Search EN menu en EIB GROUP CLIENT PORTAL
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages
Getty
  • Bord an BEI tar éis glacadh leis an dara céim de Threochlár an Bhainc Aeráide, creat ceannródaíoch lena ndírítear ar iomaíochas, slándáil agus praghsanna fuinnimh níos ísle do chomhlachtaí agus do theaghlaigh.
  • Áirítear leis an bplean an infheistíocht san oiriúnú don athrú aeráide a mhéadú faoi dhó, mar aon le nósanna imeachta atá simplithe ó bhonn.
  • Daingniú é an cinneadh ar ról Ghrúpa an BEI mar an Banc Aeráide agus athdhearbhú é go bhfuil sé chun coinneáil air mar mhaoinitheoir ancaire na réabhlóide tionsclaíche glaise.

Tá Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (an BEI) le dul ar aghaidh le céim a dó den chreat ceannródaíoch – Treochlár an Bhainc Aeráide – agus coinneáil air mar mhaoinitheoir ancaire na réabhlóide tionsclíche glaise, na slándála fuinnimh agus an rathúnais chomhroinnte. Is é is aidhm leis an dara céim cur leis an rath mór atá ar an treochlár ó seoladh siar in 2020 é agus, chuige sin, leagtar amach inti na tosaíochtaí a bheidh ag Grúpa an BEI as seo go ceann deich mbliana, chomh maith le nósanna imeachta atá simplithe ó bhonn d'fhonn dlús a chur le hinfheistíocht ghlas.

Ghlac Bord Stiúrthóirí an BEI le céim a dó den treochlár agus leis an Seasamh Beartais maidir leis an Earnáil Fuinnimh araon, rudaí is tuilleadh daingnithe fós ar sheasamh an Ghrúpa mar an Banc Aeráide. Tá céim a dó bunaithe ar thrí phríomhghníomhartha:

  • Díriú níos láidre ar iomaíochas, slándáil agus praghsanna fuinnimh níos ísle do chomhlachtaí agus do theaghlaigh, trí fhuinneamh glan inacmhainne a tháirgtear go háitiúil a thabhairt do ghnólachtaí agus do theaghlaigh, réitigh nuálacha a chothú agus ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú.
  • Maoiniú oiriúnaithe a mhéadú faoi dhó go €30 billiún idir 2026 agus 2030: An cinneadh a rinne an Bord an tseachtain seo sa Chipir – an tír is mó a bhfuil ganntanas uisce inti san Eoraip – leagann sé béim ar a thábhachtaí atá an t-oiriúnú ó thaobh slándáil agus rathúnas comhchoiteann de, gan trácht ar na sochair gheilleagracha is léir atá i gceist leis.
  • Simpliú ó bhonn: Deireadh a chur leis an rórialáil ach brath ar fhéinmheasúnú agus rialacha agus tuarascálacha atá ann cheana féin, ar thagarmharcanna , ar chaighdeáin rialála agus ar rialacha contrapháirtí, mar aon le húsáid níos mó a bhaint as seiceálacha glasa éifeachtúla.

“Tá muid ag cur leis an rath mór a bhí ar Threochlár an Bhainc Aeráide go dtí seo agus ag déanamh theann ár ndíchill maidir leis an aistriú glas, toisc gurb é an rud ceart le déanamh ar son an tsaoil mhór é agus an rud cliste le déanamh ar son ár ngeilleagair," arsa Uachtarán Ghrúpa an BEI, Nadia Calviño. “Anois agus an réabhlóid fuinnimh faoi lán seoil, tá muid ag coinneáil orainn ar mhaithe le hiomaíochas agus slándáil san am i láthair agus ar mhaithe leis an bplainéad san am atá le teacht.”

Iomaíochas, slándáil agus praghsanna fuinnimh níos ísle

Ó seoladh Treochlár an Bhainc Aeráide in 2020, tá tacaíocht tugtha ag Grúpa an BEI do luach bhreis is €560 billiún d'infheistíocht ghlas – thart ar 90% laistigh den Aontas Eorpach (AE) – agus tá sé ar an mbóthar ceart lena phríomhsprioc a bhaint amach, is é sin tacú le €1 trilliún ar a laghad d'infheistíocht ghlas sna 10 mbliana go 2023. Anois agus an dara céim den treochlár linn, tá sé deabhaithe an athuair ag Grúpa an BEI go gcuirfear níos mó ná leath den mhaoiniú bliantúil i dtreo an ghníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil.

