Recherche FR menu Portail client du Groupe BEI
Recherche
Résultats
5 premiers résultats de la recherche Voir tous les résultats Recherche avancée
Recherches les plus fréquentes
Pages les plus visitées
    Elina ROINE

    Ard-Stiúrthóir

    • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
    • L-2950 Luxembourg
    • Luxembourg

    Curriculum Vitae

    Tá an CV seo bunaithe ar eolas a chuir an duine i gceist ar fáil don BEI.

    Ceapadh Elina Roine ina hArd-Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht um Bainistíocht agus Faireachán Punann an 1 Meitheamh 2026.

    Roimhe sin, bhí sí ina Leas-Ard-Stiúrthóir ar an Stiúrthóireacht Oibríochtaí ó mhí Mheán Fómhair 2024. Bhí sí i gceannas freisin ar an Rannóg Pleanála agus Tacaíochta Gnó laistigh den Stiúrthóireacht Oibríochtaí ó bhí mí na Nollag 2021 ann.

    Sular thosaigh sí sna róil sin, bhunaigh sí Oifig Aeráide na Stiúrthóireachta Oibríochtaí agus bhí sí i gceannas uirthi ar feadh dhá bhliain, áit ar thacaigh sí le haistriú an BEI ina bhanc aeráide agus a raibh sí ar thús cadhnaíochta san obair le Treochlár an Bhainc Aeráide a chur chun feidhme.

    Bhí sí páirteach chomh maith i gclaochlú digiteach oibríochtaí líne tosaigh an Bhainc.

    Thosaigh Elina leis an BEI in 2006 mar Oifigeach Iasachta. Bhí sí freagrach as margadh na Gearmáine, áit a ndearna sí plé le roinnt deighleoga custaiméirí agus táirgí, idir chorparáidí agus institiúidí airgeadais, oibríochtaí ardriosca san earnáil phríobháideach agus mhaoiniú bonneagair san earnáil phoiblí. Ceapadh ina ceannasaí í ar Rannán na Gearmáine in 2013 agus, ina dhiaidh sin, bhí sí i gceannas ar an Rannán Corparáideach i Rannóg Mhuir Bhailt agus Thuaisceart na hEorpa.

    Chuir sí tús lena gairm bhaincéireachta le Nordea Group i Heilsincí, áit ar thug sí aghaidh ar dtús ar an mbainistíocht riosca. Bhog sí isteach i ról líne tosaigh sa bhaincéireacht idirnáisiúnta ina dhiaidh sin. D’aistrigh sí go Londain in 2001 le dul ag obair don Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF). Mar chuid de ghrúpa gnó na nInstitiúidí Airgeadais, d’oibrigh sí i roinnt tíortha ina n-oibríonn an BEAF agus bhí sí i gceannas ar idirbhearta a bhain le fiachas sinsearach, maoiniú trádála agus cothromas, go dtí gur thosaigh sí leis an BEI.

    Tá céim mháistreachta ag Elina san eolaíocht pholaitiúil agus san eacnamaíocht ó Ollscoil Heilsincí, mar aon le céim mháistreachta iarchéime san ardléann idirnáisiúnta ó Scoil an Léinn Idirnáisiúnta i Vín.