Is saincheist eacnamaíoch ríthábhachtach é comhionannas inscne agus cearta comhionanna a áirithiú do chách.

Le Nadia Calviño, Kristalina Georgieva, agus Odile Renaud-Basso 

LUCSAMBURG – Is deacair focal níos fearr a aimsiú atá níos ábhartha maidir le dúshláin agus tosaíochtaí beartais is mó an domhain ná “cuimsiú,” ar téama Lá Idirnáisiúnta na mBan é i mbliana. Cuid ríthábhachtach den rathúnas inbhuanaithe, den chomhtháthú sóisialta, den iomaíochas agus den chobhsaíocht gheopholaitiúil is ea fás eacnamaíoch cuimsitheach glas a théann chun tairbhe don tsochaí uile. Tá sé ríthábhachtach tacú le “haistriú cóir”, lena n-áirítear gach ball dár sochaithe, chun a áirithiú go mbeidh domhan níos inbhuanaithe agus níos sláine mar thoradh ar an ngníomhú ar son na haeráide agus ar an gclaochlú digiteach araon.

Ní le cothromas amháin a bhaineann comhionannas inscne agus cearta comhionanna; tá ríthábhacht eacnamaíoch ag baint leo freisin. Tugtar le fios i dtaighde ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) go bhféadfaí méadú beagnach 8% a dhéanamh ar OTI i margaí ata ag teacht chun cinn agus i ngeilleagair atá i mbéal forbartha dá laghdófaí an bhearna inscne i margaí saothair. Bheadh na gnóthachain ó dhúnadh iomlán na bearna inscne níos airde fós, ag ardú OTI sna tíortha sin le 23% ar an meán.

Tríd is tríd, baintear amach torthaí níos fearr trí éagsúlacht agus trí ról comhionann a thabhairt do mhná sa gheilleagar, sa chinnteoireacht, agus sa díospóireachtaí beartais. Trí leas a bhaint as na buanna go léir atá ar fáil, déantar táirgiúlacht agus iomaíochas a uasmhéadú, rud a bheidh ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus chun rathúnas domhanda a chur chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach ag tráth ina bhfuil comhéifeachtaí na géarchéime aeráide, na paindéime COVID-19, agus ionradh na Rúise ar an Úcráin ag cur go leor de na héachtaí a bhí bainte amach againn i mbaol a n-aisompaithe.

Agus ceithre bhilliún duine ar fud an domhain ag vótáil i dtoghcháin i mbliana, níl am níos fearr ná anois le haird a tharraingt ar an tionchar mór dearfach atá ag comhionannas inscne ar gach sochaí. Mar shampla, tugtar le fios i dtaighde a rinne an Banc Ceannais Eorpach go dtagann laghdú 0.5% ar astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin mar thoradh ar mhéadú 1 phointe céatadáin ar bhanbhainisteoirí i ngnólacht. Mar an géanna, fuair an Banc Eorpach Infheistíochta amach go bhfuil scóir níos airde comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG) ag gnólachtaí atá faoi stiúir na mban. Ar an gcaoi chéanna, léirítear i dtaighde CAI go bhfuil gnólachtaí den sórt sin níos brabúsaí, agus go bhfuil baint ag níos mó cothromaíochta inscne i mboird bhainc bainteach le cobhsaíocht airgeadais níos fearr agus le feidhmíocht níos fearr. Tugann na torthaí sin le fios nach féidir aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin ár linne gan chuimsiú – ar fud eagraíochtaí agus sna róil is sinsearaí.

Tá fianaise shoiléir ann maidir le dul chun cinn. Tá gnólachtaí á gcur ar bun ag níos mó ban sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh, cé gur lú an rochtain atá acu ar mhaoiniú. Léiríonn sonraí an Bhainc Dhomhanda do 71 tír gurb ionann mná, i 45 de na tíortha, agus sciar méadaitheach de “úinéirí aonair” cuideachtaí.



Conas a d’fhéadfaimis tógáil ar an dul chun cinn seo? Léirítear i staidéar a rinne an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha gur féidir le cláir mhaoiniúcháin chumaisc cabhrú le fiontraithe ban rochtain a fháil ar níos mó creidmheasa agus lena ngnó a mhéadú.

Ós rud é go ndéanann mná 80% de na cinntí maidir le táirgí tomhaltóirí a cheannach nó go mbíonn tionchar ag mná ar na cinntí sin, ní mór do ghnólachtaí tuairimí agus eispéiris na mban a chur san áireamh más mian leo níos mó dá n-earraí a dhíol. Bíonn mná níos comhfhiosaí de ghnáth ó thaobh an chomhshaoil de freisin, agus míníonn sé sin an t-éileamh méadaitheach ó chustaiméirí ar sheirbhísí airgeadais glasa. Ar fud an domhain, tuairiscíonn tomhaltóir amháin as gach triúr go n-íocfadh sí costas breise suas le 25% le haghaidh seirbhísí airgeadais inbhuanaithe.

Léiríonn sé sin arís go bhfuil an cuimsiú go maith don ghnó: léiríonn taighde go bhfuil níos mó ban ar bhoird chorparáideacha ag teacht go dearfach le nochtadh astaíochtaí CO2. Faoi láthair, tá 40% den rachmas domhanda faoi smacht ag mná, agus is mian leo infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí inbhuanaithe. Tuairiscíonn thart ar 74% de mhná go bhfuil suim acu sciar na n-infheistíochtaí ESG ina bpunanna reatha infheistíochta a mhéadú, i gcomparáid le 53% d’fhir. Gnólachtaí nach ndéanann spás do mhná, déanann siad neamhaird ar dheis lena gcuid iomaitheoirí a shárú.

Thar na céadta bliain, tá straitéisí forbartha ag mná chun déileáil le cásanna éagothroma agus, dá bhrí sin, tá luach ar leith ag baint linn maidir le heagraíochtaí ar mian leo an domhan a athrú. Mar gheall ar ár n-eispéireas stairiúil d’eisiamh agus de neamhionannas, is minic is dóichí go n-aithneoimis an gá atá le hathrú agus go mbreithneoidís an tionchar a bhíonn ag oibríochtaí nó ag cinntí beartais cuideachta ar dhaoine eile. Mar an géanna, i dtíortha a bhfuil ionadaíocht níos airde ag mná sa pharlaimint iontu is mó seans go ndaingneofaí conarthaí comhshaoil agus go nglacfaí beartais lena dtugtar aghaidh ar an athrú aeráide.

Tá buanna na mban ina bpríomhspreagadh den dul chun cinn eacnamaíoch agus ina gcuid ríthábhachtach den réiteach maidir leis an athrú aeráide. Tá mná i gceannas cheana féin ar chuid de na comhlachtaí airgeadais a bhfuil an tionchar is mó acu ar domhan, agus tá ról méadaitheach ag mná sa réimse polaitiúil. Ní mór do mhná anois a bheith i gceannas an athraithe go dtí samhail fáis níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe. Tá deis ar leith againn an cuimsiú a chur chun cinn, gealltanais chomhchosúla ó dhaoine eile a spreagadh, agus an todhchaí a mhúnlú chun feabhais.



Is é Project Syndicate a d’fhoilsigh an t-alt seo den chéad uair.

Is í Nadia Calviño Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Is í Kristalina Georgieva Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Is í Odile Renaud-Basso Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha.