>@EIB
  • Ag an gcruinniú bliantúil de Bhord Gobharnóirí an BEI, chuir airí airgeadais an Aontais Eorpaigh fáilte roimh mhaoiniú ó Bhanc an AE le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha
  • An méid is mó maoinithe riamh curtha i leataobh don earnáil slándála, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua a theastaíonn ón Eoraip ar mhaithe lena sábháilteacht agus lena cosaint san fhadtéarma

Tá Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa an BEI) chun níos mó maoinithe ná riamh a thabhairt don tionscal slándála, é ag dearbhú a thiomanta atá sé do chosaint agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa, chomh maith lena clár oibre uaillmhianach aeráide. 

Ag an gcruinniú bliantúil de Bhord Gobharnóirí an BEI i Lucsamburg inniu chuir airí airgeadais an Aontais Eorpaigh in iúl gur mór acu an príomhról atá ag an BEI i leith dul i ngleic le drochiarmhairtí eacnamaíochta ionradh brúidiúil, éagórach na Rúise ar an Úcráin. Bhí an cruinniú ar siúl i ndiaidh do Bhord Stiúrthóirí an BEI cinneadh a dhéanamh an 15 Meitheamh infheistíochtaí slándála a ardú go €8 billiún, suas ó €6 billiún, go dtí 2027.

D’fhaomh Bord Stiúrthóirí an BEI méadú ar an Tionscnamh Straitéiseach um Shlándáil na hEorpa (SESI), is plean tiomnaithe infheistíochta slándála ar glacadh leis anuraidh. Cé go bhfuil na tosaíochtaí a aithníodh fós bailí, leagfar béim bhreise ar shoghluaisteacht mhíleata, ar an spás, ar shlándáil ghlas agus ar bhonneagar criticiúil.

D’fhaomh an Bord Stiúrthóirí luach €1.6 billiún d’iasachtaí nua freisin, ar áiríodh leo tacaíocht do ghigeamhonarcha painéal gréine san Iodáil atá ar an gceann is mó san Eoraip, téamh ceantair a uasghrádú i gcathracha ar fud na Fraince, bainistíocht dramhaíola agus athchúrsáil a mhéadú sa Rómáin, dhá fheirm ghaoithe nua a thógáil i réigiún Mhuir Bhailt agus naisc theileachumarsáide a fheabhsú san Afraic.

“Tá scód á ligean againn lenár dtacaíocht d’iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa, d’infheistíochtaí tosaíochta agus do theicneolaíochtaí dé-úsáide ceannródaíocha, agus chuige sin tá leas á bhaint againn as raon iomlán na n-acmhainní atá againn ar an mbealach is solúbtha is féidir,” a dúirt Uachtarán an BEI, Werner Hoyer. “Is éard atá á rá agam leis na Gobharnóirí inniu ná go gcaithfear an beart a dhéanamh nuair a thagann an crú ar an tairne. Is í an iontaoibh atá ag an saol mór as an Aontas Eorpach, anseo sa bhaile agus ar fud an domhain, atá idir chamáin anseo.”

Chuir an tUachtarán Hoyer na hairí ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí Ghrúpa an BEI le bliain anuas, lena n-áirítear an luach €72.5 billiún de mhaoiniú nua a síníodh in 2022, chomh maith leis na hoibríochtaí san Úcráin. “Thug ceannairí an Aontais údarás soiléir dúinn “dlús a chur” lenár dtacaíocht do na riachtanais is práinní atá ag an Úcráin, agus is é sin go díreach an rud atá á dhéanamh againn le Tionscnamh agus Ciste an Aontais Eorpaigh ar son na hÚcráine,” arsa Hoyer. “Tá ról lárnach ag Grúpa an BEI le blianta beaga anuas maidir le beartais agus straitéis an Aontais a chur i gcrích agus táimid meáite ar leanúint orainn sa ról sin.

Shínigh an BEI luach breis agus €1.5 billiún de mhaoiniú nua do thionscadail in 2022 a bhí ag teacht le spriocanna SESI agus tá an-dúthracht á caitheamh aige i gcónaí le tacú le slándáil na hEorpa. Príomhthosaíocht go fóill faoi SESI is ea na teicneolaíochtaí dé-úsáide nua a mbeidh slándáil na hEorpa ag brath orthu san fhadtéarma. Ní bheidh athrú ar bith mar thoradh ar chinntí na seachtaine seo ar a mbeidh incháilithe le haghaidh maoiniú ná ar shainmhíniú an BEI ar ghníomhaíochtaí eisiata agus earnálacha eisiata.

Cathaoirleach nua ar an mBord Gobharnóirí

Tá Bord Gobharnóirí an BEI comhdhéanta de 27 airí airgeadais agus geilleagair an Aontais. Is í Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne, a bhí ina cathaoirleach ar chruinniú bliantúil an lae inniu. D’fhaomh na gobharnóirí cuntais an BEI agus d’ainmnigh Bord Stiúrthóirí nua.

 Agus í ag tabhairt na huachtaránachta rothlaí ar an mBord Gobharnóirí ar láimh don Bheilg, dúirt Svantesson “Tá ról lárnach ag an BEI maidir le tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil faoi chomhair nuálaíochta, iomaíochais agus aistriú cóir cothrom gasta chuig an neodracht.” “Tá sé ina uirlis ríthábhachtach ag an Aontas ó thaobh beartais a chur chun feidhme, agus beidh go ceann i bhfad.”

“Tá an BEI ag ceann an tslua ó thaobh infheistíocht a bhfuil géarghá léi a spreagadh mar fhreagairt ar shraith géarchéimeanna – idir an éigeandáil aeráide, an phaindéim, agus drochiarmhairtí an chogaidh uafásaigh seo,” arsa Vincent Van Peteghem, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Beilge. “Is mór an onóir dom a bheith mar chathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí Bhanc an AE, ár mBanc, agus muid ag baint amach ár dtosaíochtaí coiteanna anseo san Aontas agus ar fud an domhain.”

Eolas cúlra

Is é Grúpa an BEI institiúid maoinithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na ballstáit é. Tá sé comhdhéanta den Bhanc Eorpach Infheistíochta (an BEI) agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (an CEI). Cuirimid maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí fónta a chuireann le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an comhtháthú sóisialta agus críche agus an t-aistriú cóir cothrom chuig an neodracht aeráide.

Bhí an BEI ar an gcéad banc iltaobhach forbartha le scor de thacú le breoslaí iontaise agus tá gealltanas tugtha aige tacú le luach €1 trilliún d’infheistíocht aeráide as seo go ceann 10 mbliana. Bhí breis agus leath den mhaoiniú a thug Ghrúpa an BEI amach ar iasacht in 2022 dírithe ar thionscadail aeráide agus inbhuanaitheachta comhshaoil, agus is i ndáil le tionscadail i réigiúin chomhtháthaithe, áit a bhfuil an t-ioncam per capita níos ísle, a síníodh beagnach leath de mhaoiniú Eorpach an BEI, rud a leagann béim ar a thiomanta atá an Banc do chothrom na Féinne ó thaobh fáis de.. 

Is é Grúpa an BEI crann taca nuálaíochta na hEorpa. Feabhsaíonn an CEI an teacht a bhíonn ag FBManna ar fud na hEorpa ar mhaoiniú trí raon leathan idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe, amhail bainc, cuideachtaí ráthaíochta agus léasaithe, soláthraithe micreachreidmheasa agus cistí cothromais phríobháidigh. Déanann CEI ionstraimí cothromais agus maoinithe fiachais a dhearadh agus a chur ar fáil d’fhonn cuspóirí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, agus baineann leas as uirlisí maoinithe an Aontais, amhail Clár InvestEU, le tacú le fiontraíocht, fás, nuálaíocht, taighde agus forbairt, an t-aistriú digiteach agus fostaíocht. Níos luaithe i mbliana sheol sé Tionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa, ciste uaillmhianach cistí a fhéachann lena chinntiú gur san Eoraip a fhanann ceannródaithe teicneolaíochta Eorpacha.

Is é BEI Domhanda a dhéanann plé le hoibríochtaí an BEI lasmuigh den Aontas Eorpach. Mar phríomh-chomhpháirtí de chuid Thairseach Dhomhanda an Aontais, is aidhm linn tacú le luach €100 billiún ar a laghad d’infheistíocht faoi 2028, nó aon trian de sprioc iomlán na straitéise. Tá oifigí ag BEI Domhanda ar fud na cruinne, rud a fhágann go mbíonn sé gar do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’institiúidí áitiúla agus go n-éiríonn leis comhpháirtíochtaí láidre ‘Foireann na hEorpa’ a chothú le hinstitiúidí maoinithe forbartha.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi ról agus gníomhaíochtaí Ghrúpa an BEI, féach https://www.eib.org/en/about/eib-at-a-glance