>@Getty
© Getty
  • BEI Domhanda lena chéad chur chuige don aistriú cóir agus athléimneacht chóir a sheoladh.
  • Tionscnaimh agus tionscadail nua ar son an ghníomhaithe ar son na haeráide ar fud an domhain.
  • Tá deimhnithe san athbhreithniú meántéarma ar Threochlár Ghrúpa an BEI maidir leis an mBanc Aeráide go bhfuil dul chun cinn déanta ar spriocanna uaillmhianacha i dtaca leis an ngníomhú ar son na haeráide agus an inbhuanaitheacht comhshaoil.

Tá an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) réidh le bheith páirteach i gComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28) in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, ón 30 Samhain go dtí an 12 Nollaig 2023. Cuirfidh an Banc i láthair réitigh inláimhsithe chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus chomhshaoil in éineacht lena chomhpháirtithe domhanda.

Déanfaidh Grúpa an BEI (an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta) tionscadail nua a fhógairt a bhaineann le teicneolaíocht fuinnimh agus oiriúnú aeráide nuálach chomh maith le cur chuige ceannródaíoch i leith tionscadail don aistriú cóir agus athléimneacht chóir ar fud an domhain. Tá an BEI ag obair go dlúth le bainc forbartha iltaobhacha eile agus leis an earnáil phríobháideach le tacaíocht a fhógairt le linn COP28 a thabharfar do thíortha le tionscadail a ullmhú agus a mhaoiniú agus straitéisí fadtéarmacha mar bhonn fúthu i dtreo na forbartha dícharbónaithe a bheidh seasmhach ó thaobh na haeráide de.

Ó 2019 ar aghaidh, tá athrú ó bhonn tagtha ar an BEI agus is é banc aeráide an AE é anois. Tá an banc tar éis méadú breis agus 80% a thabhairt don mhaoiniú glas bliantúil go leibhéal níos airde ná €36 billiún agus deireadh a chur leis an tacaíocht do thionscadail fuinnimh breosla iontaise neamhlaghdaithe, gás nádúrtha san áireamh.

“Tá an saol ag plé le hiarmhairtí an athraithe aeráide, agus is iad na daoine is leochailí sa chuid den domhan atá i mbéal forbartha is mó atá thíos leis cé gurb iadsan is lú atá freagrach as”, a dúirt Werner Hoyer, Uachtarán an BEI. Dúirt sé an méid seo chomh maith: “Garsprioc ríthábhachtach maidir leis an ngníomhú idirnáisiúnta ar son na haeráide is ea COP28. Caithfimid na deiseanna a thapú agus gan géilleadh don chás is measa. Caithfimid tarraingt le chéile agus teacht ar aon intinn lenár gcomhpháirtithe le réitigh phraiticiúla a fhorbairt don athléimneacht aeráide, deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise agus acmhainneacht fuinnimh ghlan a mhéadú bunaithe ar theicneolaíocht nuálach trína gcuirfear poist ghlasa agus fás inbhuanaithe ar fáil. Iarraim ar ár gcomhpháirtithe go léir oibriú as lámha a chéile san iarracht seo.”

Dúirt Ambroise Fayolle, an Leas-Uachtarán de chuid an BEI atá freagrach as an ngníomhú ar son na haeráide, an comhshaol agus forbairt, an méid seo: “Tá an BEI i ndiaidh éisteacht leis na héilimh ar na bainc forbartha iltaobhacha cur leis an tionchar óna n-iarrachtaí comhchoiteanna sa ghníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil. Táimid ag obair leis na bainc forbartha iltaobhacha eile ar thionscnaimh uaillmhianacha a fhógrófar le linn COP28. Tá Bord Stiúrthóirí an BEI i ndiaidh formheas a thabhairt don athbhreithniú meántéarma ar Threochlár an bhainc maidir leis an mBanc Aeráide ina ndeimhnítear go bhfuil a sprioc 50% don mhaoiniú glas sáraithe cheana féin ag an mBanc don dara bliain as a chéile.”

