí agus meallfaidh caipiteal a bhfuil géarghá leis isteach in éiceachóras éifeachtúlachta fuinnimh na hEorpa.
Tá Grúpa an BEI ag dul i gcomhar leis an eagraíocht neamhbhrabúis Solar Impulse Foundation le samhail na héifeachtúlachta fuinnimh mar sheirbhís a chur chun cinn. Fógraíodh an cur chuige úrnua seo den chéad uair ag Comhdháil 29 na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP29), agus is éard atá i gceist leis ná comhlachtaí a aistriú ó tháirgí fisiciúla a dhíol go torthaí a chur ar fáil. Mar shampla, in ionad trealamh téimh nó soilsithe atá tíosach ar fhuinneamh a cheannach, íocann FBManna as an teas nó as an solas a úsáideann siad. Fanann an trealamh féin faoi úinéireacht an tsoláthraí seirbhíse agus is iadsan a chinntíonn go bhfuil sé ag obair go binn. Leis an tsamhail seo, cuirtear deireadh leis na costais tosaigh infheistíochta do ghnólachtaí, rud a fhágann go mbíonn sé níos éasca agus níos tapúla glacadh le bearta éifeachtúlachta fuinnimh.
“Is í an éifeachtúlacht fuinnimh an acmhainn is cumhachtaí agus is mó atá á meas faoina luach san Eoraip,” a dúirt Bertrand Piccard, tionscnóir agus cathaoirleach Solar Impulse Foundation. "Gach uile chileavatuair a shábháiltear, is ionann é agus níos mó airgid i do phóca agus níos lú astaíochtaí san atmaisféar. Tá breis is 1,600 réiteach brabúsach aitheanta ag Solar Impulse Foundation cheana féin, réitigh lena gcruthaítear nach dochar í an éifeachtúlacht ach sochar. Leis an tionscnamh seo, is féidir linn na nuálaíochtaí seo a thabhairt chomh fada leis na mílte FBManna ar fud na hEorpa, rud a fheabhsóidh a n-athléimneacht agus a n-iomaíochas, agus a chuirfidh le ceannaireacht thionsclaíoch an Aontais Eorpaigh ag deireadh an lae.”
Tá an Coimisiún ag seoladh grúpa oibre ar leith inniu freisin faoi Chomhghuaillíocht Mhaoinithe Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEorpa, atá dírithe ar FBManna agus ar chomhlachtaí meánchaipitlithe, agus é mar aidhm aige dul i ngleic le bacainní agus réitigh mhaoinithe a fhorbairt atá in oiriúint do riachtanais gnólachtaí beaga ar fud na hEorpa.
Áireofar leis an tacaíocht ón gCoimisiún ráthaíochtaí buiséid agus seirbhísí comhairleacha a chuirfear ar fáil tríd an gclár infheistíochta InvestEU agus tríd an bhfochlár don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE.
Léiriú iad na bearta seo le chéile ar an dúthracht atá á caitheamh ag Grúpa an BEI agus ag an gCoimisiún le tacú le FBManna san aistriú glas agus, dá réir sin, le dlús a chur le hiomaíochas na hEorpa agus le feachtais dícharbónaithe faoi Chomhaontú an AE maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus faoi Phlean Gníomhaíochta an AE um Fhuinneamh Inacmhainne.
Scód a ligean le hinfheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh
Ag an ócáid, chuir Grúpa an BEI tuarascáil nua i láthair ina leagtar amach taithí na heagraíochta maidir le tacú leis an éifeachtúlacht fuinnimh ar fud na hEorpa, mar aon le torthaí ó Shuirbhé Infheistíochta a rinne an BEI ar na nithe is mó atá ag spreagadh agus ag díspreagadh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh i measc gnólachtaí san Aontas Eorpach. Déantar amach sa tuarascáil go gcaitheann gnólachtaí Eorpacha níos mó ar an meán dá gcuid láimhdeachais ar bhillí fuinnimh ná gnólachtaí sna Stáit Aontaithe. Ag an am céanna, tá infheistíocht déanta san éifeachtúlacht fuinnimh ag gnólachtaí Eorpacha le freagairt do na praghsanna arda fuinnimh.
Eolas cúlra
An BEI
Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh, agus é faoi úinéireacht na mBallstát. Maoiníonn an BEI infheistíochtaí de réir ocht bpríomhthosaíocht a chuireann le cuspóirí beartais an AE: gníomhú ar son na haeráide agus an comhshaol, digitiú agus nuálaíocht teicneolaíochta, slándáil agus cosaint, comhtháthú, talmhaíocht agus bithgheilleagar, bonneagar sóisialta, an Eoraip le bheith níos láidre agus an saol mór le bheith níos mó faoi shíocháin agus faoi rath, agus aontas margaí caipitil na hEorpa.
Shínigh Grúpa an BEI, a bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (an CEI) ina chuid de, luach beagnach €89 billiún de mhaoiniú nua le haghaidh breis agus 900 tionscadal ardtionchair in 2024, rud a chuir le hiomaíochas agus slándáil na hEorpa.
Bíonn timpeall leathchuid de mhaoiniú an BEI san AE dírithe ar réigiúin chomhtháthaithe, áiteanna ar lú an t-ioncam per capita ná an meánráta san AE. Téann nach mór 60% d’infheistíochtaí bliantúla Ghrúpa an BEI chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus leis an inbhuanaitheacht comhshaoil.
Tá grianghraif reatha ardchaighdeáin de cheanncheathrú na heagraíochta ar fáil do na meáin anseo.
InvestEU
Faoin gclár InvestEU, déantar méid suntasach airgid phríobháidigh agus phoiblí a ghiaráil le maoiniú fadtéarmach ríthábhachtach a chur ar fáil don Aontas Eorpach agus, ag an gcaoi sin, tacú le téarnamh inbhuanaithe. Spreagtar freisin infheistíochtaí príobháideacha i dtosaíochtaí beartais an Aontais Eorpaigh, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus an t-aistriú digiteach. Faoin gclár InvestEU, tugtar le chéile san aon áit amháin an iliomad ionstraimí airgeadais atá ar fáil faoi láthair le tacú le hinfheistíocht san Aontas Eorpach, rud a dhéanann maoiniú do thionscadail infheistíochta san Eoraip níos simplí, níos éifeachtaí agus níos solúbtha. Tá trí chomhpháirt sa chlár: Ciste InvestEU, Mol Comhairleach InvestEU agus Tairseach InvestEU. Cuirtear Ciste InvestEU chun feidhme trí chomhpháirtithe airgeadais a infheisteoidh i dtionscadail trí bhíthin ráthaíocht bhuiséid €26.2 billiún ón AE. Tacóidh an ráthaíocht iomlán bhuiséid le tionscadail infheistíochta na gcomhpháirtithe cur chun feidhme, méadóidh a gcumas riosca a sheasamh agus, ar an gcaoi sin, spreagfaidh ar a laghad €372 billiún d’infheistíocht bhreise.
More than 350,000 European companies to get energy efficiency support under major EU financing initiative
©EIB
Download original
More than 350,000 European companies to get energy efficiency support under major EU financing initiative
©EIB
Download original
More than 350,000 European companies to get energy efficiency support under major EU financing initiative
©EIB
Download original
Logo
©European Commission
Download original