>@PGE Baltica
© PGE Baltica
  • Banc an AE tar éis méid an phacáiste REPowerEU a mhéadú 50% agus na critéir cháilitheachta a leathnú le déantúsaíocht a mhaoiniú i réimse na dTeicneolaíochtaí Neodrachta atá Úrscothach agus Straitéiseach.
  • Táthar ag súil go spreagfaidh an maoiniú breise níos mó ná luach €150 billiún d’infheistíocht faoi 2027.
  • Bord an BEI tar éis €10 billiún a cheadú freisin do thionscadail fuinnimh, nuálaíochta, infheistíochta gnó agus oideachais, agus do bhonneagar uisce a scriosadh sa chrith talún sa Tuirc.

Cuirfidh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (Grúpa an BEI) níos mó maoinithe ar fáil  ar son an fhuinnimh ghlain ná mar a chuir riamh agus leathnóidh an tacaíocht urghnách spriocdhírithe atá á cur ar fáil aige cheana d’fhonn cumas déantúsaíochta a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí agus táirgí neodrachta atá úrscothach agus straitéiseach. Cuirfidh an pacáiste a ceadaíodh inniu go mór leis na cuspóirí atá leagtha amach i bPlean Tionsclaíoch Comhaontaithe Ghlais an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Ré na Neodrachta.

Ag a gcruinniú i Lucsamburg i mí Iúil, shocraigh Bord Stiúrthóirí an BEI go méadófaí go €45 billiún an t-airgead breise a chuirfí ar leataobh do thionscadail atá ar aon dul le REPowerEU, an plean a dearadh chun deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar iompórtálacha breoslaí iontaise. Tagann an maoiniú breise sin anuas ar an tacaíocht shuntasach atá tugtha ag an BEI cheana féin d’infheistíochtaí glana agus is ionann é agus méadú 50% ar an bpacáiste bunaidh €30 billiún a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Shocraigh Bord an BEI freisin go gcuirfí le raon na n-earnálacha a bheadh incháilithe d’fhonn borradh a chur faoin maoiniú do dhéantúsaíocht teicneolaíochtaí neodrachta atá úrscothach agus straitéiseach, agus d’eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil amhábhar ríthábhachtach san Aontas Eorpach. Beidh an maoiniú breise íoctha amach faoi 2027 agus meastar, ar an iomlán, go spreagfar breis is €150 billiún d’infheistíocht sna spriocearnálacha dá bharr.

“Táimid ar theann ár ndíchill le tacú le hiomaíochas tionsclaíoch na hEorpa, le déantúsaíocht, agus le teicneolaíochtaí ríthábhachtacha a chuirfidh ar ár gcumas aistriú go sciobtha chuig saol na neodrachta ar bhealach cóir cothrom,” a dúirt Uachtarán an BEI, Werner Hoyer. “Is féidir le muintir an Aontais talamh slán a dhéanamh de thacaíocht a mBainc i gcónaí.”

I measc na n-earnálacha atáthar ag súil a bhainfidh leas as an tacaíocht ón BEI don déantúsaíocht úrscothach tá teicneolaíochtaí fótavoltacha agus grianteasa, an ghaoth ar an gcladach agus amach ón gcósta, ceallraí agus stóráil fuinnimh, teaschaidéil agus teicneolaíochtaí geoiteirmeacha, leictrealóirí agus cealla breosla, an bithghás inbhuanaithe, gabháil agus stóráil an charbóin, agus teicneolaíochtaí eangaí. Incháilithe freisin beidh infheistíochtaí a bhaineann le heastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil na n-amhábhar ríthábhachtacha gaolmhara.

Cheadaigh Bord Stiúrthóirí an BEI €10 billiún d’iasachtaí nua do thionscadail chomh maith. I measc na dtionscadal a ceadaíodh tá giniúint nua ghaoithe agus ghréine sa Spáinn agus san Ostair, uasghrádú ar an eangach san Iodáil, agus gigeamhonarcha ceallraí d’fheithiclí leictreacha sa Fhrainc. Tríd is tríd, tá gach cosúlacht ar an scéal anois go n-éireoidh leis an BEI na bearta tacaíochta atá fógartha aige cheana faoi REPowerEU a chur i bhfeidhm.

