>@EIB
  • Ardoifigigh déanta beartas, ceannairí gnó, acadóirí, agus ionadaithe don tsochaí shibhialta bailithe le chéile i Lucsamburg don dara heagrán d’Fhóram Ghrúpa an BEI
  • De réir thuarascáil shuaitheanta an BEI, a foilsíodh inniu, tá méadú tagtha ar an méid atá á infheistiú ag gnólachtaí Eorpacha sa digitiú, san éifeachtúlacht fuinnimh agus in éagsúlú an tslabhra soláthair
  • Béim leagtha ag Calviño ar ról na hinfheistíochta i dtacú le hiomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa

Tá geilleagar agus gnólachtaí na hEorpa ag léiriú go bhfuil teacht aniar den scoth iontu d’ainneoin dhúshláin uile an tsaoil faoi láthair, de réir Thuarascáil Infheistíochta an BEI, a foilsíodh inniu. Freagairt dhea-chomhordaithe na hEorpa ó thaobh beartais de ba chúis leis an teacht aniar sin agus leis an méid ar baineadh amach san am atá thart, rud ar cheart dó a bheith ina threoirphlean anois don am atá le teacht, arsa Uachtarán an BEI, Nadia Calviño, ag oscailt an dara heagrán d’Fhóram Ghrúpa an BEI.

“Tá ríthábhacht ag baint le hinfheistíocht leanúnach, le tacaíocht chomhordaithe bheartais ón Aontas Eorpach, le dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus le glacadh teicneolaíochtaí nua,” a dúirt Calviño sular thug sí an eochairóráid do ní ba mhó ná 800 rannpháirtí san Fhóram i Lucsamburg. “Tá iomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa ag brath go mór ar acmhainní a roinnt, ar chaipiteal príobháideach a mhealladh isteach, agus ar chomhpháirtíochtaí a chothú laistigh dár nAontas agus níos faide i gcéin. Tá an Eoraip in ann ag an dúshlán agus beidh linn.”

Tabharfaidh an 2ú heagrán d’Fhóram Ghrúpa an BEI ardoifigigh déanta beartas, ceannairí gnó, acadóirí, agus ionadaithe don tsochaí shibhialta le chéile. Thar dhá lá, pléifidh na rannpháirtithe na tosaíochtaí atá ag an Aontas agus na dúshláin atá le sárú aige ó thaobh beartais de, chomh maith lena bhfuil i ndán do gheilleagar na hEorpa roimh thoghcháin Pharlaimint an Aontais Eorpaigh i mí an Mheithimh. Taobh thiar den phlé ar fad ar ndóigh beidh an éagobhsaíocht agus an choinbhleacht gheopholaitiúil dhomhanda atá ann faoi láthair.

I measc na gcainteoirí beidh Príomh-Aire Lucsamburg, Luc Frieden, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, Príomh-Aire na hAlbáine, Edi Rama, Leasuachtaráin Feidhmiúcháin de chuid na Comhairle Eorpaí, Valdis Dombrovskis agus Maroš Šefčovič, Coimisinéirí de chuid an Aontais Eorpaigh, Wopke Hoekstra, Mairead McGuinness agus Kadri Simson, chomh maith le roinnt airí, feidhmeannaigh shinsearacha agus ardoifigigh déanta beartas as áiteanna ar fud na hEorpa agus an domhain.

Tabharfaidh an Fóram, a dhéanfar a bheoshruthú, aghaidh ar théamaí an iomaíochais agus na slándála fuinnimh, na nuálaíochta agus neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa, na hinfheistíochta chun tacú leis an gcomhtháthú agus leis an aistriú digiteach, chomh maith leis na dúshláin a bhaineann le méadú an Aontais Eorpaigh agus leis an aistriú glas. Taobh thiar den phlé beidh Tuarascáil Infheistíochta an BEI, ina léirítear go bhfuil méadú tagtha ar an méid atá á infheistiú ag gnólachtaí Eorpacha sa nuálaíocht, san éifeachtúlacht fuinnimh agus in éagsúlú an tslabhra soláthair.

Tugtar rabhadh sa tuarascáil, áfach, go mbeidh dúshlán infheistíochta ann amach anseo toisc go bhfuil cúlchistí airgeadais na ngnólachtaí féin, a d’fheidhmigh mar mhaolán, ag éirí gann. Leagtar béim sa tuarascáil ar an deighilt atá ann idir gnólachtaí a athraíonn iad féin ó bhonn le fanacht iomaíoch agus iad siúd a thiteann ar gcúl. Tá an deighilt chéanna le sonrú i measc gnólachtaí atá dian ar fhuinneamh agus is mó a mbeidh tionchar ag an aistriú i dtreo na neodrachta orthu dá bhrí sin. Agus iad siúd atá chun tosaigh sa phróiseas dícharbónaithe ag infheistiú agus ag nuáil níos mó agus níos mó, tá an baol ann go n-éireoidh an deighilt daingean.

Is léir go bhfuil infheistíocht na hEorpa níos athléimní ná mar a bhí i ngéarchéimeanna roimhe seo, cé go bhfuil bearna san infheistíocht tháirgiúil idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe fós ina bagairt d’iomaíochas na hEorpa. Thairis sin, ní mór an infheistíocht chéanna a dhéanamh i scileanna agus i mbonneagar sóisialta agus atá á dhéanamh i dteicneolaíocht nua agus i nuálaíocht chun cáilíocht na beatha agus an comhtháthú sóisialta a choinneáil.

