Search EN menu en EIB GROUP CLIENT PORTAL
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages

Éire agus an Banc Eorpach Infheistíochta

Táimid ag obair in Éirinn ó bhí 1973 ann, ag tacú leis an earnáil cúraim sláinte, le gnólachtaí beaga, leis an digitiú agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh.

In Éirinn, mhaoiníomar leathnú agus uasghrádú scoileanna agus ollscoileanna, thacaíomar le tógáil tithe agus ospidéal nua, agus chothaíomar nuálaíocht chorparáideach agus fás gnó.

Chuir maoiniú ón BEI borradh faoi ghiniúint fuinnimh in-athnuaite, d’fheabhsaigh éifeachtúlacht fuinnimh, neartaigh tarchur fuinnimh, agus d’uasghrádaigh iompar uirbeach, calafoirt agus aerfoirt.

Léargas d’aon amharc

Cuireann an BEI maoiniú agus saineolas ar fáil i dtaca le tionscadail infheistíochta in Éirinn atá fónta agus inbhuanaithe.

Gníomhaíocht Ghrúpa an BEI in Éirinn de réir tosaíochta

(In € milliún, arna nuashonrú ag deireadh na bliana roimhe)

Gníomhaíocht an BEI in Éirinn de réir earnála ó cuireadh tús le hoibríochtaí sa tír

Scéalta maidir le saothar an BEI in Éirinn

Faigh tacaíocht ón BEI in Éirinn

Tacaímid le tionscadail a chuireann dlús leis an aistriú glas, a chuireann borradh faoi nuálaíocht i réimse na teicneolaíochta, a dhaingníonn slándáil agus cosaint, agus a thacaíonn le comhtháthú réigiúnach agus le forbairt bonneagair shóisialta. Tugann ár dtiomantas don fhorbairt idirnáisiúnta agus do chomhtháthú na margaí caipitil cosaint do sheasamh láidir na hEorpa ar an ardán idirnáisiúnta. Cuireann ár dtosaíochtaí le fás, le rathúnas agus le dul chun cinn teicneolaíochta agus sóisialta i ngach ballstát ar leith, ar fud an AE ar fad agus ar fud an domhain.

Tionscadail bheaga

I gcás tionscadail bheaga (níos lú ná € 25m de ghnáth)

Tionscadail mhóra

I gcás tionscadail mhóra (níos mó ná € 25m)

Seirbhísí comhairleacha

Faigh cúnamh comhairleach agus teicniúil

Suirbhé eacnamaíoch an BEI ar infheistíochtaí in Éirinn

Déan teagmháil linn

Údarás áitiúil nó corparáid mhór

Déan teagmháil dhíreach linn inár n-oifig áitiúil

Na Meáin

Déan teagmháil lenár bpreasoifigeach

Preasoifig:
Tel.  +352 43791
press@eib.org
www.eib.org/press

Fiosruithe ginearálta

Déan teagmháil leis an Deasc Eolais má bhíonn ceisteanna agat maidir le saoráidí maoinithe, gníomhaíochtaí, eagar agus cuspóirí an BEI

Déan teagmháil linn
Teil.  +352 4379-22000
Ceisteanna coitianta