- An méid is mó maoiniú ar son slándáil fuinnimh curtha ar fáil in 2025 – €11.6 billiún infheistithe in eangacha Eorpacha, thart ar an tríú cuid den infheistíocht iomlán san aistriú fuinnimh
- Leis an gclár maoinithe is mó riamh do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí i mbéal forbartha agus do bhonneagar teicneolaíochta, tá seasamh Ghrúpa an BEI daingnithe mar bhunchloch éiceachóras caipitil fiontair an Aontais Eorpaigh
- I mbliain chinniúnach ina ndearnadh cinntí stairiúla: raon na n-infheistíochtaí slándála agus cosanta leathnaithe, méadú faoi cheathair tagtha ar mhaoiniú don earnáil go beagnach 5% de ghnó bliantúil Ghrúpa an BEI san AE
- Méadú 50% ar mhaoiniú faoi chomhair nuálaíocht, athchóiriú agus tógáil tithíochta, agus níos mó ná leath de mhaoiniú Ghrúpa an BEI san AE curtha i dtreo tionscadail i réigiúin chomhtháthaithe
Tá Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ag cur lán a acmhainne i ngníomh agus ag cur maoiniú bliantúil €100 billiún – an méid is mó riamh – ar fáil chun tacú le hiomaíochas, slándáil agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa. Léiríonn na torthaí ar ghníomhaíocht Ghrúpa an BEI in 2025 gur baineadh amach buaicphointí stairiúla maidir le hinfheistíocht nua san aistriú glas, san aistriú digiteach, i slándáil agus cosaint na hEorpa, i dtosaíochtaí coiteanna ar nós tithíochta, agus ar son comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí fiúntacha a neartú san Úcráin, i dtíortha aontachais agus ar fud an domhain.
“Is sárchumhacht í an Eoraip, agus ní mór dúinn gníomhú dá réir sin agus muinín a bheith againn as ár n-acmhainn féin,” arsa Uachtarán Ghrúpa an BEI, Nadia Calviño. “Tá difríocht á déanamh ag Grúpa an BEI. Táimid ag infheistiú i rathúnas coiteann, slándáil, neamhspleáchas straitéiseach agus luachanna Eorpacha ionas go mbeidh an Eoraip in ann seasamh lena gealltanais do shaoránaigh agus do chomhpháirtithe.”
I dtreo shaol an lae amárach
Chuaigh beagnach 60% de mhaoiniú iomlán Ghrúpa an BEI in 2025 chuig tionscadail ghlasa, idir eangacha móra fuinnimh, idirnascairí, réitigh stórála, ghiniúint fuinnimh in-athnuaite agus teicneolaíochtaí glana um thionscail throma a dhícharbónú, chomh maith le hinfheistíocht san oiriúnú don athrú aeráide, amhail bonneagar uisce, le hathléimneacht geilleagar agus sochaithe a fheabhsú.
Cuireadh €11.6 billiún, an méid is mó riamh, i leataobh do thionscadail eangaí agus stórála le tacú le slándáil an tsoláthair cumhachta. Meastar go gcuideoidh an maoiniú a síníodh anuraidh le 56,000 km de línte cumhachta a thógáil nó a uasghrádú, amhail idirnascaire ceannródaíoch i mBá na Bioscáine idir Leithinis na hIbéire agus an Fhrainc, cábla faoi uisce a nascann dhá réigiún i lár na hIodáile, agus eangacha áitiúla agus bonneagar cumhachta bardasach sa Ghearmáin.
Thacaigh maoiniú ó Ghrúpa an BEI in 2025 leis an gcúigiú cuid den acmhainn nua grianchumhachta a suiteáladh, ceann as gach trí thionscadal gaoithe ar tír, chomh maith le formhór mór na dtionscadal gaoithe amach ón gcósta. Thacaigh táirgí maoinithe saincheaptha le tionscail déantúsaíochta gaoithe agus eangaí an AE, agus meastar go mbeidh laghdú ar bhillí do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide agus do theaghlaigh mar gheall ar na hardleibhéil infheistíochta atá déanta san éifeachtúlacht fuinnimh. Thacaigh maoiniú ó Ghrúpa an BEI le thart ar an tríú cuid den infheistíocht ar fad san aistriú fuinnimh a rinneadh san AE anuraidh.
