• Léiríonn an tUachtarán Nadia Calviño an fhís atá aici do Ghrúpa BEI amach anseo ag cruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ecofin) in Gent.
  • I gcroílár a cur chuige tá plean uaillmhianach chun tacú le ceannaireacht na hEorpa san aistriú glas agus san aistriú digiteach araon agus chun an bhearna a dhúnadh ó thaobh infheistíocht sa nuálaíocht, teicneolaíochtaí nua agus an bhonneagair fhisiciúil agus shóisialta ar mhaithe le réigiúin, gnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa.
  • Leag Uachtarán BEI pleananna amach leis chun dlús a chur le maoiniú ó Ghrúpa BEI do shlándáil agus do chosaint na hEorpa, agus béim láidir á leagan ar theicneolaíochtaí nua, ar ghnéithe den bhonneagar criticiúil amhail rialú teorann, ar an gcibearshlándáil, ar theicneolaíochtaí spáis agus dé-úsáide amhail dróin, agus spreagadh úr á thabhairt san am céanna chun tacú le comhpháirtíochtaí nua agus níos láidre. Tá obair ar bun anois leis an gCoimisiún Eorpach agus le príomhpháirtithe leasmhara eile maidir le raon feidhme agus sainmhíniú na dteicneolaíochtaí “dé-úsáide”.

Inniu, roinn Nadia Calviño, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, straitéis uaillmhianach le hairí airgeadais an Aontais arb é is aidhm di cur le láidreachtaí Ghrúpa BEI trí dhíriú ar ocht bpríomhthosaíocht bheartais agus trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na hinstitiúide chun borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcomhtháthú sóisialta agus críochach araon, agus tacú le ceannaireacht na hEorpa san aistriú glas agus san aistriú digiteach, chomh maith le hiomaíochas, neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa a mhéadú.

Ba é an plé, a bhí ar siúl le linn an chruinnithe Ecofin neamhfhoirmiúil in Gent, an chéad mhalartú tuairimí straitéiseach idir gobharnóirí BEI agus an tUachtarán nua a chuaigh i mbun a dualgas an 1 Eanáir 2024.

Tháinig an cruinniú i ndiaidh roinnt seachtainí de dhianchruinnithe rannpháirtíochta idir an tUachtarán agus scairshealbhóirí aonair an Bhainc. Thug Calviño cuairt ar scata príomhchathracha agus bhuail le hairí agus le ceannairí rialtais mar chuid di sin.

Tá an bhearna infheistíochta sa nuálaíocht, i dteicneolaíochtaí nua agus sa bhonneagar fisiciúil agus sóisialta – laistigh den Aontas Eorpach agus lasmuigh de – ar mhaithe le réigiúin, gnólachtaí agus saoránaigh na hEorpa i gcroílár an chur chuige a sheol Uachtarán Ghrúpa BEI in Gent inniu.

Is é aidhm na dtionscnamh nua a cuireadh i láthair infheistíochtaí a dhíriú ar mhaolú agus ar oiriúnú don athrú aeráide agus don aistriú fuinnimh, agus ar an digitiú agus ar theicneolaíochtaí nua araon. Áirítear orthu sin freisin pleananna chun dlús a chur le hinfheistíocht sa tslándáil agus sa chosaint, chun cur leis an tacaíocht a thugtar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus chun na fiontair sin a mhéadú ó scála, chun comhtháthú críochach agus bonneagar sóisialta a threisiú i réimsí amhail an t‑oideachas, an tsláinte agus tithíocht inacmhainne, agus chun infheistíocht a dhéanamh sa talmhaíocht agus sa bhith-theicneolaíocht. Lasmuigh den Aontas Eorpach, dírítear sa straitéis ar thacaíocht a chur ar fáil don Úcráin agus ar phróiseas méadaithe a mbeidh rath air, agus ar straitéis Thairseach Dhomhanda an Aontais.

