Suche starten DE menü Kundenportal der EIB-Gruppe
Suche starten
Ergebnisse
Top-5-Suchergebnisse Alle Ergebnisse anzeigen Erweiterte Suche
Häufigste Suchbegriffe
Meistbesuchte Seiten

    Is ag an mBord Stiúrthóirí amháin atá an chumhacht le cinntí a ghlacadh maidir le hiasachtaí agus ráthaíochtaí. Chomh maith lena chinntiú go ritear an Banc i gceart, áirithíonn sé go ndéantar an Banc a bhainistiú ar bhealach atá i gcomhréir le forálacha an Chonartha agus an Reachta, agus leis na treoracha ginearálta a leagann síos na Gobharnóirí. Bíonn 28 stiúrthóir agus 31 stiúrthóir malartach ar an mBord Stiúrthóirí. Is iad na Gobharnóirí a cheapann iad go ceann tréimhse in-athnuaite cúig bliana. Ainmníonn gach Ballstát stiúrthóir amháin agus ainmníonn an Coimisiún Eorpach stiúrthóir eile. Ainmníonn na Ballstáit na stiúrthóirí malartacha de réir a sciar caipitil agus chomhaontú a dtogh-ghrúpa. Ainmníonn an Coimisiún comhalta malartach amháin chomh maith.

    Ina theannta sin, d’fhonn cur le saineolas gairmiúil an Bhoird Stiúrthóirí i réimsí áirithe, is féidir leis an mBord seisear saineolaithe ar a mhéad a chomhthoghadh (triúr Stiúrthóirí agus triúr Stiúrthóirí Malartacha), a ghlacann páirt i gcruinnithe an Bhoird i gcáil chomhairleach, gan ceart vótála a bheith acu.

    Glactar cinntí le tromlach de thrian ar a laghad de na comhaltaí atá i dteideal vótáil agus a dhéanann ionadaíocht ar 50% ar a laghad den chaipiteal suibscríofa nó, i réimsí a bheidh sainmhínithe go soiléir, le hocht vóta dhéag ar a laghad ina bhfabhar, a dhéanann ionadaíocht ar 68% ar a laghad den chaipiteal suibscríofa.

    Beidh Uachtarán an Choiste Bainistíochta nó, má bhíonn sí as láthair, duine de na Leas-Uachtaráin, i gceannas ar chruinnithe an Bhoird Stiúrthóirí ach ní vótálfaidh sí.

    Eolas tábhachtach:

     

      Stiúrthóir Stiúrthóir Malartach
    An Ghearmáin Judith HERMES

    Susanne BLOMENHOFER
    Nina WUNDERLICH

    An Fhrainc Claire CHEREMETINSKI Pierre-Marie VOEGELI
    Quentin NAVARO AUBURTIN
    An Iodáil Manuela NENNA Francesca MERCUSA
    Bianca GIANNINI
    An Spáinn Ines CARPIO SAN ROMÁN Isabel GARAYO ORBE
    An Phortaingéil Filipe CARTAXO Rosa CAETANO
    An Bheilg Hans D’HONDT Philippe NIZEYIMANA
    Lucsamburg Nicolas JOST Sofia TILOTTA
    An Ísiltír Robin UYTERLINDE Timo BAKRIN
    An Chróit Stipe ŽUPAN Ines ŠPIRIĆ
    An Ungáir Sándor LADÁNYI Róbert BARTUS 
    An Pholainn Tomasz SKURZEWSKI Maciej TABACZAR
    An Danmhairg Julie SONNE Post folamh
    Éire Desmond CARVILLE Michael TAGGART
    An Ghréig Michael ARGHYROU Charilaos LAMPROPOULOS
    An Rómáin Mihai-Calin PRECUP Boni Florinela CUCU
    An Eastóin Martin PÕDER Pille PRUUNSILD
    An Laitvia Armands EBERHARDS Aija ZITCERE
    An Liotuáin Mindaugas PAKŠTYS Darius TRAKELIS
    An Ostair Karin RYSAVY Alexander BRÄU
    An Fhionlainn Kristina SARJO Anne af URSIN
    An tSualainn Sara TÄGTSTRÖM Kristina ÅKESSON
    An Bhulgáir Metodi METODIEV Gergana BEREMSKA
    Poblacht na Seice Petr PAVELEK Radek HŘEBÍK
    An Chipir Costas CONSTANTINIDES Eleni PITTA
    Málta Martin SPITERI Joseph LICARI
    An tSlóivéin Aleš ŠKOBERNE Martin ZDOVC
    An tSlóvaic Martina KOBILICOVÁ Peter FRÖHLICH
    An Coimisiún Eorpach Annika ERIKSGAARD Witold WILLAK
    Experts Joes LEOPOLD
    Olivier BAILLY
    Esther RECKTENWALD
    Giorgio GOBBI
    Antonio OPORTO
    Isabel RAMOS DE ALMEIDA

    *Léiriú iad dathanna na rónna ar thogh-ghrúpaí éagsúla na dtíortha ar Bhord Stiúrthóirí an BEI.

    Pléann agus tugann comhairle don Bhord Stiúrthóirí ar bheartais riosca an Bhainc, lena n-áirítear na beartais siúd a bhaineann le gnéithe de Ghrúpa an BEI.

    Pléann agus déanann moltaí maidir le cúrsaí buiséid agus luacha saothair foirne mar ullmhúchán do na díospóireachtaí agus na cinntí ina dhiaidh sin.

    Tugann an Grúpa Comhairleach tuairimí neamhcheangailteacha do Bhord Stiúrthóirí an BEI ar thograí maoinithe a bhaineann le gníomhaíochtaí lasmuigh den Aontas Eorpach.