Amach anseo beidh Grúpa an BEI ag cur dlús lena chuid iarrachtaí le hiomaíochas na hEorpa a neartú le táirgí speisialaithe, ar nós maoiniú saincheaptha faoi chomhair comhaontuithe ceannaigh cumhachta, d'fhonn tacú le teicneolaíocht ghlan, slabhraí soláthair a neartú, cabhrú le gnólachtaí costais fuinnimh a laghdú, agus slándáil fuinnimh a fheabhsú. Tá luach €11 billiún de mhaoiniú nua beartaithe ag Grúpa an BEI d'eangacha fuinnimh i mbliana, agus tar éis 40% d’infheistíocht iomlán na hEorpa san earnáil seo a spreagadh cheana féin in 2024, agus tá sé mar aidhm acu an figiúr sin a ardú tuilleadh i mbliana.

Cabhróidh tionscnamh nua €17 billiún le 350 000 fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) san Eoraip infheistíocht a dhéanamh i gcoigiltis fuinnimh, agus cinnteoidh frith-ráthaíochtaí do mhonaróirí gaoithe agus eangaí soláthar inbhuanaithe. Is aidhm le Clár TechEU, an tionscnamh maoinithe nuálaíochta is mó san Eoraip, €250 billiún d'infheistíocht a spreagadh faoi 2027, agus tacaíocht do nuálaithe teicneolaíochta glaine ar cheann de na príomhthosaíochtaí aige.

Le haistriú glas cothrom a chinntiú, tá an BEI ag tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal trí iasachtaí athchóirithe inacmhainne agus trí léasú sócmhainní teicneolaíochta glaine, amhail feithiclí agus teaschaidéil, i gcomhar le bainc áitiúla. Cuirfidh pacáiste nua infheistíochta agus comhairleoireachta aeráide-inscne dlús le réitigh ísealcharbóin agus oiriúnaithe don athrú aeráide do mhná, do chailíní agus do ghrúpaí éagsúla daonra ar fud an domhain.

Maoiniú oiriúnaithe a mhéadú faoi dhó go €30 billiún

Tá sé riachtanach infheistíocht a dhéanamh san oiriúnú agus ciallmhar déanamh amhlaidh ó thaobh an gheilleagair de: bhí fíor-dhrochaimsir san Eoraip an samhradh seo ina cúis le luach €43 billiún ar a laghad de chaillteanais gheilleagracha ghearrthéarmacha. Ag an am céanna, meastar go sábhálfaidh gach euro a chaitear ar bhearta coisc agus oiriúnaithe anois luach idir cúig agus seacht euro de dhamáistí agus de chostais atógála amach anseo.

Déanfaidh Grúpa an BEI an méid maoinithe a chuirfidh sé ar fáil faoi chomhair bearta oiriúnaithe don athrú aeráide a mhéadú faoi dhó go €30 billiún don tréimhse 2026–2030, i gcomparáid leis na cúig bliana roimhe sin. Ar thalmhaíocht, bainistíocht timthrialla uisce, comhlachtaí, cathracha, réigiúin agus pobail leochaileacha a bheidh an tacaíocht fheabhsaithe sin dírithe i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le comhpháirtithe náisiúnta agus réigiúnacha, agus le comhpháirtithe san earnáil phríobháideach. Le cabhrú le cliaint tionscadail a chur ar bun, cuirfidh Grúpa an BEI borradh suntasach faoin gcúnamh teicniúil a chuirfear ar fáil, lena n-áirítear do na daonraí is leochailí ar domhan, amhail stáit bheaga oileánda atá i mbéal forbartha, na tíortha is lú forbairt, pobail ísealioncaim, pobail dhúchasacha, mná, imircigh, daoine óga agus daoine scothaosta.

