Suche starten DE menü Kundenportal der EIB-Gruppe
Suche starten
Ergebnisse
Top-5-Suchergebnisse Alle Ergebnisse anzeigen Erweiterte Suche
Häufigste Suchbegriffe
Meistbesuchte Seiten
Jean-Christophe LALOUX

Ard-Stiúrthóir; Ceann Oibríochtaí

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxemburg

Curriculum Vitae

Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.

Is é Jean-Christophe Laloux Ard-Stiúrthóir agus Ceann na nOibríochtaí Iasachtaithe agus Comhairleacha laistigh den Aontas Eorpach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, institiúid maoinithe fhadtéarmaigh an Aontais Eorpaigh.

Agus é ag obair ar an líne thosaigh leis an BEI le 10 mbliana anuas, tá plé déanta ag foirne faoina stiúir le luach níos mó ná leath trilliún euro d’oibríochtaí nua iasachtaithe. Bhí baint lárnach aige le múnla feidhmithe gnó an Bhainc a athrú ó bhonn. Faoina cheannaireacht agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, tá go leor ionstraimí nua maoinithe ardtionchair forbartha ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), lena n-áirítear fiachas fiontair do chuideachtaí nuathionscanta ardteicneolaíochta (thart ar €6 billiún infheistithe in 300 cuideachta faoi láthair), ionstraimí roinnte riosca i gcomhpháirtíocht le bainc Eorpacha, cineálacha cur chuige nua i leith foirgníochta, riosca trádála agus teicneolaíochta i struchtúir airgeadais tionscadal, síntiús ancaire ar phríomhmhargaí maidir le heisiúint bannaí glasa ag corparáidí Eorpacha agus frithráthaíochtaí do thionscal gaoithe na hEorpa (€5 billiún faoi láthair). Na laethanta seo, tá 75% de chliaint an Bhainc ina gcontrapháirtithe san earnáil phríobháideach. Tá an tUasal Laloux tiomanta do choincheap an ghlactha riosca níos bríomhaire ag an BEI, rud a thugann breisluach do chliaint, don gheilleagar agus do mhuintir na hEorpa.

Bhí príomhphoist éagsúla aige ó thosaigh sé leis an BEI in 1999 agus ba é Ceannaire Acmhainní Daonna an BEI é freisin ó 2011 go 2013.

Sular thosaigh sé leis an mBanc, bhí sé ina shainchomhairleoir bainistíochta le Boston Consulting Group agus PricewaterhouseCoopers.

Tá céim san Innealtóireacht Tráchtála aige ó Ollscoil Chaitliceach Leuven, Iarchéim sa Bhainistíocht (magna cum laude) ó Ollscoil Ghent, mar aon le Máistir sa Riarachán Gnó (Pas le Gradam) ó Scoil Bhainistíochta Kellogg, Ollscoil an Iarthuaiscirt, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá Béarla, Fraincis, Gearmáinis agus Ollainnis ar a thoil aige.