Seo an méid a dúirt Thomas Östros, an Leas-Uachtarán de chuid an BEI atá freagrach as infheistíochtaí fuinnimh: “Cuireann an BEI fáilte roimh an sprioc atá ag Uachtaránacht COP28 méadú faoi thrí a bhaint amach san acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite faoi 2030 agus feabhas ollmhór a bhaint amach san éifeachtúlacht fuinnimh inár dtithe, foirgnimh phoiblí agus áiteanna oibre. Tá an-taithí againn ar a bheith ag tacú le hinfheistíocht san fhuinneamh glas ar fud an domhain. Táimid ag tacú chomh maith le seasamh an AE i gcomhair COP28, is é sin gur gá deireadh a chur de réir a chéile go domhanda le breoslaí iontaise neamhlaghdaithe mar chuid den aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach. Muidne a bhí ar an gcéad institiúid idirnáisiúnta airgeadais a chuir deireadh leis an maoiniú le haghaidh tionscadail fuinnimh breosla iontaise neamhlaghdaithe cheana féin in 2019. Beimid ag dul i bpáirt le comhpháirtithe eile le linn COP28 le tionscadail nuálacha don fhuinneamh glan a fhógairt ina gcuirfear réitigh phraiticiúla i láthair le geilleagar ár dtíortha a dhícharbónú.”

Dúirt Gelsomina Vigliotti, an Leas-Uachtarán de chuid an BEI atá freagrach as gnóthais bheaga agus mheánacha agus cuideachtaí lárchaipitlithe, agus atá mar Chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí an Chiste Eorpaigh Infheistíochta an méid seo: “Anuas ar an athrú aeráide, tá gnólachtaí Eorpacha ag dul i ngleic le dúshláin éagsúla taobh le riachtanais phráinneacha infheistíochta agus dálaí airgeadais atá ag éirí níos déine. Táim ag tnúth le labhairt le linn COP28 ar an tslí a bhfuil Grúpa an BEI ag obair leis an gCoimisiún Eorpach agus le comhpháirtithe chun cuidiú le gnóthais a gcuid gníomhaíochtaí a ghlasú, measúnú riosca maidir leis an aeráid a chur san áireamh agus chun tacú le hinfheistíochtaí sa teicneolaíocht ghlan mar chuid de na cuspóirí atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip.”

Aistriú cóir agus athléimneacht chóir

Le linn COP28, déanfaidh rannóg forbartha an BEI, BEI Domhanda, cur chuige na rannóige a chur i láthair i leith tacaíocht a thabhairt don aistriú cóir agus athléimneacht chóir ar fud an domhain. Tá sé fíorthábhachtach dul i ngleic leis an tionchar socheacnamaíoch a bhaineann le beartais gníomhaithe aeráide agus ag an athrú aeráide féin lena dheimhniú nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach domhanda, atá aeráid-díonach chomh maith.

Tá an BEI ag tacú leis an aistriú cóir san Aontas Eorpach le fada. Tá BEI Domhanda ag cur leis an taithí sin anois agus ag cur le gníomhaíochtaí an Bhainc ar son aistriú cóir sna réigiúin sin is mó a bhfuil tionchar orthu de bharr iarrachtaí le dícharbónú a bhaint amach agus sna réigiúin ina bhfuil sé i gceist aistriú chuig cineálacha níos inbhuanaithe geilleagair. Lena chois sin, an aidhm atá leis an gcur chuige san athléimneacht chóir ná dul i ngleic leis na drochéifeachtaí neamhbheartaithe a bhaineann le beartais agus gníomhartha oiriúnaithe trí bhíthin infheistíochtaí bunaithe ar anailís shóisialta. Mar aon leis sin, cumhacht a thabhairt do thíortha agus daoine a bhfuil tionchar éagothrom orthu de dheasca an athraithe aeráide na hathruithe sin a sheasamh agus dul in oiriúint dóibh, mar shampla, na tíortha is lú forbairt, stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha agus stáit leochaileacha. Tá géarghá le leibhéil níos airde den athléimneacht aeráide taobh le beartais i dtaobh aistriú cóir aeráide a chinntiú óir tá an t-ardú ar an teocht ag cur leis an éagothroime ar bhonn réigiúnach agus sóisialta agus iarmhairtí tromchúiseacha ann.

