Suche starten DE menü Kundenportal der EIB-Gruppe
Suche starten
Ergebnisse
Top-5-Suchergebnisse Alle Ergebnisse anzeigen Erweiterte Suche
Häufigste Suchbegriffe
Meistbesuchte Seiten
Magí CLAVÉ BADIA

Ard-Stiúrthóir

  • 98-100, boulevard Konrad Adenauer
  • L-2950 Luxembourg
  • Luxemburg

Curriculum Vitae

Tá an CV seo bunaithe ar eolas a chuir an duine i gceist ar fáil don BEI.

Thosaigh Magí Llorenç Clavé Badia leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (an BEI) mar Ard-stiúrthóir Chórais Faisnéise an Ghrúpa an 1 Bealtaine 2025.

D’fhóin sé roimhe seo mar an Príomhoifigeach Digiteach ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) in Washington, DC, áit ar bhrúigh sé bearta claochlaithe dhigitigh chun cinn ar fud na heagraíochta agus a raibh sé ina chathaoirleach ar Choiste Comhordúcháin Intleachta Saorga an CAI.

Roimhe sin, bhí sé ina Leas-Stiúrthóir Ginearálta i Rannóg Córas Faisnéise an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), áit a raibh sé freagrach as claochú digiteach na hinstitiúide, cur chun feidhme oibríochtúil an tsásra aonair maoirseachta agus sármhaitheas oibríochtúil a choinneáil i rith na géarchéime airgeadais.

Tá taithí ag Magí Clavé san earnáil phríobháideach chomh maith agus d'oibrigh sé mar Stiúrthóir TF ag Deutsche Bank sa Spáinn ar feadh deich mbliana.

Tá céimeanna baitsiléara agus máistreachta aige sna heolaíochtaí ríomhaireachta ó Universitat Autònoma Barcelona agus MBA ó ESADE. Chomh maith leis sin, chríochnaigh sé an Clár Ardbhainistíochta ag IESE agus Ollscoil Berkeley.