Cheadaigh an Bord pacáiste cuimsitheach tacaíochta €400 milliún chomh maith le bonneagar uisce óil, bonneagar cóireála fuíolluisce, bonneagar uisce stoirme agus seirbhísí bunúsacha a thabhairt as ais i mbailte agus i gcathracha in oirdheisceart na Tuirce a scriosadh sna creathanna talún i mí Feabhra. Lasmuigh den Aontas Eorpach, cheadaigh an Bord maoiniú d’idirnascaire nua leictreachais idir Eacuadór agus Peiriú, mar aon le maoiniú cuíchóirithe do thionscadail ar an mionchóir ar fud na hAfraice i réimsí an fhuinnimh ghlain agus an aistrithe ghlais.

Eolas cúlra

Is é Grúpa an BEI institiúid maoinithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na ballstáit é. Tá sé comhdhéanta den Bhanc Eorpach Infheistíochta (an BEI) agus den Chiste Eorpach Infheistíochta (an CEI). Cuirimid maoiniú ar fáil le haghaidh infheistíochtaí fónta a chuireann le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an comhtháthú sóisialta agus críche agus an t-aistriú cóir cothrom chuig an neodracht aeráide.

Bhí an BEI ar an gcéad banc iltaobhach forbartha le scor de thacú le breoslaí iontaise agus tá gealltanas tugtha aige tacú le luach €1 trilliún d’infheistíocht aeráide as seo go ceann 10 mbliana. Bhí breis agus leath den mhaoiniú a thug Ghrúpa an BEI amach ar iasacht in 2022 dírithe ar thionscadail aeráide agus inbhuanaitheachta comhshaoil, agus is i ndáil le tionscadail i réigiúin chomhtháthaithe, áit a bhfuil an t-ioncam per capita níos ísle, a síníodh beagnach leath de mhaoiniú Eorpach an BEI, rud a leagann béim ar a thiomanta atá an Banc do chothrom na Féinne ó thaobh fáis de..

Is é Grúpa an BEI crann taca nuálaíochta na hEorpa. Feabhsaíonn an CEI an teacht a bhíonn ag FBManna ar fud na hEorpa ar mhaoiniú trí raon leathan idirghabhálaithe airgeadais roghnaithe, amhail bainc, cuideachtaí ráthaíochta agus léasaithe, soláthraithe micreachreidmheasa agus cistí cothromais phríobháidigh. Déanann CEI ionstraimí cothromais agus maoinithe fiachais a dhearadh agus a chur ar fáil d’fhonn cuspóirí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, agus baineann leas as uirlisí maoinithe an Aontais, amhail Clár InvestEU, le tacú le fiontraíocht, fás, nuálaíocht, taighde agus forbairt, an t-aistriú digiteach agus fostaíocht. Níos luaithe i mbliana sheol sé Tionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa, ciste uaillmhianach cistí a fhéachann lena chinntiú gur san Eoraip a fhanann ceannródaithe teicneolaíochta Eorpacha.

Is é BEI Domhanda a dhéanann plé le hoibríochtaí an BEI lasmuigh den Aontas Eorpach. Mar phríomh-chomhpháirtí de chuid Thairseach Dhomhanda an Aontais, is aidhm linn tacú le luach €100 billiún ar a laghad d’infheistíocht faoi 2028, nó aon trian de sprioc iomlán na straitéise. Tá oifigí ag BEI Domhanda ar fud na cruinne, rud a fhágann go mbíonn sé gar do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’institiúidí áitiúla agus go n-éiríonn leis comhpháirtíochtaí láidre ‘Foireann na hEorpa’ a chothú le hinstitiúidí maoinithe forbartha.

Le tuilleadh eolais a fháil faoi ról agus gníomhaíochtaí Ghrúpa an BEI, féach anseo.