Ard-Stiúrthóir
- 98-100, boulevard Konrad Adenauer
- L-2950 Luxembourg
- Luxemburg
Curriculum Vitae
Ar fhaisnéis a chuir an duine féin ar fáil don BEI atá an CV seo bunaithe.
Thosaigh Cyril Rousseau sa Bhanc Eorpach Infheistíochta mar Ard-Stiúrthóir na Stiúrthóireachta Airgeadais an 1 Deireadh Fómhair 2023. Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach roimhe sin ar Agence France Trésor, post ar thosaigh sé ann in 2021.
Bhain Cyril Rousseau céimeanna amach ó École Polytechnique agus École nationale supérieure de techniques avancées (ENSTA). Thosaigh sé a ghairm bheatha in 2001 i stiúrthóireacht soláthair Aireacht Cosanta na Fraince. Chuaigh sé isteach sa rannán idirnáisiúnta in Ard-Stiúrthóireacht an Státchiste (DGT) in 2004 sular ghlac sé le ról mar Cheann Oibríochtaí Margaidh ag Agence France Trésor idir 2006 agus 2009. Bhí sé ina cheann rannóige ar an Rannóg Cúnaimh Oifigiúil Forbartha agus Banc Forbartha Iltaobhach ag DGT (2009-2011), agus bhog sé go hAmbasáid na Fraince i mBéising mar Chomhairleoir Eacnamaíoch agus Airgeadais ansin. In 2014 ceapadh ina Leas-Stiúrthóir Bainistíochta é ar an gciste nua rialtais a cruthaíodh chun tacú leis na húdaráis áitiúla sa Fhrainc a bhí fágtha neamhchosanta ar dhliteanais ardriosca margaidh. Ag filleadh dó ar Roinn an Státchiste i mí na Samhna 2015, bhí sé ina leas-Rúnaí Cúnta um Ghnóthaí Airgeadais Iltaobhacha agus Forbairt, agus sa cháil sin bhí sé ina Leas-Chathaoirleach ar Chlub Páras agus ina bhall de Bhord Stiúrthóirí Bhanc Ceannais Stáit Iarthar na hAfraice agus de Bhord Stiúrthóirí an Chiste Aeráide Ghlais. Ó mhí Feabhra 2020, bhí sé ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Agence France Trésor.