“Is díol mór sásaimh dom plé cuiditheach an lae inniu le hairí airgeadais an Aontais atá faoi chathaoirleacht Uachtaránacht na Beilge. Cabhróidh formhuiniú láidir ár straitéise ó na hairí linn tógáil ar láidreachtaí Ghrúpa BEI agus lánacmhainneacht na hionstraime cumhachtaí seo a bhaint amach chun tacú le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais agus chun dul i ngleic go rathúil le dúshláin dhomhanda an lae inniu,” a dúirt an tUachtarán Calviño.

Ba é Vincent Van Peteghem, Aire Airgeadais na Beilge agus Cathaoirleach Bhord BEI, a bhí i mbun cathaoirleacht ar chruinniú an lae inniu. Dúirt sé: “Tá dúshláin ollmhóra roimh an Eoraip, agus tá maoiniú ollmhór de dhíth uirthi. Ós é BEI an banc iltaobhach is mó ar domhan, is féidir leis cabhrú le rialtais na cistí is gá a shlógadh chun maoiniú a chur ar fáil toisc na ndúshlán atá romhainn, amhail an chosaint, an aeráid agus an t‑iomaíochas. Tá an saineolas ceart agus na huirlisí cearta ag BEI chun rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a chinntiú. Le stampa cáilíochta a chur ar thionscadail infheistíochta áirithe, tugann BEI creidiúnacht láidir do níos mó tionscadal a bhfuil riosca ag baint leo – rud a chuireann ar chumas infheisteoirí príobháideacha a bheith rannpháirteach.”

Tógáil ar láidreachtaí Ghrúpa BEI trí dhíriú ar ocht bpríomhthosaíocht

Chuir an tUachtarán Calviño ocht bpríomhthosaíocht faoi bhráid na n‑airí a chuideoidh le geilleagar níos athléimní, níos cothroime agus níos iomaíche a thógáil: banc aeráide a chomhdhlúthú; dlús a chur leis an nuálaíocht theicneolaíoch agus leis an digitiú; borradh a chur faoin infheistíocht sa tslándáil agus sa chosaint; rannchuidiú leis an mbeartas comhtháthaithe nua-aimseartha; maoiniú nuálach a fhorbairt don talmhaíocht agus don bhithgheilleagar; díriú ar infheistíocht sa bhonneagar sóisialta; Aontas na Margaí Caipitil a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach a dhíriú ar straitéis na Tairsí Domhanda, an Úcráin agus próiseas méadaithe a mbeidh rath air.

Leag Uachtarán BEI pleananna amach freisin chun dlús a chur le maoiniú Ghrúpa BEI do shlándáil agus do chosaint na hEorpa, agus béim láidir á leagan ar theicneolaíochtaí nua, ar bhonneagar criticiúil amhail rialú teorann, ar an gcibearshlándáil agus ar theicneolaíochtaí spáis agus dé-úsáide ar nós drón. Tá tacaíocht nua sa straitéis freisin do chomhpháirtíochtaí nua níos láidre. “Táimid i dteagmháil leis an gCoimisiún Eorpach agus le príomhpháirtithe leasmhara eile cheana féin maidir le raon feidhme agus sainmhíniú ‘dé-úsáide’,” a dúirt sí.

I measc na n‑ábhar a pléadh bhí uirlisí maoinithe nua a chruthú le haghaidh teicneolaíochtaí straitéiseacha, cuir i gcás sliseanna, agus le haghaidh phríomhearnálacha an gheilleagair fosta, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide.

Tar éis phlé Ecofin, oibreoidh Grúpa BEI lena Bhord Stiúrthóirí chun na tograí seo a leanas a fhiosrú agus a mhionchoigeartú:

  • clár éifeachtúlachta fuinnimh FBManna chun croíghrúpa de theicneolaíochtaí glasa agus de theicneolaíochtaí atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a mhéadú;
  • clár nua uisce chun cabhrú le cathracha, le réigiúin agus le gnólachtaí, go háirithe le feirmeoirí agus le hearnáil na talmhaíochta, tionchar an triomaigh agus na dtuilte a bhainistiú, an timthriall uisce a dhigitiú agus a éifeachtúlacht a mhéadú;
  • clár nua níos sciobtha chun dlús a chur leis an digitiú agus leis an nuálaíocht theicneolaíoch laistigh den Aontas Eorpach;
  • ionstraimí airgeadais ceannródaíocha de chuid an Aontais ar féidir leo a bheith ina mbloic thógála d’Aontas na Margaí Caipitil.

