Tá méadú agus athrú nach beag tagtha ar an mBanc faoi stiúir an Dr. Hoyer. Ceann de na héachtaí ba mhó le linn a ré ab ea an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, tionscnamh tábhachtach arb aidhm leis cruthú post agus fás geilleagrach a chothú san Aontas Eorpach.
Faoi cheannas an Dr. Hoyer, tá an clú a bhí ar an BEI cheana mar an soláthraí iltaobhach maoinithe aeráide is mó ar domhan daingnithe tuilleadh. In 2019 rinne an BEI fasach domhanda sa troid in aghaidh an athraithe aeráide nuair a d’fhógair go gcuirfeadh sé deireadh le maoiniú do thionscadail fuinnimh breosla iontaise faoi dheireadh 2021 agus go dtacódh sé le luach €1 trilliún de ghníomhú ar son na haeráide agus d’infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de go ceann na 10 mbliana go dtí 2030.
.