Recherche FR menu Portail client du Groupe BEI
Recherche
Résultats
5 premiers résultats de la recherche Voir tous les résultats Recherche avancée
Recherches les plus fréquentes
Pages les plus visitées
Getty
  • An BEI tar éis tacú leis an tionscnamh €400 milliún 'HousingTechEU' chun tacú le hardábhair, innealtóireacht agus nuálaíocht san earnáil tógála.
  • An CEI tar éis tacú le hinfheistíocht sa chéad chiste caipitil fiontair atá dírithe ar an bpéidiatraic san Eoraip.
  • Bord an BEI tar éis bualadh le heagraíochtaí sochaí sibhialta chun comhpháirtíochtaí domhanda, iasachtú san Úcráin agus comhar le bainc forbartha iltaobhacha eile a phlé.

Cheadaigh Boird Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) €9.2 billiún de mhaoiniú nua chun nuálaíocht a chur chun cinn san earnáil tithíochta, slándáil fuinnimh a neartú agus tacú le córais cúraim sláinte agus uisce ar fud na hEorpa.

D’údaraigh Bord an BEI an tionscnamh €400 milliún 'HousingTechEU', an chéad cheann dá leithéid, d'fhonn borradh a chur faoi nuálaíocht sa tithíocht agus chun tacú le cuideachtaí meánchaipitlithe agus le cuideachtaí móra i margadh tithíochta an AE dlús a chur le nuálaíocht thionsclaíoch, theicneolaíoch agus tógála. Tacóidh an maoiniú nua sin le hábhair thógála, innealra agus innealtóireacht nua a fhorbairt chun cáilíocht tithíochta a fheabhsú agus costais tithíochta a laghdú, agus borradh a chur faoi nuálaíocht agus iomaíochas na hEorpa ag an am céanna.

Tacaíonn an tionscnamh nua seo le Plean Gníomhaíochta Ghrúpa an BEI maidir le Tithíocht Inacmhainne agus Inbhuanaithe, arb aidhm leis an méid maoinithe a chuirtear ar fáil faoi chomhair tithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe ar fud na hEorpa a mhéadú go dtí níos mó ná €4 billiún in 2025.

“Is iad cúram sláinte ar ardchaighdeán agus rochtain ar thithíocht níos fearr dlúth agus inneach an bhonneagair shóisialta atá mar bhonn faoi shaol na hEorpa,” arsa Uachtarán Ghrúpa an BEI, Nadia Calviño. “Is léiriú é an tionscnamh ceannródaíoch tithíochta ar glacadh leis an tseachtain seo go ndéanann an Eoraip beart chun leas na saoránach.”

Chomh maith le tionscnamh 'HousingTechEU', réitigh Boird Ghrúpa an BEI an bealach do 13 oibríocht san iomlán faoi TechEU, agus fócas ar na réimsí glasa agus digiteacha san Eoraip. Tábhachtach go leor don earnáil sláinte, cheadaigh an Ciste Eorpach Infheistíochta infheistíocht sa chéad chiste caipitil fiontair san Eoraip atá dírithe ar an bpéidiatraic. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh sin taighde atá ar thús cadhnaíochta ó ospidéil leanaí agus ó institiúidí acadúla a athrú ina theiripí ceannródaíocha agus, ar an gcaoi sin, dul i ngleic le riachtanais ríthábhachtacha nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu sa chúram sláinte leanaí.

Is é TechEU an clár maoinithe is mó dá bhfuil ag an AE go dtí seo chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an gceannaireacht teicneolaíochta d'fhonn daoine cumasacha, caipiteal agus infheistíocht a mhealladh isteach san Eoraip. Thacaigh an chéad chéim de TechEU leis an Margadh Tionsclaíoch Glan agus beidh an dara céim dírithe ar an nuálaíocht ó thaobh tithíochta agus foirgníochta de.

Ina theannta sin, cheadaigh an BEI maoiniú do thionscadal nua tithíochta inacmhainne sa Ghearmáin, ospidéal nua san Ísiltír, fuinneamh gaoithe sa Ghearmáin agus sa Phortaingéil, bonneagar uisce san Iodáil agus sa Liotuáin, agus iompar inbhuanaithe sa Pholainn.

Lasmuigh den AE, cheadaigh Bord an Chiste Eorpaigh Infheistíochta idirbheart nua a bhfuil sé mar aidhm aige níos mó ná €200 milliún de mhaoiniú a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) san Úcráin, tionscnamh atá ceaptha chun tacaíocht ríthábhachtach a sholáthar do ghnólachtaí áitiúla agus athléimneacht eacnamaíoch a spreagadh. Cheadaigh Bord an BEI maoiniú nua freisin faoi chomhair fhorbairt earnáil phríobháideach na hAfraice, mar aon le tacaíocht do thionscadail uisce sa Bhrasaíl, d’ospidéil agus do líonraí fuinnimh sa tSeirbia agus d'fhuinneamh geoiteirmeach san Íoslainn.

Seimineár sochaí sibhialta

Níos luaithe an tseachtain seo, reáchtáil Bord an BEI an seimineár bliantúil sochaí sibhialta. Bhí beagnach 100 rannpháirtí cláraithe ó eagraíochtaí sochaí sibhialta i láthair chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iasachta san Úcráin agus ar chomhar le bainc forbartha iltaobhacha eile, i measc nithe eile.

Is féidir teacht ar an aitheasc a thug an tUachtarán Calviño do na hionadaithe sochaí sibhialta anseo.

Eolas cúlra  

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Maoiníonn an BEI infheistíochtaí de réir ocht bpríomhthosaíocht a chuireann le cuspóirí beartais an AE: gníomhú ar son na haeráide agus an comhshaol, digitiú agus nuálaíocht teicneolaíochta, slándáil agus cosaint, comhtháthú, talmhaíocht agus bithgheilleagar, bonneagar sóisialta, an Eoraip le bheith níos láidre agus an saol mór le bheith níos mó faoi shíocháin agus faoi rath, agus aontas margaí caipitil na hEorpa.  

Shínigh Grúpa an BEI, a bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (an CEI) ina chuid de, luach beagnach €89 billiún de mhaoiniú nua le haghaidh breis agus 900 tionscadal ardtionchair in 2024, rud a chuir le hiomaíochas agus slándáil na hEorpa.    

Bíonn timpeall leathchuid de mhaoiniú an BEI san AE dírithe ar réigiúin chomhtháthaithe, áiteanna ar lú an t-ioncam per capita ná an meánráta san AE. Téann nach mór 60% d’infheistíochtaí bliantúla Ghrúpa an BEI chun tacú leis an ngníomhú ar son na haeráide agus leis an inbhuanaitheacht comhshaoil.

Tá grianghraif reatha ardchaighdeáin de cheanncheathrú na heagraíochta ar fáil do na meáin anseo. 

Contact

Bruno Hoyer

Référence

2025-411-GA

Partager