>@EIB
  • Tacaíocht ní ba mhó ná €17 billiún aontaithe in 2022 do thionscadail a chuirfidh le neamhspleáchas an Aontais ó iompórtálacha breosla iontaise.
  • An sprioc le 50% ar a laghad dá chuid maoinithe a chur i dtreo an ghníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil sáraithe ag an BEI, i bhfad roimh an sprioc in 2025.
  • Beidh tacaíocht d’infheistiú ar son iomaíochas na hEorpa a chosaint agus spriocanna beartais an Aontais a chur chun cinn ar fud an domhain i measc na bpríomhthosaíochtaí i mbliana.

Shínigh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ní ba mhó maoinithe ná riamh ar son athnuaiteán, éifeachtúlachta, stórála agus eangacha in 2022, rud a d’aibhsigh go bhfuil Banc an AE ag obair gan stad ná staonadh le rochtain ar fhuinneamh inacmhainne a chinntiú tráth a bhfuil éiginnteacht ollmhór ina scamall ar an saol. Chuaigh méid iomlán an mhaoinithe ón BEI le haghaidh tionscadail fuinnimh inbhuanaithe laistigh den Aontas Eorpach chomh hard le €17.06 billiún, méid nach bhfacthas riamh cheana, mar a thosaigh an Banc ag rolladh amach sainphacáiste tacaíochta faoi Phlean REPowerEU d’fhonn deireadh a chur leis an spleáchas ar iompórtálacha breosla ón Rúis.

Ba é €72.5 billiún méid iomlán an mhaoinithe ó Ghrúpa an BEI (an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta) anuraidh, méid a mheastar a spreagfaidh thart ar €260 billiún d’infheistiú agus a chruthóidh 950 000 post faoi 2026. Is le haghaidh tionscadail i réigiúin chomhtháthaithe a síníodh beagnach leath d’iasachtú an BEI san Aontas Eorpach (46%), rud a leagann béim ar thacaíocht an Bhainc d’fhás cothrom agus do chothromú ar fud an Aontais Eorpaigh.

“Rinneamar mar a gheallamar, sháraíomar ár spriocanna, chuireamar lenár bhfocal,” arsa Uachtarán an BEI, Werner Hoyer, ag seoladh thorthaí bliantúla an Ghrúpa sa Bhruiséil. “Tá banc an AE ag déanamh gach a bhfuil ar a chumas le drochiarmhairtí geilleagracha ionsaí Putin a mhaolú, ionsaí nach raibh údar ar bith leis, agus an bealach a réiteach ag an am céanna do théarnamh inbhuanaithe.”

Chuir an BEI fóirithint ar fáil don Úcráin a luaithe a bhris an cogadh amach agus d’íoc amach €1.7 billiún de mhaoiniú anuraidh d’fhonn tacú le deisiúcháin éigeandála ar bhonneagar sa tír a bhí fágtha ina smionagar ag buamáil na Rúise. Tá an Banc ag caitheamh dúthrachta i gcónaí le cur lena chuid gníomhaíochtaí san Úcráin, de réir an tsainordaithe a thug ceannairí an AE dó, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Is é BEI Domhanda an eite den BEI a dhéanann plé le comhpháirtíochtaí domhanda agus, de bhreis ar a thacaíocht don Úcráin, shínigh sé luach €9.1 billiún de mhaoiniú nua in 2022. Fágann sé sin gurb é €10.8 billiún luach iomlán oibríochtaí BEI Domhanda ó seoladh bliain ó shin é.

Mhéadaigh maoiniú glas ón BEI go mór arís go €36.5 billiún (58% den iomlán), rud a fhágann gur sheas an Banc lena fhocal go gcuirfí méid nár lú ná leath dá chuid acmhainní i dtreo an ghníomhaithe ar son na haeráide agus na hinbhuanaitheachta comhshaoil, i bhfad roimh an sprioc in 2025. Tríd is tríd, tá an chuma ar an scéal go mbainfidh Grúpa an BEI amach an sprioc atá aige le tacú le €1 trilliún de mhaoiniú glas as seo go ceann deich mbliana, go háirithe nuair a chuirtear sa mheá go bhfuil sé tar éis tacú le €222 billiún d’infheistiú cheana féin le dhá bhliain anuas.

“Anois agus na Stáit Aontaithe ag rolladh amach an chláir fóirdheontas glas is mó riamh, tá sé ríthábhachtach go gcoinneodh an Eoraip suas agus go gcoinneoimis orainn go dtí go mbainfimid amach ár sprioc, ní hamháin ar mhaithe lenár bpláinéad ach le hiomaíochas ár ngeilleagar a chosaint chomh maith,” a dúirt an tUachtarán Hoyer. “Déanfaidh banc an AE a chuid le nuálaíocht dár gcuid féin a mhaoiniú, nuálaíocht a thabharfaidh i dtreo na neodrachta muid.”