Athbhreithniú meántéarma ar Threochlár an Bhainc Aeráide

Rinne Bord Stiúrthóirí BEI an t-athbhreithniú meántéarma ar Threochlár Ghrúpa BEI don Bhanc Aeráide a fhormheas díreach roimh COP28. Sa mheastóireacht seo tugtar tuairisc chun dáta ar an dul chun cinn atá déanta ag Grúpa an BEI i dtreo na gcuspóirí atá i dtreochlár ceannródaíoch an Ghrúpa chomh maith le forbairtí rialála agus margaidh a chur san áireamh. Glacadh Treochlár 2021-2025 don Bhanc Aeráide in 2020 chun sprioc Ghrúpa BEI a chur i ngníomh an banc a athrú ó bhonn mar bhanc aeráide an AE agus chun cur le tacaíocht an bhainc don Chomhaontú Glas don Eoraip agus do spriocanna idirnáisiúnta aeráide.

Tugadh gealltanas sa treochlár go dtabharfadh Grúpa an BEI tacaíocht i leith €1 trilliún in infheistíochtaí glasa faoi 2030 chomh maith le hoibríochtaí ar fad an Ghrúpa a shocrú chun bheith ag teacht leis na prionsabail agus spriocanna i gComhaontú Pháras. Maille leis sin, leagadh síos sprioc sa treochlár go mbeadh 50% ar a laghad de mhaoiniú bliantúil an BEI dírithe ar an ngníomhú ar son na haeráide agus ar an inbhuanaitheacht comhshaoil faoi 2025 agus ina dhiaidh. Deimhnítear san athbhreithniú meántéarma go bhfuil Grúpa BEI ag cloí leis an sceideal chun na spriocanna seo a bhaint amach. D’éirigh maoiniú an BEI don ghníomhú ar son na haeráide agus don inbhuanaitheacht comhshaoil chomh hard le 58% den mhaoiniú iomlán in 2022.

Ó glacadh an treochlár, tá Grúpa an BEI i ndiaidh freagairt d’ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an ngéarchéim fuinnimh dá bharr ar bhealach a léiríonn dúthracht threisithe don aistriú i dtreo fuinneamh glas. In Iúil 2023, rinne Grúpa an BEI a phacáiste tacaíochta REPowerEU a mhéadú faoi 50% (ó €30 billiún go €45 billiún). Rinneadh an pacáiste a fhormheas i dtús báire i nDeireadh Fómhair 2022. An aidhm atá ann ná tacú le €150 billiún in infheistíocht faoi 2027 chun dlús a chur leis an aistriú glas san Eoraip, slándáil fuinnimh a láidriú agus teicneolaíochtaí nuálacha a neartú, lena n-áirítear infheistíocht sa déantúsaíocht is nua-aimseartha agus in amhábhair chriticiúla a theastaíonn don gheilleagar.

Suirbhé Aeráide an BEI: Daoine i dtíortha móra tionsclaithe i bhfách le cúiteamh a thabhairt do thíortha ísealioncaim a bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orthu

