• Chuir na hAirí a tháinig le chéile i Lucsamburg inniu fáilte roimh an bPlean Gníomhaíochta a chuir an tUachtarán Calviño i láthair. Féachann an Plean leis an sainmhíniú ar thionscadail dé-úsáide a thabhairt cothrom le dáta agus le línte creidmheasa an BEI a chur ar fáil do FBManna agus gnóthais nuathionscanta nuálacha san earnáil slándála agus cosanta.
  • Tar éis phróisis inmheánacha cheadaithe Ghrúpa an BEI, athróidh an Banc Eorpach Infheistíochta a bheartas le go gceadófar dó iasachtaí a thabhairt don tionscal slándála agus cosanta, agus a acmhainn mhaoinithe á cosaint aige ag an am céanna.
  • Ón 1 Bealtaine, cuirfear Tascfhórsa agus ‘ionad ilfhreastail’ ar bun le próisis Ghrúpa an BEI a chuíchóiriú agus, ar an gcaoi sin, dlús a chur le hinfheistíochtaí agus le fáil ar na €6 billiún atá curtha ar leataobh do thionscadail san earnáil seo.
  • Déanfaidh Grúpa an BEI comhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus le comhpháirtithe eile a neartú chomh maith le tionchar, sineirgí agus comhlántacht a mhéadú.

Nuashonróidh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa an BEI) na beartais agus an creat atá ann cheana maidir le hiasachtaí a thabhairt don tionscal slándála agus cosanta. Áirítear leis sin nuashonrú ar an sainmhíniú ar earraí agus bonneagar dé-úsáide, chomh maith le tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnóthais nuathionscanta, mar aon le gealltanas le cistí a chur ar fáil níos sciobtha le hinniúlachtaí slándála agus cosanta na hEorpa a neartú.

Tá an gá le borradh a chur faoin méid tacaíochta a thugann Grúpa an BEI amach ar mhaithe le síocháin agus slándáil na hEorpa ar cheann de na príomhthosaíochtaí straitéiseacha a leag an tUachtarán Calviño amach, agus ar thacaigh Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh, ag an gcruinniú ag bhí acu i mí Feabhra, agus Parlaimint na hEorpa leo. Aontaíodh an tráth sin go ndéanfaí moltaí nithiúla a phlé i mí Aibreáin.

Nocht Uachtarán an BEI, Nadia Calviño, Plean Gníomhaíochta Ghrúpa an BEI maidir leis an Tionscal Slándála agus Cosanta inniu ag cruinniú Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh (ECOFIN) i Lucsamburg. Leanann an Plean Gníomhaíochta as dhá mhí de dhian-rannpháirtíocht le scairshealbhóirí an Bhainc, le príomhpháirtithe leasmhara agus leis na margaí, agus gníomhaíonn de réir sainordú a d’eisigh an Chomhairle Eorpach le déanaí leis an bhfáil atá ag gnóthais chosanta Eorpacha ar mhaoiniú a fheabhsú tuilleadh, ach cumas maoinithe Ghrúpa an BEI a chosaint ag an am céanna.

“Cuirfimid leis an tacaíocht a thugaimid do thionscal slándála agus cosanta na hEorpa agus cuirfimid dlús léi freisin. Déanfaimid ár n-acmhainn mhaoinithe a chosaint ag an am céanna, chomh maith leis na hardchaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a gcloímid leo. Mar eite airgeadais an Aontais Eorpaigh, ní mór dúinn ár gcuid féin a dhéanamh le síocháin agus slándáil na hEorpa a chinntiú. Feabhsófar na coinníollacha maoinithe do thionscadail Eorpacha mar thoradh ar an bPlean Gníomhaíochta a cuireadh i ngníomh inniu. Rachaimid i gcomhar leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh le dlús a chur le tionscadail a chinntíonn leas na saoránach”, arsa an tUachtarán Calviño.

As seo amach, ní éileoidh an Banc a thuilleadh go bhfaigheadh tionscadail dé-úsáide ní ba mhó ná 50% dá n-ioncam ionchasach ó úsáid shibhialtach. Fágfaidh sé sin go mbeidh Grúpa an BEI ailínithe le hinstitiúidí airgeadais poiblí a theorannaíonn go cothrom a gcuid maoinithe do threalamh agus bonneagar a fhreastalaíonn ar riachtanais chosanta mhíleata nó phóilíneachta agus ar riachtanais shibhialtacha chomh maith, amhail taiscéalaíocht, faireachas, cosaint agus rialú speictrim, dí-éilliú, taighde agus forbairt, trealamh, soghluaisteacht mhíleata, rialú teorann agus cosaint bonneagair ríthábhachtaigh eile, agus dróin.

