Leas-Ard-Stiúrthóir
- 98-100, boulevard Konrad Adenauer
- L-2950 Luxembourg
- Luxembourg
Curriculum Vitae
Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.
Ceapadh Elina Roine ina Leas-Ardstiúrthóir ar an Stiúrthóireacht Oibríochtaí (OPS) an 1 Meán Fómhair 2024.
Chomh maith lena ról nua, tá sí fós i gceannas ar an Rannóg Pleanála agus Tacaíochta Gnó laistigh de OPS, post atá aici ó bhí mí na Nollag 2021 ann.
Sular thosaigh sí sa ról atá aici faoi láthair mar Stiúrthóir, bhunaigh sí Oifig Aeráide OPS agus bhí sí i gceannas uirthi ar feadh dhá bhliain, áit ar thacaigh sí le haistriú an BEI ina bhanc aeráide agus a raibh sí ar thús cadhnaíochta san obair le Treochlár an Bhainc Aeráide a chur chun feidhme. Díol suntais é chomh maith go bhfuil Elina agus foireann OSD chun tosaigh maidir le haistear claochlaithe dhigitigh an Bhainc maidir le hoibríochtaí líne tosaigh.
Thosaigh Elina leis an BEI in 2006 mar Oifigeach Iasachta. Bhí sí freagrach as margadh na Gearmáine, áit a ndearna sí plé le roinnt deighleoga custaiméirí agus táirgí, idir chorparáidí agus institiúidí airgeadais, oibríochtaí ardriosca san earnáil phríobháideach agus mhaoiniú bonneagair san earnáil phoiblí. Ceapadh ina ceannasaí í ar Rannán na Gearmáine in 2013 agus, ina dhiaidh sin, bhog sí le dul i mbun an Rannáin Chorparáidigh i Rannóg Mhuir Bhailt agus Thuaisceart na hEorpa.
Chuir sí tús lena gairm bhaincéireachta le Nordea Group i Heilsincí, áit ar thug sí aghaidh ar dtús ar an mbainistíocht riosca. Bhog sí isteach i ról líne tosaigh sa bhaincéireacht idirnáisiúnta ina dhiaidh sin. D’aistrigh sí go Londain in 2001 le dul ag obair don Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (EBRD). Mar chuid de ghrúpa gnó na nInstitiúidí Airgeadais, d’oibrigh sí i roinnt tíortha inar oibrigh an EBRD agus bhí sí i gceannas ar idirbhearta a bhain le fiachas sinsearach, creidmheas trádála agus cothromas, go dtí gur bhog sí chuig an BEI.
Tá céim mháistreachta ag Elina san eolaíocht pholaitiúil agus san eacnamaíocht ó Ollscoil Heilsincí, mar aon le céim mháistreachta iarchéime san ardléann idirnáisiúnta ó Scoil an Léinn Idirnáisiúnta i Vín.