Gníomhaíochtaí an CEI

In 2022, gheall an CEI ní ba mhó ná €9 billiún do ghnólachtaí beaga agus do thionscadail aeráide agus bhonneagair, méid a mheastar a spreagfaidh thart ar €97 billiún d’infheistiú le tacú le haistriú ionchuimsitheach chuig an neodracht aeráide, le digitiú thionscail na hEorpa agus le hiomaíochas fhiontraithe an AE. Díríodh thart ar aon trian den mhéid a síníodh ar réimsí na hinbhuanaitheachta agus an bhunathraithe ghlais, agus infheistíodh 27% i ngnóthaí beaga a bhí gníomhach i réimsí na nuálaíochta agus an digitithe.

Cé gur cosúil go mbeidh 2023 dúshlánach ó thaobh an gheilleagair de, tá sé beartaithe ag an CEI dul ar aghaidh le cur chun feidhme Chlár Iltéamach InvestEU agus cur leis le pleananna nua, leis, amhail Tionscnamh Sheaimpíní Teicneolaíochta na hEorpa, atá le seoladh sna seachtainí amach romhainn agus a thacóidh le nuálaíocht dár gcuid féin. Níos tábhachtaí fós, tacóidh infheistíochtaí cothromais an CEI i dtionscail ghlasa le Plean REPowerEU, arb aidhm leis deireadh a chur leis an spleáchas ar iompórtálacha breosla iontaise.

“Ag tógáil ar an obair atá déanta cheana féin, fanfaidh an CEI idir ghéarchúiseach agus sofhreagrúil ó thaobh oibríochta de, rachaidh i dtaithí ar an saol atá ag athrú timpeall orainn, agus déanfaidh gach iarracht acmhainní poiblí a dhíriú go héifeachtach ar an áit is mó a bhfuil gá leo,” a dúirt Príomhfheidhmeannach an CEI, Marjut Falkstedt. “Leanfaimid orainn ag tacú le gnólachtaí beaga Eorpacha agus ag cur ag an am céanna lenár gcuid oibre le réitigh airgeadais atá dírithe ar an inbhuanaitheacht, amhail cistí aeráide agus bonneagair.”

Freagairt don phaindéim

Rinne Grúpa an BEI beart lena oiread maoinithe agus ab féidir a chur ar fáil go tapa do ghnólachtaí Eorpacha nuair a bhuail an phaindéim. Le tacaíocht ó 22 Ballstát, bhunaigh Grúpa an BEI an Ciste Ráthaíochta Eorpach (CRE), a chuaigh ar aghaidh le €20.9 billiún (as an €24.4 billiún a bhí ar fáil) d’iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas agus maoiniú cuasachothromais a shíniú taobh istigh de dhá bhliain. Chuir an t-airgead sin ar chumas gnólachtaí, gnólachtaí beaga agus meánmhéide go háirithe, an phaindéim a sheasamh sa ghearrthéarma agus ansin fás leis an bpaindéim a fhágáil ina ndiaidh. Táthar ag súil go spreagfaidh an maoiniú uile a síníodh faoin CRE €183.5 billiún d’infheistiú i ngeilleagar na hEorpa.

Faisnéis chúlra

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta institiúid iasachtaithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh agus is leis na Ballstáit é. Cuireann sé maoiniú ar fáil i gcomhair infheistiú fónta a chuireann le spriocanna beartais an Aontais, lena n-áirítear aistriú cóir cothrom domhanda chuig an neodracht aeráide. Fochuideachta de chuid an BEI is ea an CEI agus tá sé ar an airgeadaí caipitil fiontair agus cothromais phríobháidigh is mó dá bhfuil san Eoraip.

Ag preasagallamh sa Bhruiséil an 2 Feabhra 2023, nocht Grúpa an BEI lógó nua freisin, a fhágann go bhfuil a bhrandáil chorparáideach agus a fhéiniúlacht amhairc ag teacht anois le brandáil institiúidí agus comhlachtaí eile an AE. Ar dhá phríomhghné atá an lógó nua bunaithe: bratach na hEorpa agus gné ghrafach a léiríonn scáthchruth cheannáras Ghrúpa an BEI i Lucsamburg.

Supporting documents and data

Key figures summary

President Hoyer: Overview of 2022 activities (eib.org)