Ina theannta sin, déanfaidh Grúpa an BEI nuashonrú ar na rialacha atá i bhfeidhm aige maidir le FBManna a mhaoiniú san earnáil slándála agus cosanta. Beidh fáil ag níos mó comhlachtaí beaga agus gnóthais nuathionscanta nuálacha, óna dteastaíonn maoiniú le haghaidh tionscadail dé-úsáide, ar línte creidmheasa ar leith dá bharr sin.

Tá sé beartaithe ag Grúpa an BEI freisin comhpháirtíochtaí agus comhar a neartú gan mhoill le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear trí mheabhráin tuisceana a shíniú agus a nuashonrú leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus le comhpháirtithe eile.

Rud atá an-tábhachtach a lua ná go bhfuil sé i gceist ag an mBanc a phróisis inmheánacha a chuíchóiriú agus a fheabhsú freisin. Chuige sin, tá Tascfhórsa ar leith, chomh maith le hionad ilfhreastail le haghaidh tionscadail slándála agus chosanta, le cur ar bun faoin 1 Bealtaine 2024. Cuirfidh sé sin dlús le hinfheistíochtaí agus fágfaidh go mbeidh fáil ag cliaint in earnáil slándála agus cosanta na hEorpa ar mhaoiniú ó Ghrúpa an BEI i bhfad níos gasta. Cuirfidh sé ar ár gcumas na €6 billiún de mhaoiniú atá ar fáil faoin Tionscnamh Straitéiseach um Shlándáil na hEorpa (SESI) a chur ar fáil freisin agus, ar an gcaoi sin, tuilleadh tacaíochta fós a thabhairt do thionscal slándála agus cosanta na hEorpa faoin gcreat atá ann cheana. Caithfear na moltaí a cheadú de réir phróisis inmheánacha cheadaithe Ghrúpa an BEI.

Faisnéis chúlra

Tá Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ag tacú go gníomhach le hinfheistíochtaí a threisíonn tionscal cosanta agus slándála na hEorpa ó 2017 i leith. Is iomaí gnóthas a bhfuil tairbhe bainte aige as maoiniú ó Ghrúpa an BEI, idir ghnóthais a bhfuil a n-ainm i mbéal an phobail agus ghnóthais nuathionscanta nuálacha.

Faoin Tionscnamh Straitéiseach um Shlándáil na hEorpa (SESI), ar leathnaíodh é go díreach tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá €8 billiún curtha ar leataobh ag an BEI don tréimhse idir 2022 agus 2027. Anuas air sin, sheol an CEI Saoráid Chothromais Chosanta €175 milliún i mí Eanáir 2024, ar féidir léi tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le gnóthais nuathionscanta sa réimse, amhail iad siúd i réimse na cibearshlándála. Na comhaontuithe maoinithe atá sínithe faoi SESI ó cuireadh tús leis an gcogadh, is fiú níos mó ná €2 billiún cheana féin iad.

I measc na réimsí atá incháilithe faoi SESI tá soghluaisteacht mhíleata, spás, cibearshlándáil, slándáil ghlas, bonneagar ríthábhachtach, cosaint teorann, agus infheistíochtaí dé-úsáide eile, amhail dróin. Is féidir teacht ar a thuilleadh sonraí ar an leathanach ar leith atá ar láithreán gréasáin an BEI.

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Cuireann sé maoiniú ar fáil faoi chomhair infheistíochtaí a dhéanfaidh a gcion féin le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Cuireann tionscadail an BEI le hiomaíochas, spreagann nuálaíocht, cuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn, feabhsaíonn comhtháthú sóisialta agus críochach, déanann a gcuid féin ar son saoirse agus slándála, agus tacaíonn le haistriú cóir cothrom agus tapa chuig an aeráidneodracht. Fágann rátáil AAA an Ghrúpa gur féidir leis iasachtaí a fháil faoi choinníollacha fabhracha ar na margaí domhanda, rud a dhéanann tairbhe ansin dá chuid cliant laistigh den Aontas Eorpach agus níos faide ó bhaile. Cloíonn an Grúpa leis na caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais is airde dá bhfuil ann, agus tá cóimheas caipitil den chéad scoth (32%) aige chomh maith.