Suche starten DE menü Kundenportal der EIB-Gruppe
Suche starten
Ergebnisse
Top-5-Suchergebnisse Alle Ergebnisse anzeigen Erweiterte Suche
Häufigste Suchbegriffe
Meistbesuchte Seiten
Christian ZINGLERSEN

Ard-Stiúrthóir agus Leas-Ard-Rúnaí

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxemburg

Curriculum Vitae

Tá an CV seo bunaithe ar eolas a chuir an duine i gceist ar fáil don BEI.

Is é Christian Zinglersen Ard-Stiúrthóir agus Buanionadaí Ghrúpa an BEI don AE. Feidhmíonn sé mar Leas-Ard-Rúnaí Ghrúpa an BEI freisin, agus é freagrach as ranna Straitéise agus Eacnamaíochta Ghrúpa an BEI, atá lonnaithe i Lucsamburg.

Sula ndeachaigh sé isteach sa ról atá aige anois, bhí Christian ina Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER, gníomhaireacht rialála fuinnimh an Aontais Eorpaigh) ar feadh nach mór sé bliana. Le linn a théarma oifige, tháinig méadú faoi dhó ar líon na mball foirne in ACER agus méadú faoi thrí ar a bhuiséid, rud is léiriú ar an méid oibre a bhí comhreachtóirí an AE agus an Coimisiún Eorpach ag cur faoi chúram na gníomhaireachta. Sular thosaigh sé le ACER, ba é an chéad Cheann ar an Rúnaíocht Aireachta Fuinnimh Ghlain a bhí á hóstáil ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) i bPáras.

Is i státseirbhís na Danmhairge atá cúlra Christian den chuid is mó. Bhí sé ina Leas-Rúnaí Buan in Aireacht Fuinnimh, Fóntas agus Aeráide na Danmhairge, áit a raibh sé freagrach as réimsí amhail punann an bheartais fuinnimh. Bhí sé i gceannas ar an gcaibidlíocht dhomhanda aeráide thar ceann Rialtas na Danmhairge freisin, rud a raibh Uachtaránacht na Danmhairge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ina dlaoi mhullaigh air in 2012. Thosaigh sé a ghairm bheatha i Seirbhís Eachtrach na Danmhairge agus cuireadh ar post é sa Bhruiséil i mBuanionadaíocht na Danmhairge chuig an Aontas Eorpach. Mhúin sé Dlí an Aontais in Ollscoil Chóbanhávan ar feadh roinnt blianta.

Tá céim mháistreachta sa Dlí ag Christian ó Ollscoil Chóbanhávan agus is céimí é de chuid an Chláir Ardbhainistíochta i Scoil Ghnó IESE agus de chuid Chlár na mBainisteoirí Sinsearacha Rialtais i Scoil Kennedy in Harvard.

Tá sé pósta le Christina, fiaclóir, agus tá ceathrar clainne acu: Frederik, Gustav, Maria agus Alexander.