Recherche Fr menu fr ClientConnect
Recherche
Résultats
5 premiers résultats de la recherche Voir tous les résultats Recherche avancée
Recherches les plus fréquentes
Pages les plus visitées

    Is aidhm leis an BEI faisnéis thábhachtach a chur ar fáil i roinnt teangacha ionas go mbeidh pobail éagsúla in ann í a thuiscint.

    Tá na gnéithe nascleanúna agus an chuid is mó den ábhar ar an láithreán gréasáin ar fáil sna trí phríomhtheanga go díreach ó na seoltaí gréasáin seo a leanas:

    Béarla (www.eib.org/ga)
    Fraincis (www.eib.org/fr)
    Gearmáinis (www.eib.org/de)

    Más mian leat láithreán gréasáin an BEI a athrú chuig ceann de na teangacha thuas, roghnaigh do rogha teanga ón liosta anuas ag an mbarr ar dheis. Tá fáil ar theangacha breise ar leathanaigh áirithe trí roghnóir teanga.

    Tá faisnéis speisialaithe ar fáil i dtrí phríomhtheanga an láithreáin gréasáin agus sa teanga is mó atá i réim i measc spriocphobal na faisnéise.

    Tugaimid cluas do shaoránaigh nuair a bhíonn ceisteanna nó nithe is údar imní acu faoi thionscadail, beartais nó gníomhaíochtaí de chuid an BEI. Mar sin, is féidir le saoránaigh ceisteanna a chur chuig an BEI ina rogha teanga oifigiúil de chuid an AE agus tá an fhoirm ghearáinagus an fhoirm chun iompar toirmiscthe ag Grúpa an BEI a thuairisciú ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an AE.