Stiúrthóir
- 98-100, boulevard Konrad Adenauer
- L-2950 Luxembourg
- Luxemburg
Curriculum Vitae
Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.
Ceapadh Sonia Hidalgo Bodega ina Leas‑Ard‑Stiúrthóir ar Stiúrthóireacht an Phríomh‑Rialaitheora Airgeadais an 1 Bealtaine 2025.
Chomh maith lena ról nua, tá sí fós i gceannas ar an Rannóg Eastáit Réadaigh Chorparáidigh laistigh den Stiúrthóireacht, post atá aici ó mhí na Nollag 2019. Mar an Stiúrthóir Eastáit Réadaigh Chorparáidigh agus i gcomhar le foireann na Stiúrthóireachta, tá Sonia ag tacú le Straitéis Eastáit Réadaigh Ghrúpa an BEI agus leis an gClár Corparáideach Aeráide, agus á gcur chun feidhme. Beidh timpeallacht oibre den chéad scoth (seirbhísí eastáit réadaigh, ionaid oibre agus saoráidí) ann mar thoradh orthu, a bheidh dírithe ar thrí phríomhcholún: daoine, an pláinéad agus feidhmíocht.
Thosaigh Sonia i nGrúpa an BEI i mí an Mhárta 2009 mar Cheann Roinne um Thacaíocht Theicniúil agus Ailtireacht laistigh den Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise (TF). I mí Eanáir 2014, ceapadh ina Ceann Roinne í in Oifig Bainistíochta TF, áit ar chuir sí na trasfheidhmeanna ba ghá ar fáil le straitéis fhoriomlán TF, ailtireacht agus punann na gclár a bhainistiú. I mí na Samhna 2016 ceapadh Sonia ina Stiúrthóir ar an Rannóg Tras‑Sheirbhísí TF, a bhí freagrach as bonneagar TF, córais chomhtháthaithe agus trasfheidhmeanna. Is ann a bhí sí go dtí Eanáir 2019, tráth ar bhog sí go dtí Eastát Réadach Corparáideach.
Sular thosaigh sí le Grúpa an BEI, bhí róil theicniúla agus bhainistíochta ag Sonia i roinnt comhlachtaí mór le rá, leithéidí T‑Mobile, Orange, Deutsche Bank, Nike agus Philips, áit a raibh sí i gceannas ar fhoirne, ag bainistiú seirbhísí agus ag brú nuálaíochta chun cinn ar fud réimse na teicneolaíochta faisnéise.
Tá céim bhaitsiléara san Eolaíocht Ríomhaireachta ag Sonia ó Ollscoil Alcalá de Henares agus céim mháistreachta iarchéime sa Bhainistíocht Teicneolaíochta Faisnéise ó Ollscoil Delft.