Chomh maith le teicneolaíochtaí glana, tá Grúpa an BEI ag tacú le nuálaíocht Eorpach sa tsláinte agus sa bhiteicneolaíocht, san intleacht shaorga agus i dteicneolaíochtaí bunathraitheacha eile, i mbonneagair dhigiteacha agus in amhábhair ríthábhachtacha. Le seoladh an chláir maoinithe is mó riamh ar son na nuálaíochta, TechEU, anuraidh, tá sé i gceist ag Grúpa an BEI infheistíocht nach lú ná €250 billiún a spreagadh faoi 2027, rud a chinnteoidh go mbeidh smaointe, teicneolaíochtaí agus comhlachtaí nuálacha de bhunadh an AE in ann fanacht, fás agus teacht faoi bhláth anseo san AE. Meastar go mbeidh an maoiniú a cuireadh ar fáil anuraidh ina chúis le hinfheistíocht breis is €100 billiún, a rachaidh chun tairbhe do neart rudaí, ó líonraí 6G faoi thiomáint IS go déantúsaíocht leathsheoltóirí.
Mar bhunchloch an mhaoinithe nuálaíochta, chuir an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) – fochuideachta maoinithe riosca an BEI – beagnach €16 billiún de ráthaíochtaí agus maoiniú cothromais ar fáil do ghnólachtaí beaga agus nuathionscanta ar fud an AE. Meastar gurb é an Ciste Eorpach Infheistíochta a bhí taobh thiar de beagnach an ceathrú cuid den chaipiteal fiontair ar fad a thiomsaigh cistí Eorpacha an bhliain seo caite. Sna míonna amach romhainn, tá sé chun tionscnamh dá chuid, Tionscnamh Crann Taca Teicneolaíochta na hEorpa, a leathnú d'fhonn cur leis an rath ollmhór a bhí ar an gcéad chéim, a chuir bonn cheana féin faoi bhunú 12 chiste ollmhóra caipitil fiontair san Eoraip agus méadú ar 35 gnólacht nuathionscanta – naoi n-aonbheannach ina measc.
Slándáil agus cosaint
Mar fhreagairt ar an tírdhreach geopolaitiúil nua, chuir Grúpa an BEI go mór le raon a chuid gníomhaíochtaí i réimse na slándála agus na cosanta, agus thosaigh ag plé le tionscadail atá dírithe ar úsáid mhíleata. Tháinig méadú faoi cheathair ar infheistíochtaí slándála agus cosanta go níos mó ná €4 billiún, beagnach 5% de mhaoiniú iomlán Ghrúpa an BEI san AE.
A bhuíochas leis an athrú ó bhonn sin, tá ról ceannródaíoch anois ag Grúpa an BEI maidir le síocháin agus slándáil a chosaint do shaoránaigh an AE, le tionscadail shuaitheanta ó champaí míleata agus saoráidí cothabhála, go taighde agus forbairt in ardchórais radair agus eitleonaic, agus ó bhraiteoirí atá riachtanach chun sócmhainní na hEorpa ar ghrinneall na farraige agus faoi uisce a chosaint go bonneagar cibearshlándála agus cumas spáis.
Níos mó ná sin, tá Grúpa an BEI ina cheannródaí do thionscal airgeadais an AE, ag spreagadh tacaíochta do chomhlachtaí a thacaíonn le cumas bactha na hEorpa. Trí chomhaontuithe iasachta idirmheánaí arna síniú le bainc thráchtála sa Ghearmáin, sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Ghréig agus san Ostair, tá Grúpa an BEI ag éascú rochtana ar mhaoiniú do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide i slabhra soláthair chonraitheoirí cosanta móra na hEorpa, agus tá an CEI, mar infheisteoir ancaire, ag cothú éiceachóras caipitil fiontair a infheistíonn i ngnólachtaí cosanta le cur chuige uile-Eorpach.
Bonn a chur faoi shamhail agus luachanna eacnamaíocha na hEorpa
Tá Grúpa an BEI ag díriú ar infheistíochtaí a chuireann bonn taca faoi mhúnla agus luachanna eacnamaíocha na hEorpa. Ní raibh infheistíochtaí ar son comhtháthú chomh hard riamh, agus chuaigh níos mó ná 50% d’infheistíocht iomlán an Ghrúpa san AE chuig tionscadail i réigiúin lagfhorbartha san Eoraip.
