Search En menu en ClientConnect
Search
Results
Top 5 search results See all results Advanced search
Top searches
Most visited pages

    Éire agus an Banc Eorpach Infheistíochta

    Táimid ag obair in Éirinn ó bhí 1973 ann, ag tacú leis an earnáil cúraim sláinte, le gnólachtaí beaga, leis an digitiú agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh.

    Chuireamar airgead ar fáil le haghaidh tionscadail cúraim sláinte, amhail taighde leighis a rinne cuideachtaí Éireannacha, agus thacaíomar le clár náisiúnta sláinte inar baineadh leas as an Idirlíon agus as teicneolaíocht dhigiteach le freastal ar othair ó chian. Táimid ag cabhrú le hÉirinn a slándáil fuinnimh a fheabhsú, leis. Chuireamar le chéile le EirGrid agus RTE le tacú le tógáil an Idirnascaire Cheiltigh, cábla leictreachais a bheidh 575 ciliméadar ar fad agus a cheanglóidh Éire leis an bhFrainc. 

    Léargas d’aon amharc

    Cuireann an BEI maoiniú agus saineolas ar fáil i dtaca le tionscadail infheistíochta in Éirinn atá fónta agus inbhuanaithe.

    Gníomhaíocht Ghrúpa an BEI in Éirinn de réir tosaíochta

    (In € milliún, arna nuashonrú ag deireadh na bliana roimhe)

    Gníomhaíocht an BEI in Éirinn de réir earnála ó cuireadh tús le hoibríochtaí sa tír

    Scéalta maidir le saothar an BEI in Éirinn

    Faigh tacaíocht ón BEI in Éirinn

    Feabhsaímid saol saoránach san AE agus níos faide i gcéin. Tacaímid le gnólachtaí beaga agus, ag an am céanna, cuirimid leis an ngníomhú ar son na haeráide agus leis an nuálaíocht. Dírímid freisin ar an aistriú fuinnimh agus ar an inbhuanaitheacht uirbeach. Cruthaímid rathúnas i ngach réigiún den Aontas ionas go mbainfidh siad amach barr a gcumais.

    Tionscadail bheaga

    I gcás tionscadail bheaga (níos lú ná € 25m de ghnáth)

    Tionscadail mhóra

    I gcás tionscadail mhóra (níos mó ná € 25m)

    Seirbhísí comhairleacha

    Faigh cúnamh comhairleach agus teicniúil

    Suirbhé eacnamaíoch an BEI ar infheistíochtaí in Éirinn

    Le cúnamh ó na scórtha acadóirí, cleachtóirí agus ón lucht déanta beartas, rinne an BEI suirbhé ar 12,500 gnólacht agus 500 cathair mhór ar fud na hEorpa lena fháil amach céard atá ag spreagadh infheistíochtaí nó ag cur bac orthu.

    Déan teagmháil linn

    Údarás áitiúil nó corparáid mhór

    Déan teagmháil dhíreach linn inár n-oifig áitiúil

    Na Meáin

    Déan teagmháil lenár bpreasoifigeach

    Preasoifig:
    Tel.  +352 43791
    press@eib.org
    www.eib.org/press

    Fiosruithe ginearálta

    Déan teagmháil leis an Deasc Eolais má bhíonn ceisteanna agat maidir le saoráidí maoinithe, gníomhaíochtaí, eagar agus cuspóirí an BEI

    Déan teagmháil linn
    Teil.  +352 4379-22000
    Ceisteanna coitianta