Description
Déanann Grúpa an BEI na céadta tionscadal nua a mhaoiniú gach bliain – ó fhuinneamh glan, digitiú, agus slándáil agus cosaint go tithíocht inbhuanaithe, talmhaíocht agus uisce glan. Cuireann an tacaíocht sin borradh faoi réigiúin nach bhfuil chomh forbartha céanna, cothaíonn nuálaíocht agus cuireann teachtaireacht chobhsaíochta amach ar fud an domhain. Léiriú ar rath na hEorpa atá i nGrúpa an BEI.