Seoladh Plean Tithíochta Inacmhainne agus Inbhuanaithe Ghrúpa an BEI (ar fáil in EN, FR agus DE) in 2025 i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, agus mhéadaigh sé maoiniú Ghrúpa an BEI le haghaidh nuálaíochta, athchóiriú agus foirgnimh nua go níos mó ná €5 billiún, suas beagnach 50% ar bhonn bliantúil. Tá méadú eile beartaithe do 2026, leis. Ó áitribh do mhic léinn sa Ghréig, go tithíocht shóisialta sa Bheilg, ó ospidéil agus saoráidí sláinte sa Spáinn, go bunscoileanna sa Fhrainc, tá maoiniú le haghaidh an bhonneagair shóisialta a mbíonn tionchar aige ar shaoránaigh an AE gach lá ina phríomhthosaíocht do Ghrúpa an BEI.
Cuireadh maoiniú €8 billiún, an méid is mó riamh, ar fáil don talmhaíocht agus don bhithgheilleagar freisin, rud a neartaigh earnáil a bhfuil ríthábhacht ag baint léi do gheileagar agus do shlándáil bhia na hEorpa, a thacaigh le pobail thuaithe, agus a chruthaigh saol inmharthana d’fheirmeoirí óga agus nua, a mbíonn bacainní maoinithe le sárú acu go minic
Caidrimh agus comhpháirtíochtaí a chothú ar fud an domhain a mbainfidh cách leas astu
Chomh maith leis sin, chuir Grúpa an BEI níos mó ná €9 billiún ar fáil d'oibríochtaí BEI Domhanda d'fhonn comhpháirtíochtaí domhanda a chothú lena ndaingnítear an Eoraip mar chomhpháirtí ar féidir brath air i saol atá ag athrú, agus lena bhfeabhsaítear dálaí maireachtála in go leor áiteanna. Mar shampla, in 2025, chuir Grúpa an BEI maoiniú €5 billiún ar fáil do thionscadail uisce ar fud an domhain – an méid is mó riamh.
Tugadh an méid is mó maoinithe riamh don Úcráin, agus os cionn €4 billiún curtha ar fáil anois ó chuir an Rúis tús leis an ionradh. Tá tionscadail nua á síniú nó á n-oscailt gach coicís anois, ó scoileanna, ospidéil agus áiseanna pobail go téamh ceantair agus soláthar cumhachta.
Glacadh le treoshuíomh straitéiseach de chuid BEI Domhanda in 2025, rud a chuir ár n-oibríochtaí i gcomhréir go hiomlán le tosaíochtaí beartais an AE. Is é an BEI an t-airgeadóir poiblí is mó ar domhan i réimse an uisce agus is ceannaire domhanda é a infheistíonn sa tsláinte, san fhuinneamh glan agus san iompar. Tugann infheistíochtaí sa tacaíocht don earnáil phríobháideach agus san fhiontraíocht deiseanna do dhaoine óga agus do mhná i ngeilleagair atá ag teacht chun cinn.
Tuilleadh á dhéanamh agus é á dhéanamh níos fearr
I gcomhthráth le méid a chuid gníomhaíochtaí a mhéadú, tá cuíchóiriú déanta ag Grúpa an BEI ar a phróisis inmheánacha d'fhonn dlús a chur le cinntí infheistíochta agus an t-am a thógann sé le dul chun margaidh a ghiorrú. Tá ionaid ilfhreastail tugtha isteach do chliaint, le seiceálaithe infheistíochta agus le húsáid creataí rialála bunaithe, atá deartha chun cabhrú le fiontraithe Eorpacha an maoiniú ceart a fháil, ag an am ceart, agus ar an scála ceart chun difríocht a dhéanamh.
Is féidir teacht ar an tuarascáil ghníomhaíochta ar fad, lena n-áirítear liosta de na príomhthionscadail, anseo
Is féidir teacht ar achoimre ar na príomhfhigiúirí maidir le 2025 anseo: [EN] [FR] [DE] [IT] [ES]
Cuirfear torthaí oibriúcháin bliantúla Ghrúpa an BEI, lena n-áirítear tionscadail shamplacha, ar fáil anseo i ndiaidh na preasócáide
Photographe: Liam McEvoy
©EIB
Télécharger original
Photographe: Liam McEvoy
©EIB
Télécharger original
Photographe: Liam McEvoy
©EIB
Télécharger original
Photographe: Liam McEvoy
©EIB
Télécharger original
Photographe: Liam McEvoy
©EIB
Télécharger original
Photographe: Liam McEvoy
©EIB
Télécharger original