“Príomhthosaíochtaí iad an t-athrú struchtúrach ó bhonn, an nuálaíocht, an digitiú agus an dícharbónú le hiomaíochas an Aontais Eorpaigh a chaomhnú,” arsa Príomheacnamaí an BEI, Debora Revoltella. “Ní mór dúinn cur leis an méid a infheistímid sna réimsí seo, maoiniú ar leith a chur ar fáil le príomhtheicneolaíochtaí a mhéadú agus timpeallacht chumasúcháin a chruthú d’fhonn bacainní agus neamhchinnteachtaí a laghdú. Is féidir le torthaí na Tuarascála Infheistíochta a bheith mar threochlár don lucht déanta beartas agus d’infheisteoirí agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin agus na deiseanna atá ann faoi láthair.”

Ag caitheamh súil chun cinn, beidh idirghabhálacha beartais atá idir éifeachtach agus spriocdhírithe ag teastáil le luas an athraithe ó bhonn a choinneáil. Is tosaíocht é leas iomlán a bhaint as na pleananna infheistíochta poiblí atá ann cheana agus is rud é sin atá fite fuaite le cothrom na Féinne a chaomhnú sa Mhargadh Aonair sa chaoi go bhféadfar lántairbhe a bhaint as. Meastar go dtagann méadú 1 phointe céatadáin ar ráta infheistíochta na ngnólachtaí (mar chéatadán dá gcuid sócmhainní) nuair a fhaightear réidh le 1 bhacainn infheistíochta.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach an leagan iomlán de Thuarascáil Infheistíochta an BEI anseo.

Lean Fóram Ghrúpa an BEI ar na meáin shóisialta faoin haischlib: #EIBForum

Faisnéis chúlra

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (an BEI) institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil faoi chomhair infheistíochtaí stuama a dhéanfaidh a gcion féin le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Cuireann tionscadail an BEI le hiomaíochas, spreagann nuálaíocht, cuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn, feabhsaíonn comhtháthú sóisialta agus críochach, agus tacaíonn le haistriú cóir cothrom agus tapa chuig an aeráidneodracht.

Shínigh Grúpa an BEI, a bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) ina chuid de, luach €88 billiún de mhaoiniú nua le haghaidh breis agus 900 tionscadal in 2023. Táthar ag súil go spreagfar thart ar €320 billiún d’infheistíochtaí mar thoradh ar na gealltanais sin, méid a thacóidh le 400,000 comhlacht agus 5.4 milliún post.

Na tionscadail uile a dtugann Grúpa an BEI maoiniú dóibh, tá siad ag teacht le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Ní chuireann Grúpa an BEI maoiniú ar fáil faoi chomhair infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise. Tá an chuma ar an scéal anois go n-éireoidh linn cur leis an ngealltanas a thugamar i dTreochlár an Bhainc Aeráide le tacú le hinfheistíocht €1 trilliún san inbhuanaitheacht aeráide agus chomhshaoil sna deich mbliana go dtí 2030. Tacaíonn os cionn leath de mhaoiniú bliantúil Ghrúpa an BEI le tionscadail a chuireann go díreach le maolú an athraithe aeráide, le hoiriúnú don athrú aeráide agus le comhshaol níos sláintiúla.

Bíonn thart ar leath de mhaoiniú an BEI laistigh den Aontas Eorpach dírithe ar réigiúin chomhtháthaithe, áit a bhfuil an t-ioncam per capita níos ísle. Leagann sé sin béim ar an dúthracht a chaitheann an Banc le fás cuimsitheach a chothú agus le caighdeáin mhaireachtála a dhéanamh comhionann.

Maidir le Tuarascáil Infheistíochta an BEI

Is í Tuarascáil Infheistíochta an BEI tuarascáil shuaitheanta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Tá sí deartha le bheith ina huirlis faireacháin agus, chuige sin, tugtar forléargas cuimsitheach inti ar na forbairtí i réimse na hinfheistíochta agus an mhaoinithe infheistíochta san Aontas Eorpach. Cuirtear le chéile sa tuarascáil anailís inmheánach an BEI agus torthaí na hoibre a dhéanaimid i gcomhar le príomh-shaineolaithe le míniú a thabhairt ar threochtaí margaidh agus le breathnú go mion ar fhócas téamach ar leith. Léiriú é eagrán 2023-2024 ar theacht aniar gheilleagar an Aontais Eorpaigh in aghaidh tuairteanna agus ar an gcumas atá ann é féin a athnuachan, rudaí a fhágann gur féidir infheistíocht tháirgiúil phoiblí agus phríobháideach a bhaint amach. Áirítear ann na torthaí is déanaí ó Shuirbhé Bliantúil Infheistíochta an BEI, atá bunaithe ar na freagraí a fuarthas ó thart ar 12 500 gnólacht ar fud na hEorpa ar réimse leathan ceisteanna maidir leis an infheistíocht chorparáideach agus an maoiniú infheistíochta.