Leas a bhaint as acmhainneacht iomlán Ghrúpa BEI chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh

Chun an bhearna infheistíochta le haghaidh rath na hEorpa san aistriú glas agus san aistriú digiteach araon a dhúnadh, ní mór leas iomlán a bhaint as acmhainní poiblí, an rómhaorlathas a laghdú, an tréimhse chuig an margadh a laghdú agus an earnáil phríobháideach a phlódú isteach.

Leag an tUachtarán Calviño pleananna uaillmhianacha amach freisin chun an éifeachtúlacht a mhéadú in oibríochtaí Ghrúpa BEI, cuir i gcás trí phróisis a chuíchóiriú agus a dhigitiú, agus ar an gcaoi sin an t‑am a thógann sé chun tionscadail a fhormheas agus a sheachadadh ar an láthair a laghdú.

Is é BEI craobh airgeadais an Aontais Eorpaigh ag a bhfuil clár comhardaithe ar fiú os cionn EUR 550 billiún, riocht láidir airgeadais agus cuntas teiste gan sárú maidir le hinfheistíocht a dhéanamh sa mhórbhonneagar, san aeráid agus sa nuálaíocht. Gníomhaíonn BEI mar spreagadh d’infheistíocht phríobháideach (le haghaidh gach euro de chaipiteal BEI a úsáidtear, déantar EUR 40 d’infheistíocht a shlógadh) agus tá ról frith-thimthriallach aige a chuireann leis an gcobhsaíocht eacnamaíoch. Is bunús an-láidir é sin i gcomhair gníomhaíochtaí giarála sna blianta amach romhainn.

Faisnéis chúlra

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (ElB) institiúid iasachtaí fadtéarmacha an Aontais Eorpaigh, atá faoi úinéireacht a Bhallstát. Déanann sé infheistíochtaí fónta a rannchuidíonn le cuspóirí beartais an Aontais. Cuireann BEI borradh faoin iomaíochas, spreagann sé nuálaíocht, cuireann sé an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn, cuireann sé feabhas ar an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, agus tacaíonn sé le haistriú cóir tapa i dtreo na haeráidneodrachta.

Shínigh Grúpa BEI, a bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) mar chuid de, maoiniú nua dar luach EUR 88 billiún san iomlán do bhreis agus 900 tionscadal in 2023, agus rinneadh EUR 49 billiún den mhéid sin in infheistíochtaí glasa. Meastar go slógfar leis na gealltanais sin thart ar EUR 320 billiún d’infheistíocht lena dtacófar le 400 000 cuideachta agus le 5.4 milliún post.

Tá gach tionscadal a maoiníonn Grúpa BEI é i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Táimid ar an mbóthar ceart chun ár dtiomantas do thacú le EUR 1 trilliún in infheistíocht inbhuanaitheachta aeráide agus comhshaoil a chomhlíonadh sna deich mbliana amach romhainn go 2030, mar a gealladh i dTreochlár an Bhainc Aeráide. Tacaíonn breis agus leath de mhaoiniú bliantúil Ghrúpa BEI le tionscadail a rannchuidíonn go díreach le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus le comhshaol níos sláintiúla a bhaint amach.

Dírítear tuairim is leath de mhaoiniú BEI laistigh den Aontas Eorpach ar réigiúin chomhtháthaithe, áit a bhfuil an t‑ioncam per capita níos ísle. Cuirtear béim leis sin ar thiomantas an Bhainc fás cuimsitheach agus cóineasú caighdeán maireachtála a chothú chomh maith le haistriú glas cóir ar fud an Aontais Eorpaigh.