Suche starten De menü de ClientConnect
Suche starten
Ergebnisse
Top-5-Suchergebnisse Alle Ergebnisse anzeigen Erweiterte Suche
Häufigste Suchbegriffe
Meistbesuchte Seiten

    Ó cuireadh Banc an AE ar bun in 1958, tá breis agus trilliún euro infheistithe againn. Cé go bhfuil an gníomhú ar son na haeráide mar chuid de gach a ndéanaimid, tá ár ngníomhaíochtaí dírithe ar na réimsí tosaíochta seo a leanas:

    • aeráid agus comhshaol,
    • comhtháthú,
    • nuálaíocht, digiteach agus caipiteal daonna,
    • gnóthais bheaga agus mheánmhéide,
    • cathracha agus réigiúin inbhuanaithe, agus
    • fuinneamh inbhuanaithe agus acmhainní nádúrtha.

    Oibríonn an BEI as lámha a chéile le hinstitiúidí eile den Aontas Eorpach d’fhonn lánpháirtiú na hEorpa a chothú, forbairt an Aontais a chur chun cinn agus tacú le beartais an Aontais i mbreis agus 160 tír ar fud na cruinne.

    Trí BEI Domhanda, a cuireadh ar bun in 2022 d’fhonn tionchar ár gcuid maoinithe forbartha a mhéadú, déanaimid ár gcion féin le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda agus le fás agus deiseanna a chruthú i ngach cearn den domhan.

    Fíricí fánacha

    Ceannáras agus stair

    Bunaíodh an BEI sa Bhruiséil in 1958 agus bogadh chuig Lucsamburg in 1968 é. Faigh amach faoinár stair agus cuir eolas ar ár bhfoirgnimh

    Fíricí agus figiúirí

    Thar aon ní eile, is mian le Grúpa an BEI a oiread difríochta agus is féidir a dhéanamh. Féach measúnacht ar thionchar maicreacnamaíoch a chuid gníomhaíochtaí san Eoraip agus príomhfhigiúrí reachtúla

    A gcuirimid ar fáil

    Cuirimid iasachtaíurrúisinfheistíochtaí cothromais agus seirbhísí comhairleacha ar fáil. Léigh tuilleadh faoinár gcuid táirgí airgeadais.

    Na tíortha a bhfuilimid ag obair iontu

    Táimid ag obair i mbreis agus 160 tír, taobh istigh den AE agus níos faide i gcéin. Faigh amach faoinár dtionscadail

    Ár bhfoireann

    Tá níos mó ná 4 000 ball foirne ag an BEI anois, agus iad lonnaithe i Lucsamburg agus in oifigí seachtracha araon. Faigh amach faoi obair a dhéanamh linn

    Ár Saothar

    Táimid ar an institiúid airgeadais iltaobhach is mó dá bhfuil ann agus ar cheann de na soláthraithe is mó maoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide. Tacaímid le tionscadail a chuireann spriocanna an Aontais Eorpaigh chun cinn. Tuilleadh eolais

    Ár dTionscadail

    Cuirimid maoiniú ar fáil do thionscadail infheistíochta, bídís beag nó mór, a thacaíonn le cuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh. Faigh amach faoi na tionscadail atá againn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin

    Dul i ngleic le dúshláin dhomhanda

    Creidimid nach raibh riamh gá chomh mór sin le gníomhú iltaobhach ná le tacaíocht éifeachtach d’fhorbairt agus fás taobh amuigh den Eoraip. Faigh amach cén chaoi a n-oibríonn an BEI agus a chuid comhpháirtithe as lámha a chéile

    An BEI a Mhaoiniú

    Tá scair gach Ballstáit i gcaipiteal an Bhainc bunaithe ar a láidre a bhí an Ballstát áirithe sin ó thaobh airgeadais de tráth a aontachais leis an Aontas. Faigh miondealú ar chaipiteal an BEI

    Ár n-acmhainní

    Tá an BEI neamhspleách ó thaobh airgeadais de agus eisíonn bannaí ar na margaí caipitil chun airgead a thiomsú. Fágann an rátáil chreidmheasa den scoth atá againn go n-éiríonn linn airgead a thiomsú ar rátaí maithe. Faigh amach faoinár n-acmhainní agus bannaí glasa

    Ár gcliaint

    Cuirimid iasachtaí ar fáil sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Tacaímid le cuideachtaí beaga trí bhainc áitiúla agus is féidir le cuideachtaí meánchaipitlithe tacaíocht dhíreach a fháil faoi chomhair infheistíochtaí taighde agus forbartha. Faigh amach faoi tháirgí agus seirbhísí an Bhainc

    An BEI d’Aon Amharc

    Mar an t‑iasachtóir iltaobhach is mó agus is glaise dá bhfuil ann, cabhraíonn an BEI le geilleagair déanamh go maith, cruthaíonn poist agus cuireann an comhionannas chun cinn. Ó 1958 i leith, tá an BEI ag cur idir iasachtaí agus sainchomhairle ar fáil do na mílte tionscadal i mbreis agus 160 tír.