>@ Luis Alvarez/Getty Images
© Luis Alvarez/ Getty Images
  • Ciste €24.4 billiún é an Ciste Eorpach Ráthaíochta atá ina chuid de phacáiste tosaigh téarnaimh COVID-19 an Aontais Eorpaigh agus atá anois ar tí a sprioc leath bealaigh a shárú
  • Maoiniú €11.7 billiún le tacú le gnóthais fud fad na hEorpa in aimsir phaindéim COVID-19
  • Ceaptar go spreagfaidh an maoiniú faofa luach beagnach €94 billiún de mhaoiniú eile

Tá an Ciste Eorpach Ráthaíochta (an CER) ina chuid de phacáiste téarnaimh €540 billiún an Aontais Eorpaigh a comhaontaíodh in 2020, agus atá tar éis beagnach leath dá sprioc maoinithe don bhliain 2021 a fhaomhadh cheana féin. Tar éis cead a fháil faoi phróiseas fógartha an AE maidir le státchabhair i mí na Nollag 2020, tá luach €11.7 billiún de thacaíocht faofa ag an tionscnamh anois do ghnóthais Eorpacha atá ag streachailt le drochiarmhairtí eacnamaíochta phaindéim COVID-19. Sin beagnach leath de sprioc an Chiste don bhliain 2021. Spreagann an ciste maoiniú breise, leis, agus táthar ag súil go spreagfaidh na tionscnaimh atá maoinithe cheana féin luach €93.9 billiún de mhaoiniú ar son gheilleagar na hEorpa. Nuair a chuirtear sa mheá go raibh €2.1 billiún den mhaoiniú sínithe faoi dheireadh mhí Aibreáin, is léir go bhfuil maoiniú ón CER ag teacht chomh fada le gnóthais ar fud an Aontais Eorpaigh cheana féin.

“Bhí Grúpa an BEI i measc na n-eagraíochtaí ba ghasta a rinne beart d’fhonn a chinntiú go dtabharfadh an Eoraip lámh chúnta do ghnóthais agus do shaoránaigh dul i ngleic le géarchéim COVID-19. Is é an príomhsprioc atá againn ó thaobh an CER de ná tacú le comhlachtaí san Aontas Eorpach ach an maoiniú atá ag teastáil uathu le teacht slán as an bpaindéim a chur ar fáil dóibh,” arsa Uachtarán an BEI, Werner Hoyer. “Léiriú iad na figiúirí seo go bhfuil difear ceart á dhéanamh ag an Eoraip ar an dá luas. Cuireann siad leis an dea-chlú atá ar Ghrúpa an BEI cheana féin as maoiniú a chur ar fáil d’obair thaighde agus forbartha ar chóracha leighis agus vacsaíní, na rudaí céanna atá anois ag tabhairt misneach dúinn go bhfuil rás COVID-19 beagnach rite,” ar sé.

Anois go bhfuil comhaontuithe sínithe i mbeagnach gach ceann de na 22 Ballstát den Aontas Eorpach atá páirteach, margaí móra le Nordea, Raiffeisen agus Banca March ina measc, tá gach cosúlacht ar an scéal go n-éireoidh leis an CER suas le luach 8 n-oiread a mhéid, i.e. €24.4 billiún, a spreagadh faoi dheireadh 2021. Tá an-éileamh ar mhaoiniú ón CER agus an dóchúlacht ann go leanfar le comhaontuithe a fhaomhadh agus a shíniú chomh tapa sin go mbeidh i bhfad níos mó ná 50% den sprioc sáraithe faoi lár na bliana.

“Tá maoiniú de dhíth ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide agus é de dhíth orthu láithreach.” Sin a bhí le rá ag Dario Scannapieco, Leasuachtarán de chuid an BEI agus Cathaoirleach Bhord an CER. “Tá obair na gcapall á déanamh againn le méid ollmhór acmhainní a chur ar fáil do na margaí. Sa chéad sé mhí d’éirigh linn beagnach €94 milliún a spreagadh, sin nach mór leath de sprioc iomlán an tionscnaimh, rud a chinnteoidh go mbeidh fáil ag an lucht fiontraíochta san Aontas Eorpach ar an tacaíocht atá ag teastáil uathu.”

Is iad Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus na Ballstáit a chuir an CER ar bhun le cosaint a thabhairt do na comhlachtaí sin san Eoraip ba mhó a bhí thíos le géarchéim COVID-19. Tugann ráthaíochtaí ón CER dreasacht d’idirghabhálaithe airgeadais tuilleadh airgid a thabhairt ar iasacht do chomhlachtaí faoi théarmaí níos fabhraí, rud a chuireann ar chumas gnóthas teacht ar mhaoiniú tairbheach gan mhoill agus an lámh in uachtar a fháil ar dhrochiarmhairtí eacnamaíochta phaindéim COVID-19.

>@EIB

Faisnéis Chúlra:

Is é Grúpa an BEI a chuir an Ciste Eorpach Ráthaíochta (an CER) ar bun le ranníocaíochtaí ó Bhallstáit den Aontas Eorpach d’fhonn cosaint a thabhairt do chomhlachtaí a bhí thíos le géarchéim COVID-19. Baineann an BEI agus an CEI leas as an luach nach mór €25 billiún de ráthaíochtaí atá sa CER le hiasachtaí, ráthaíochtaí, urrúis de bhun sócmhainní, cothromas agus ionstraimí airgeadais eile a chur ar fáil do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide den chuid is mó. Tá an CER ina chuid de phacáiste téarnaimh an Aontais Eorpaigh agus é mar aidhm aige €540 billiún san iomlán a chur ar fáil le borradh a chur faoi na réimsí de gheilleagar an Aontais Eorpaigh is mó atá buailte ag an ngéarchéim. Is é is sprioc leis ná a chinntiú go mbeidh fáil ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide a bhfuil pleananna gnó inbhuanaithe acu ar an airgead leachtach atá de dhíth orthu le fadhbanna a bhaineann le COVID-19 a shárú agus go mbeidh gnóthais shláintiúla in ann teacht ar an tacaíocht atá ag teastáil uathu le fás.

Downloads