Simpliú ó bhonn

Tá Grúpa an BEI ag simpliú a chuid próiseas d'fhonn rochtain ar mhaoiniú glas a chuíchóiriú agus ualaí riaracháin a laghdú, go háirithe do FBManna. Ach leas a bhaint as caighdeáin tuairiscithe an AE, amhail an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD), agus úsáid leathnaithe a bhaint as uirlisí digiteacha, amhail an Seiceálaí Glas, tá Grúpa an BEI ag déanamh éascaíocht agus cuíchóiriú ar rochtain ar mhaoiniú agus ag gearradh siar ar an rómhaorlathas ar mhaithe lena chuid cliant.

Leis an gcur chuige sin, neartaítear tacaíocht Ghrúpa an BEI do thionscnaimh de chuid an AE amhail an Compás Iomaíochais agus an Pacáiste Simplithe Omnibus. Faoin dara céim den treochlár, tá Grúpa an BEI ag déanamh cuíchóiriú ar na ceanglais do chomhlachtaí, go háirithe iad siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar tháirgí dá chuid trí bhainc chomhpháirtíochta, agus ag cur na gceanglas tuairiscithe ar aon dul le caighdeáin inbhuanaitheachta an AE, amhail an CSRD, leis na hoibleagáidí tuairiscithe a bhíonn ar chliaint a laghdú tuilleadh.

Comhpháirtíochtaí domhanda

Tá Grúpa an BEI ag cur bailchríoch ar bheartas straitéiseach maidir le hoibríochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach, é ceaptha le comhpháirtíochtaí a bhfuil buntáiste ag gach taobh iontu a neartú d'fhonn an t-aistriú glas domhanda a bhrú chun cinn agus deiseanna a chruthú do cheannródaithe glasa Eorpacha.

Rannpháirtíocht páirtithe leasmhara

I gcomhréir lena thiomantas don oscailteacht agus don trédhearcacht, thug Grúpa an BEI cuireadh do pháirtithe leasmhara seachtracha cur le forbairt an dara céim de Threochlár an Bhainc Aeráide agus leis an Seasamh Beartais maidir leis an Earnáil Fuinnimh. Chláraigh breis is 160 páirtí le haghaidh cruinniú a eagraíodh i mí Iúil 2025, rud ba léiriú ar rannpháirtíocht láidir ón tsochaí shibhialta, ó chomhpháirtithe institiúideacha agus ón bpobal i gcoitinne. Eagraíodh cruinniú leantach i mí Mheán Fómhair 2025. Moladh do pháirtithe leasmhara aiseolas i scríbhinn a chur isteach freisin agus tá an t-aiseolas sin anois curtha i dtoll a chéile i dtuarascáil ar leith.

Eolas cúlra   

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh, agus é faoi úinéireacht na mBallstát. Maoiníonn an BEI infheistíochtaí de réir ocht bpríomhthosaíocht a chuireann le cuspóirí beartais an AE: gníomhú ar son na haeráide agus an comhshaol, digitiú agus nuálaíocht teicneolaíochta, slándáil agus cosaint, comhtháthú, talmhaíocht agus bithgheilleagar, bonneagar sóisialta, an Eoraip le bheith níos láidre agus an saol mór le bheith níos mó faoi shíocháin agus faoi rath, agus aontas margaí caipitil na hEorpa.  

Shínigh Grúpa an BEI, a bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (an CEI) ina chuid de, luach beagnach €89 billiún de mhaoiniú nua le haghaidh breis agus 900 tionscadal ardtionchair in 2024, rud a chuir le hiomaíochas agus slándáil na hEorpa.  

Bíonn timpeall leathchuid de mhaoiniú an BEI san AE dírithe ar réigiúin chomhtháthaithe, áiteanna ar lú an t-ioncam per capita ná an meánráta san AE. Téann nach mór 60% d’infheistíochtaí bliantúla Ghrúpa an BEI chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus leis an inbhuanaitheacht comhshaoil.

Tá grianghraif reatha ardchaighdeáin de cheanncheathrú na heagraíochta ar fáil do na meáin anseo. 

Contact

Bruno Hoyer

Reference

2025-353-GA