Táthar tar éis an séú heagrán de Shuirbhé Aeráide BEI a sheoladh sa tréimhse díreach roimh COP28. Tá léirithe in eagrán na bliana seo go bhfuil tacaíocht láidir ann i measc saoránach don ghníomhú domhanda ar son na haeráide agus an tionchar orthu siúd is leochailí á chur san áireamh. Tá léiriú ann leis ar an imní bhreise atá le brath faoin gcostas maireachtála in a lán tíortha de chuid an AE. Agus é á reáchtáil ó 2018 i leith, tugtar léargas sa Suirbhé ar na tuairimí a bhaineann leis an athrú aeráide atá ag daoine i ngeilleagair mhóra ar fud an domhain. Tá freagraí ann ó níos mó ná 30 000 duine san Aontas Eorpach, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, sna Stáit Aontaithe, san India, sa tSeapáin, sa Ríocht Aontaithe, i gCeanada agus sa Chóiré Theas as painéal ionadaíoch daoine 15 bliana d’aois agus os a chionn i ngach ceann de na tíortha a ndearnadh suirbhé orthu.

Agallaimh leis na meáin

I gcás iarratais chun agallamh a dhéanamh le hUachtarán an BEI Werner Hoyer, le Leas-Uachtaráin de chuid an BEI Ambroise Fayolle, Gelsomina VigliottiThomas Östros, nó le duine dár saineolaithe, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn.

An BEI mar chuid de COP28

Tá forléargas ar ghníomhaíochtaí an BEI mar chuid de COP28 ar ár láithreán gréasáin. Tá pailliún ag an BEI sa láthair d’imeachtaí ar an imeall sa chrios gorm agus tá sraith imeachtaí ar cheisteanna éagsúla beartaithe againn. Tá an clár iomlán anseo. Tá fáilte romhat breathnú ar na seisiúin beo agus iad á gcraoladh nó am éigin níos moille de réir mar a oireann duit féin. Lena chois sin, tá pailliún á úsáid ag an BEI in éineacht le grúpa na mbanc forbartha iltaobhach. Tá an clár iomlán anseo.

Eolas cúlra

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil i gcomhair infheistiú fónta d’fhonn a chion féin a dhéanamh le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn.

  • Rinneadh athrú ar bheartas iasachta fuinnimh an BEI in 2019 nuair a bhí sé ar an gcéad bhanc forbartha iltaobhach le deireadh a chur leis an maoiniú i gcomhair tionscadail fuinnimh breosla iontaise neamhlaghdaithe.
  • Bhí an BEI ar an gcéad bhanc forbartha iltaobhach lena chuid gníomhaíochtaí airgeadais a shocrú chun bheith ag teacht le Comhaontú Pháras, rud a rinne sé siar in 2021.
  • Is é is aidhm do Ghrúpa an BEI i dTreochlár an Bhainc Aeráide tacú leis an €1 trilliún d’infheistíocht sa ghníomhú ar son na haeráide agus san inbhuanaitheacht comhshaoil sna deich mbliana is práinní, 2021-2030.
  • Tá gealltanas tugtha ag an BEI infheistíocht sa ghníomhú ar son na haeráide agus san inbhuanaitheacht comhshaoil a mhéadú go leibhéal níos airde ná 50% d’iasachtú bliantúil an BEI faoi 2025 — rinneadh é sin a shárú anuraidh nuair a baineadh 58% de amach.

Is é BEI Domhanda rannóg speisialaithe Ghrúpa BEI atá dírithe ar oibríochtaí taobh amuigh den Aontas Eorpach agus atá ina phríomh-chomhpháirtí i straitéis an AE an Tairseach Dhomhanda. Is é is aidhm dúinn tacú le luach €100 billiún ar a laghad d’infheistíocht faoi dheireadh 2027, thart ar aon trian den sprioc iomlán sa Tairseach Dhomhanda. Mar chuid d’Fhoireann na hEorpa, tá BEI Domhanda ag obair le comhpháirtíochtaí láidre spriocdhírithe a fhorbairt taobh le hinstitiúidí airgeadais forbartha eile agus leis an tsochaí shibhialta. Is é BEI Domhanda a dhéanann ceangal a fhorbairt idir Grúpa BEI agus pobail, cuideachtaí agus institiúidí trínár n-oifigí ar fud an domhain..