Stiúrthóir
- 98-100, boulevard Konrad Adenauer
- L-2950 Luxembourg
- Luxembourg
Curriculum Vitae
Tá an CV seo bunaithe ar eolas a chuir an duine i gceist ar fáil don BEI.
Thosaigh Lionel Rapaille leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (an BEI) in 2008 mar oifigeach iasachta don Mheánoirthear agus d’Oirthear na hEorpa. Ina dhiaidh sin, bhí sé i gceannas ar rannóga a bhí i mbun iasachtaí don earnáil phoiblí i gComharsanacht Oirthir an AE agus san Áise Láir, chomh maith leis na Stáit Bhaltacha agus an Pholainn.
Sa bhliain 2022, ceapadh Lionel ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Iasachta i réimse an Mhéadaithe agus Chomharsanacht an AE, agus in 2026, ceapadh ina Leas-Ard-Stiúrthóir ar BEI Domhanda é, is é sin an chuid den bhanc a dhéanann plé le hinfheistíochtaí agus gníomhaíochtaí an BEI lasmuigh den Aontas Eorpach.
Sular thosaigh sé sa BEI, d’oibrigh Lionel i réimse an mhaoinithe tionscadail agus an mhaoinithe ghiaráilte ag Veolia Water agus i gcleachtas Teileachumarsáide, Meán agus Teicneolaíochta Bhanc Corparáideach agus Infheistíochta Crédit Agricole.
Tá Máistreacht Eolaíochta san Innealtóireacht aige ó Télécom ParisTech (1998).